An uile dhuine ag súil le dea-chomharthaí ag tús na sraithe

Taispeántais dhearfacha lán spioraid agus misnigh atá ag teastáil sa tsraith agus déanfaidh bua nó dhó an chúis ina dhiaidh sin

An uile dhuine ag súil le dea-chomharthaí ag tús na sraithe

Declan Hannon ó Luimneach ag seoladh clúdach eir sports ar an tsraith náisiúnta iomána ©INPHO/Morgan Treacy

Sula gcaitear isteach aon sliotar sa tsraith an deireadh seachtaine seo is fiú a rá nach mbeidh aon ardú céime ná dícháiliú i gceist i ndiaidh fheachtas na bliana toisc córas nua a bheith ag teacht isteach in 2020. An ndéanfaidh sé sin aon difríocht do chaighdeán na himeartha nó do dhéine na hiomaíochta? Bhuel, feicfimid linn.

An t-am seo anuraidh bhíomar ag caint faoi Thiobraid Árann agus an Ghaillimh mar an dá fhoireann ab fhearr sa tír agus an dá fhoireann mar rogha ag na geallghlacadóirí do na duaiseanna móra roimh dheireadh an tséasúir. Bhí an-ionadh orainn nuair a theip glan ar na Tiobraid Árannaigh i gcluiche ceannais na sraithe agus gealladh fúthu roimhe sin. Mar bharr ar an donas níor tháinig aon fheabhas orthu sa chraobhchomórtas.

Tá siad ag dul chun páirce anocht sa bhaile i gcoinne an Chláir (a fuair ceithre chúl ina n-aghaidh i gcluiche ceannais shraith na Mumhan).

Sa chluiche sin, coicís ó shin, bhí an Clár i bhfad níos fearr ná iad agus caithfidh go raibh díomá ar Liam Sheedy agus a chúntóirí. Beidh slua mór i bPáirc Semple anocht agus comharthaí á lorg ag leantóirí na foirne baile go dtiocfaidh feabhas ar an bhfoireann i mbliana agus iad faoi stiúir Sheedy.

Mar a scríobh mé go minic anseo níl ach bonn amháin ag teastáil ó aon imreoir iomána atá ag imirt ag an leibhéal seo agus sin bonn uile-Éireann. Sna cluichí sraithe bíonn na himreoirí ag iarraidh a thaispeáint don lucht bainistíochta go bhfuil siad maith go leor don phainéal craoibhe. Tugann comórtas na sraithe deis do na himreoirí cás a dhéanamh dóibh féin agus má bhuann a gcontae roinnt cluichí is bónas é. Mar sin féin, admhaím gur nós maith é a bheith ag buachan cluichí agus gur nós é a mbíonn gach contae ag iarraidh é a chothú. Ach sna cluichí sraithe seo, is taispeántais dhearfacha lán spioraid, misnigh agus fearúlachta atá ag teastáil ón mbainistíocht agus déanfaidh bua nó dhó an chúis ina dhiaidh sin.

Beidh na tréithe céanna á lorg amárach nuair a rachaidh Corcaigh chuig Páirc Uí Nualláin agus Cill Chainnigh (atá d’uireasa imreoirí Bhaile Héil) rompu. Táimid ag rá le cúpla bliain anuas go bhfuil comharthaí ann go bhfuil na Cait ag dul ar gcúl ach bíonn eagla orainn iad a chur as an áireamh. Tháinig siad aniar aduaidh orainn (agus ar Thiobraid Árann) ar fad anuraidh i gcluiche ceannais na sraithe, cluiche inar thug siad taispeántas a bhí lán leis na tréithe thuasluaite go léir. Fanfaimid tamall eile chun breithiúnas a dhéanamh orthu i mbliana agus ní chuirfimid tús le tuairisc a mbáis a scríobh go fóill. 

Ba cheart go mbeadh Corcaigh láidir go leor i mbliana ach ní bheidh aon rud éasca acu i gCill Chainnigh amárach. Tá foireann láidir go leor ag dul chun páirce acu agus is deas a fheiceáil go bhfuil Alan Cadogan agus Stephen McDonnell ar ais ar an bpainéal i mbliana.

I Loch Garman a bheidh an cluiche eile i roinn 1A ar siúl agus seaimpíní na hÉireann ar cuairt. Táim ag súil le coimhlint cheart anseo agus slua ollmhór chun fáilte a chur roimh Luimneach. Ní bheidh aon easpa spioraid ná troda i gceist le foireann Davy FitzGerald agus iad sa bhaile.

Bhí séasúr iontach iomána againn anuraidh agus muid ag súil go mór leis an ardchaighdeán céanna i mbliana.

Beidh chéad chaitheamh isteach an tsliotair anocht i nDurlas Éile ag a seacht. Bígí ann.

Fág freagra ar 'An uile dhuine ag súil le dea-chomharthaí ag tús na sraithe'