Bhí an Saoithín Aeráide thart ar sheacht mbliana d’aois nuair a rith sé leis go raibh rud éigin fíoraisteach faoi choincheap na turasóireachta.
Bhí sé féin agus a dheartháir óg ina suí i suíochán cúil na sean-Renault Trafic a bhí iompaithe ina veain champála ag a athair agus bhí a thuismitheoirí sna suíocháin tosaigh. Saoire an tsamhraidh a bhí ann agus bhí an teaghlach ar tí tabhairt faoi thuras go dtí an Iorua.
‘Ach a mham agus a dheaid, ní bheidh aon airgead á shaothrú agaibh ar feadh míosa, ach beidh an t-airgead atá againn á chaitheamh againn i dtír eile?’
Mhínigh athair an tSaoithín Aeráide dó go raibh a leithéid de rud ann agus pá saoire agus mheabhraigh a mháthair dó go raibh cúl na veain campála lán go béal le feoil fholúsphacáilte, le cáis, plúr agus earraí den sórt sin, agus thar aon rud eile le fíon. ‘An bhfuil a fhios agaibh cé chomh daor is atá buidéal fíona san Iorua?’
Níor shásaigh na freagraí sin an Saoithín Aeráide óg ach go pointe. Bhí lúb éigin ar lár. Cén tairbhe a bhí leis an turasóireacht don turasóir ar chor ar bith? Dul ag tiomáint thart ar feadh míosa ag caitheamh airgid i dtír eile? Bhí rud éigin iontach fánach faoin rud ar fad.
Tháinig an chuimhne sin aníos an lá cheana agus a mhachnamh á dhéanamh ag an Saoithín Aeráide meánaosta faoi thodhchaí na turasóireachta i gcomhthéacs an choróinvíris agus athrú na haeráide.
Agus é i lár na ndaichidí, tuigeann an Saoithín Aeráide go bhfuil tairbhe ag baint leis an turasóireacht nár rith leis an Saoithín Aeráide óg: do scíth a ligean, aithne a chur ar chultúir eile, an cineál sin ruda.
Ach bhí an ceart ag an Saoithín Aeráide óg faoi rud amháin: níl an turasóireacht riachtanach.
Iad siúd atá (nó a bhí) fostaithe sa tionscal as an áireamh, b’fhéidir, mhairfimis go breá dá huireasa.
Más léir rud amháin ónar bhain don chine daonna le leathbhliain anuas, seo é: má theastaíonn uainn srian a choinneáil ar an bpaindéim reatha agus a macasamhla a chosc amach anseo, ní mór dúinn fanacht san áit a bhfuil muid oiread agus is féidir.
Bheadh an aeráid buíoch dínn freisin dá stopfaimis ag eitilt anonn is anall go Valencia nuair a bhuaileann an fonn sinn bolg le gréin a dhéanamh, nó an carr a thógáil ar an mbád go dtí an Fhrainc nuair a theastaíonn blaiseadh cultúir nó fíona uainn.
Lena chois sin arís, bheadh muintir chathracha ar nós Barcelona, Liospóin agus Amsterdam fíorbhuíoch mura bhfillfeadh na sluaite tar éis na paindéime seo agus go deimhin tá céimeanna á réiteach sna cathracha sin cheana féin chun srian a choinneáil le líon na gcuairteoirí amach anseo.
Ar ndóigh, ní féidir deireadh a chur le chuile chineál taistil. Ní fhéadfaí cosc a chur ar dhaoine cuairt a thabhairt ar ghaolta agus ar chairde thar lear agus dá mhéid an fás a tháinig le míonna beaga anuas ar an obair ón mbaile, beidh amanna ann nuair a bheidh ar mhná agus ar fhir ghnó eitleán a thógáil chun casadh lena chéile san fhíorshaol, nuair a bheidh ar lucht léinn léachtaí a thabhairt thar sáile nó nuair a bheidh ar shaineolaithe a gcuid saineolais a roinnt ar an láthair, ar an taobh eile den domhan.
Ach is léir don dall (nó ba cheart go mbeadh) go gcaithfear athmhachnamh a dhéanamh ar thionscal na turasóireachta.
Tá an Saoithín Aeráide ina thurasóir ina cheantar féin le tamall de mhíonna anuas. Níl teorainn leis na hiontais a fheiceann sé ar a chuid siúlóidí chuile lá.
Cén fáth a gcuirfeadh sé an trioblóid air féin eitleán a thógáil chuig áit éigin i bhfad i gcéin nuair a bhíonn oiread rudaí nach dtugadh sé aird orthu roimhe seo le feiceáil gar do bhaile?
Díriú ar mhuintir na háite seachas ar chuairteoirí ón iasacht, sin moladh an tSaoithín Aeráide do thionscal na turasóireachta.
Fág freagra ar 'An turasóireacht? Mhairfimis go breá dá huireasa…'