An uile chontae ag iarraidh tús láidir a chur le séasúr gearr 

Ní bheidh aon easpa siamsaíochta an deireadh seachtaine seo ar lucht na hiománaíochta agus tús á chur leis an tsraith

An uile chontae ag iarraidh tús láidir a chur le séasúr gearr 

Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Tá an t-uafás cluichí ann an deireadh seachtaine seo idir pheil agus iomáint, contae agus club. Bhí roinnt mhaith blianta ann nuair a bhíodh fiúntas le comórtas na sraithe mar d’fhaigheadh cuid de na himreoirí is fearr sa chomórtas áit ar fhoireann na Allstars. Anois, i mo thuairimse, is comórtas ullmhúcháin don craobhchomórtas é.

É sin go léir ráite tá suim mhór ann, go háirithe i mbliana, agus an phaindéim sórt curtha dínn againn. Beidh slua mór ag cuid mhaith de na cluichí, go háirithe i Roinn 1.

Agus tosóidh an t-aicsean um thráthnóna i bPáirc Uí Chaoimh, áit a mbeidh contae an Chláir d’uireasa Tony Kelly agus iad ag tabhairt faoin bhfoireann baile. Bhí dhá chluiche mhaithe ag an gClár i gcomórtas na Co Op Superstores le déanaí agus cé nár bhuadar an cluiche ceannais i gcoinne Luimnigh, is cinnte gur fhoghlaim Brian Lohan agus an lucht bainistíochta roinnt éigin faoina n-imreoirí. Bhí cúpla cluiche dúshláin ag Corcaigh freisin, i gcoinne UCC agus Tiobraid Árann, agus tá suim ollmhór cois Laoi cé a bheidh ar an bhfoireann agus cén dul chun cinn atá á dhéanamh ag Mark Keane atá fillte abhaile i ndiaidh seal a chaitheamh ag imirt peile san Astráil. Tá sé tugtha isteach ar an bpainéal cé gur fíorbheag an taithí atá aige ag imirt iománaíochta taobh amuigh de ghrád na sóisear. Dála an scéil beidh Keane agus a chlub Baile Ghiblín ag imirt i gcraobh chlubanna sóisir na hÉireann ag a trí um thráthnóna i bPáirc an Chrócaigh agus an cluiche seo beo ar Spórt TG4. Feicfimid conas mar a bheidh aige i gcoinne Mhóin Choinn sa staid ársa seo.

Dála an scéil beidh an cluiche ceannais idirmheánach idir Cill Mhaoile Chiarraí agus Nás Chill Dara ar TG4 freisin i ndiaidh chluiche na sóisear.

Maidir leis na cluichí sraithe agus na cinn luatha go háirithe is an ‘taispeántas’ an rud is tábhachtaí. Bheadh an bua ina bhónas.

Beidh Laois ag taisteal chuig Durlas agus pointí thar a bheith tábhachtach le fáil. Ní dóigh go raibh bainisteoir na dTiobraid Árannach, Colm Bonnar, róshásta lena chéad chluiche ar an stiúir nuair a chaill siad in aghaidh Chiarraí. Dar ndóigh beidh sé gan an laoch mór Pádraig Maher atá éirithe as an iománaíocht de bharr drochghortú.

Ar an Domhnach beidh Aontroim ag teacht go Cill Chainnigh agus na Cait gan imreoirí Bhaile Héil agus iad san ag ullmhú don Satharn seo chugainn.

Beidh mórán suime freisin san aicsean i mBaile Átha Cliath agus an fhoireann baile ag dul chun páirce mar sheaimpíní Chorn an Bhreatnaigh, agus níorbh aon dóithín é sin i mbliana agus gach contae ag iarraidh tús láidir a chur le séasúr gearr a bheidh críochnaithe roimh dheireadh mhí Iúil. Dar ndóigh beidh an séasúr críochnaithe i bhfad níos luaithe d’fhormhór na gcontaetha. Thug Áth Cliath an-taispeántas seachtain ó shin nuair a scóráladar 2-29 i gcoinne Loch Garman. Beidh ar Phort Láirge a bheith os cionn a mbuille amárach sa choimhlint sin.

Cuirfear a thuilleadh tástála ar Loch Garman nuair a thiocfaidh Luimneach ar cuairt amárach. Bhí Luimneach an-mhaith i gcoinne an Chláir i gcraobh an Co Op agus foireann sách lag amuigh acu (má tá a leithéid acu) agus bí cinnte de go mbeidh siad ar thóir an bhua chomh maith leis an dea-thaispeántas amárach. Tástáil chrua do bhainisteoir nua Loch Garman, Darragh Egan.

Beidh a gcéad chluiche sraithe faoi Henry Shefflin ag Gaillimh sa bhaile amárach agus a sheanchara ó chlub agus contae, Michael Fennelly, ar an taobhlíne eile agus Uíbh Fhailí faoina chúram. Beidh taispeántas maith ag teastáil ón dá bhainisteoir nua anseo.

Mar sin, idir pheil agus iomáint, agus spórtanna eile nach iad, ní bheidh aon easpa siamsaíochta an deireadh seachtaine. Bainigí taitneamh astu.

Fág freagra ar 'An uile chontae ag iarraidh tús láidir a chur le séasúr gearr '