An WHO ag iarraidh ar thíortha fáil amach ar thosaigh scaipeadh an ghalair níos túisce ná mar a síleadh

De réir staidéir a rinneadh i bPáras, bhí an coróinvíreas ar othar ar an 27 Nollaig, mí sular deimhníodh an chéad chás den ghalar sa Fhrainc

An WHO ag iarraidh ar thíortha fáil amach ar thosaigh scaipeadh an ghalair níos túisce ná mar a síleadh

Tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an WHO, ag iarraidh ar thíortha scagadh a dhéanamh ar sheanchásanna féachaint ar thosaigh scaipeadh an Covid-19 níos túisce ná mar a síleadh.

Tagann iarratas an WHO sna sála ar fhoilsiú staidéir i bPáras ina dtugtar le fios go raibh an coróinvíreas ar othar ar an 27 Nollaig, mí sular deimhníodh an chéad chás den ghalar sa Fhrainc.

Dúirt an WHO nach “ábhar iontais” torthaí an staidéir.

Ar 31 Nollaig a thug údaráis na Síne le fios don WHO gurbh ann don choróinvíreas nua agus ceapadh roimhe seo nár thosaigh sé ag scaipeadh san Eoraip go dtí mí Eanáir.

“Tugann seo pictiúr difriúil ar fad dúinn faoi chuile shórt,” arsa Christian Lindmeier, urlabhraí de chuid an WHO.

Dúirt sé gur thug an staidéar, a rinneadh in Ospideál Avicenne i bPáras, tuiscint níos fearr dúinn ar scaipeadh an ghalair.

Idir an dá linn, tá sé i gceist ag Aer Lingus athbhreithniú a chur ar bun i ndiaidh do phictiúr teacht chun solais d’eitleán dá gcuid agus é nach mór lán le paisinéirí. De réir dealraimh, ní raibh scoitheadh sóisialta de shaghas ar bith á chleachtadh ar an eitilt as Béal Feirste go dtí Heathrow, Londain.

Dúirt Aer Lingus go bhfiosrófaí an scéal mar “ábhar práinne”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Aerfort George Best i mBéal Feirste, Brian Ambrose, gur inné an chéad uair go raibh líon mór paisinéirí san aerfort agus dúirt sé go raibh 154 paisinéir ar an eitilt.

“Níor bhain na beartais a bhí i bhfeidhm inné againn amach an caighdeán ard a mbímid ag súil leis,” arsa Ambrose.

Dúirt sé go ndéanfadh lucht an aerfoirt gach iarracht teacht ar réiteach an scéil.

Dúirt sé, áfach, nach raibh aon fhuascailt faighte ag aon dream fós ar conas an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm ar eitleán.

Dúirt an HSE inniu gurb í a gcomhairle-san ná nár chóir do dhaoine miotóga a chaitheamh agus iad ag teacht agus ag imeacht nó ag siopadóireacht. “Má tá frídíní ar do mhiotóga, is minic a fhanfaidh siad ar do lámha nuair a bhainfidh tú na miotóga díot, agus tharlódh sé an-éasca ansin go rachadh na frídíní isteach i do bhéal, do shrón agus do shúile,” a dúradh.

De réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins, tá os cionn 250,000 curtha den saol ag an bpaindéim dhomhanda.

D’fhógair an Roinn Sláinte inné go raibh 16 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

1,706 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,319 duine ó dheas den teorainn agus 387 ó thuaidh di.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte go rabhthas tagtha ar 266 cás eile den ghalar.

25,608 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go dtí seo, 21,772 cás

Fág freagra ar 'An WHO ag iarraidh ar thíortha fáil amach ar thosaigh scaipeadh an ghalair níos túisce ná mar a síleadh'