An tUachtarán le pardún a thabhairt do Mhaolra Seoighe tráthnóna

Anocht a chraolfar ar TG4 an mórscannán faisnéise ‘Murdair Mhám Trasna’, inar thug an tUachtarán le fios den chéad uair gurbh spéis leis go dtabharfaí pardún don Seoigheach

An tUachtarán le pardún a thabhairt do Mhaolra Seoighe tráthnóna

Síneoidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn barántas tráthnóna chun pardún iarbháis a thabhairt do Mhaolra Seoighe a crochadh san éagóir as dúmharuithe Mhám Trasna 136 bliana ó shin. Anocht a chraolfar ar TG4 an mórscannán faisnéise Murdair Mhám Trasna, inar thug an tUachtarán le fios den chéad uair gurbh spéis leis go dtabharfaí pardún don Seoigheach.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go mbeadh an Rialtas ag cur comhairle ar an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn pardún a thabhairt don Seoigheach ar ciontaíodh san éagóir é i gcás a aithnítear ar cheann de na samplaí is measa riamh d’iomrall ceartais sa tír seo.

Seo an dara huair riamh ag Uachtarán de chuid na hÉireann pardún iarbháis a thabhairt.

Ba é Uachtarán na hÉireann féin, agus é faoi agallamh sa scannán faisnéise a chraolfar ar TG4 anocht, a thug le fios go raibh saineolaí ceaptha ag an Rialtas le scrúdú a dhéanamh ar an gcás go dtabharfaí pardúin iarbháis do na daoine a ciontaíodh san éagóir i ndúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882.

In agallamh don fhadscannán nua faisnéise Murdair Mhám Trasna, a choimisiúnaigh TG4, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go raibh sé “ag súil le tuairim an tsaineolaí” atá ceaptha ag an Rialtas leis an gcás a mheas agus ag súil freisin “le tuairim an Rialtais”.

Foilsíodh an tseachtain seo caite an tuarascáil sin, a rinne an Dr. Niamh Howlin ó Scoil Dlí Sutherland, UCD, agus chomhairligh siad don Uachtarán pardún iarbháis a thabhairt do Mhaolra Seoighe.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt gur fíorannamh a thugtar pardún an Uachtaráin sa tír seo agus go mbíonn gá le hualach fianaise chun a leithéid a mholadh.

Maraíodh cúigear de mhuintir Sheoighe go brúidiúil ina dteach cónaithe i Mám Trasna ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo in 1882. Ciontaíodh ochtar fear ón gceantar as na dúnmharuithe bunaithe ar thuairiscí ó bhrathadóirí agus ar fhianaise bhréige.

Íocadh suimeanna móra airgid mar chúiteamh le finnéithe – £1,250 ar fad, nó €160,000 in airgead an lae inniu – ach níor cúisíodh riamh na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an sléacht.

Trí Bhéarla a cuireadh ar a dtriail na fir a cúisíodh sa chás cé gur beag eolas a bhí ag a bhformhór ar an teanga sin ó tharla gur chainteoirí dúchais Gaeilge iad.  Crochadh triúr acu agus gearradh príosún saoil ar an gcúigear eile; bhásaigh beirt acusan sa phríosún agus níor saoradh an triúr eile go dtí go raibh scór bliain caite i ngéibheann acu. Níor cúisíodh riamh an triúr fear ón gceantar céanna a phleanáil na dúnmharuithe agus a bhí páirteach iontu.

Diúltaíodh fiosrúchán poiblí a chur ar bun faoi chás Mhám Trasna agus bhí baint ag an diúltú sin le titim Rialtas Gladstone sa bhliain 1885.

Maidir leo siúd a ciontíodh i gcás Mhám Trasna tá an méid seo le rá ag an Uachtarán Ó hUigínn i Murdair Mhám Trasna, a bheidh le feiceáil ar TG4 den chéad uair anocht.

“Gach rud a tharla ar leibhéal an Stáit bhí sé go dona. Bhí breabaireacht i gceist. Níor tugadh seans ceart do na daoine a bhí cúisithe iad féin a chosaint. Ní raibh atmaisféar na cothromaíochta ann agus ní raibh an chothromaíocht ann nuair a bhí tú ag caint faoin bpróiseas dlí ag an am,” a deir an tUachtarán.

Maidir le riar an dlí agus an chirt sa tréimhse inar tharla na dúnmharuithe, deir an tUachtarán sa scannán gurbh é an dearcadh a bhí ag údaráis na Breataine faoi mhuintir na hÉireann ag an am ná nach raibh cothrom na Féinne ag dul dóibh beag nó mór.

“Cheap siad gur daoine ar leith iad seo nach raibh ar comhchéim le ‘gnáthdhaoine sibhialta’,” a deir an tUachtarán san fhadscannán faisnéise nua.

Sa scannán nua, deir Johnny Joyce, duine de shliocht an teaghlaigh a dúnmharóidh i Mám Trasna go maitheann sé é don bhuíon a rinne na dúnmharuithe ach gur mhaith leis go n-aithneofaí an t-iomrall ceartais a tharla dá bharr.

“I wish something could be done for Myles Joyce – his sentence should be commuted – the same with the other Joyces who served their sentences, 20 years hard labour.”

Colm Bairéad a stiúir Murdair Mhám Trasna agus Ciaran Ó Cofaigh agus Seán Ó Cuirreáin a léirigh é. Tá an scannán bunaithe ar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, leabhar faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna a d’fhoilsigh Cois Life.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont gur “scéal Gaeltachta” é scéal Murdair Mhám Trasna “a bhfuil gné náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leis”.

“Tá ríméad ar TG4 gur chuidigh an léiriúchán seo leis an bhfeachtas ainm Mhaolra Seoighe a ghlanadh agus cuirfidh sé clabhsúr ar chúrsaí dá dhaoine muinteartha, tá súil again,” a dúirt Alan Esslemont.

Dúirt an léiritheoir agus stiúrthóir ROSG, a léirigh Murdair Mhám Trasna Ciarán Ó Cofaigh go rabhathas “thar a bheith sásta le cinneadh an Uachtaráin, ar chomhairle ón Rialtas, pardún a thabhairt sa chás seo”.

“Bhíomar ag súil le linn na scannánaíochta go dtabharfaí pardún dó ach ní raibh súil ar bith againn go dtarlódh sé chomh sciobtha, sula raibh an clár féin craolta fiú. Ní bheidh amhras ar dhuine ar bith a fhéachfaidh ar an scannán ach gurb é an ceart é pardún a thabhairt sa chás seo. Molaimid an tUachtarán Higgins dá dhílseacht féin do chearta bunúsacha daonna agus teanga,” a dúirt Ciarán Ó Cofaigh.

Is é Colm Bairéad a stiúir Murdair Mhám Trasna atá bunaithe ar an leabhar ‘Éagóir’, a scríobh an t-iarChoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Fág freagra ar 'An tUachtarán le pardún a thabhairt do Mhaolra Seoighe tráthnóna'