An Tuaisceart á thréigean arís ag aicme cheannais an Stáit ó dheas

Tá meon na críochdheighilte chomh láidir anois i measc bhunaíocht na 26 chontae go bhfuiltear ag breathnú ar an scéal amhail is gur géarchéim i bhfad i gcéin atá ann

An Tuaisceart á thréigean arís ag aicme cheannais an Stáit ó dheas

Eamonn Farrell/Photocall Ireland

Ní teoranta don Tuaisceart amháin atá géarchéim an Fheidhmeannais ó thuaidh.

Ach tá meon na críochdheighilte chomh láidir anois i measc bhunaíocht na 26 chontae, polaiteoirí, tráchtairí, státseirbhísigh shinsearacha is eile, go bhfuiltear ag breathnú ar an scéal amhail is gur géarchéim i bhfad i gcéin atá inti.

Níl ach dhá cheist ag an mbunaíocht faoin scéal: an gcuirfidh an ghéarchéim isteach ar straitéis an stáit i leith na Breatimeachta, agus an bhfuil baol ar bith ann go bhfillfí ar an bhforéigean?

Go bunúsach, d’éirigh an bhunaíocht as a bheith ag caint faoi athaontú na tíre thiar i 1969. Bhíodar den tuairim nach bhféadfaí é a bhaint amach gan leathnú an fhoréigin ó dheas den teorainn, agus ba éasca go mór ná sin muintir an Tuaiscirt a thréigean.

Sheas lucht na 26 chontae ar leataobh.

Dar le haicme cheannais an stáit ó dheas, ba leor nach mbeadh aon éagóir fhollasach á déanamh ar Chaitlicigh, go mbeadh teorainn shíochánta ann, agus nach gcuirfeadh an Tuaisceart isteach “orainne” a thuilleadh.

Thosaigh lucht na státseirbhíse, mar shampla, ag caint faoi Éirinn mar stát 26 contae, fiú agus an stair á plé, mar a tharla nuair a bhí figiúirí Dhaonáireamh 1841 á gcur i gcomparáid le figiúirí an lae inniu.

Agus nuair a baineadh síocháin amach le Comhaontú Aoine an Chéasta, agus le Comhaontú Chill Rímhinn a bhí níos tábhachtaí fós, ba leor sin.

B’fhéidir gur chuir rialtas Bhrian Cowen an spéis chéanna a léirigh rialtais Bhertie Ahern sa Tuaisceart, ach níl spéis dá laghad léirithe ag rialtais Fhine Gael sa scéal.

’Sea, cháin Fianna Fáil an easpa spéise seo, ach i ndáiríre ní bhíonn tada le rá acusan faoin ábhar seachas a bheith ag ionsaí Shinn Féin pé seans a fhaigheann siad.

Nuair a bhí géarchéim ann faoin mbuiséad leasa sóisialaigh, dhiúltaigh Fine Gael agus Fianna Fáil seasamh le Sinn Féin sna díospóireachtaí a reáchtáil an dá rialtas.

Theastaigh uatha beirt, ba léir, go dteipfeadh ar Shinn Féin is go mbeadh iachall orthu géilleadh don déine – géilleadh a lagódh na hargóintí a bhí ar bun ó dheas acu.

Léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil móramh láidir ó dheas i bhfabhar athaontú na tíre mar stát neamhspleách amháin, ach níl an bhunaíocht ag iarraidh tógáil ar an tacaíocht sin d’Éire Aontaithe sin.  Den chuid is mó, tá an Tuaisceart tréigthe acu arís.

Maidir leis an ngéarchéim reatha is léir nach aon réiteach ar an scéal toghchán, mar is cosúil go mbeadh an DUP fós ar an bpáirtí is mó i ndiaidh toghcháin agus gcuirfidís Arlene Foster ar aghaidh arís mar Chéad-Aire.

Agus tá níos mó i gceist leis an ngéarchéim ná scéim teasa.  Baineann sé le drogall an DUP – agus drogall an phobail Aontachtaigh – glacadh le náisiúnaithe mar shaoránaigh ar comhchéim, a bhfuil na cearta céanna fostaíochta, cultúrtha agus eile acu.

Tá ceist na Gaeilge go mór sa treis anseo. Ghlac an DUP leis go mbeadh Acht Teanga ann i gComhaontú Chill Rímhinn, ach tá siad ar a ndícheall ó shin ag iarraidh a chinntiú nach dtabharfar a leithéid isteach.

Ar ndóigh, thug an dá rialtas a mbeannacht go hoifigiúil do Chomhaontú Chill Rímhinn, ach níor chualathas oiread is gíog riamh as Enda Kenny maidir le ceist na Gaeilge ó thuaidh. Ó tharla nár chuir rialtas na hÉireann aon bhrú sa chás seo ar rialtas Westminster níor cuireadh aon bhrú ach oiread ar aontachtóirí.

Buile marfach do Stormont a bhí i gconspóid na scéime teasa inathnuaite, ach ba chuid de phatrún í agus dímheas á léiriú arís agus arís eile ag an DUP ar roinnt na cumhachta.

Fiú nuair a dhein Sinn Féin iarracht bealach éalaithe a aimsiú d’Arlene Foster, bhí sí róshotalach glacadh leis agus í á hiompar féin amhail gur rialtas d’aontachtóirí amháin a bhí san Fheidhmeannas agus go mba mhór an bearrán orthu na náisiúnaithe ar cheadaigh siad dóibh fanacht ar an imeall.

Is léir mar sin go bhfuil i bhfad níos mó ná toghchán ag teastáil. Beidh sé riachtanach ar a laghad na prionsabail ar glacadh leo i gCill Rímhinn a chur i bhfeidhm.

Agus cuimhnímis gur bhagair an dá rialtas le linn na gcainteanna sin go nglacfaidís féin smacht ar rialú na sé chontae mura nglacfadh Paisley leis an gComhaontú a bhí á thairiscint.

An bhfuil sé de mhisneach ag an rialtas seasamh mar sin a ghlacadh anois, go háirithe agus muid ag iarraidh teorainn chrua Bhreatimeachta ar an oileán a sheachaint?

Nó an bhfuil spéis caillte ar fad acu sa chúram?

Fág freagra ar 'An Tuaisceart á thréigean arís ag aicme cheannais an Stáit ó dheas'

  • Dónall

    Ar chuid mhór bealaí is iad náisiúnaithe [Éireannaigh] an tuaiscirt a d’íoc as an saoirse a fuair an chuid eile den tír. Bhí glúin mo sheanthuismitheoirí fágtha in áit na leathphingne agus gafa i stáit nach raibh fáilte rompu inti. Mhéadaigh ar an seicteachas agus ar an naimhdeas sin le linn na mblianta a raibh De Valera i mbun cogadh eacnamaíocht agus is amhlaidh is measa a d’éirigh cuinsí do náisiúnaithe ó thuaidh dá bharr. Tá tréimhse na dtrioblóidí pléite agus athphléite ach is beag duine a bhíonn sásta stair na bhfichidí, dtriochóidí srl sa tuaisceart a phlé.