An tUachtarán le bheith i láthair ag Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga an mhí seo chugainn

Beidh an Breitheamh Adrian Hardiman ón gCúirt Uachtarach ina aoichainteoir ag an gcomhdháil agus is é a thabharfaidh léacht na comhdhála sa Ghaillimh ar oíche na hoscailte

06/11/2015. 43rd Worldskills Competition. Pictured President Michael D Higgins. The President hosted a reception for those who represented Ireland at the 43rd Worldskills Competition in Aras An Uachtarain in Dublin this afternoon. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie
An tUachtarán Michael D Higgins Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Osclóidh Mícheál D. Ó hUiginn Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an mhí seo chugainn. Beidh an Breitheamh Adrian Hardiman ón gCúirt Uachtarach ina aoichainteoir ag an gcomhdháil agus is é a thabharfaidh léacht na comhdhála ar oíche na hoscailte.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill gur “mór an onóir é d’Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil “beirt aíonna atá chomh bainteach sin le cearta teanga sásta bheith i láthair don ócáid”. Tá an chomhdháil á reáchtáil ag Oifig an Choimisinéara Teanga i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh mar chuid de Chlár Comórtha Céad Bliain an Stáit ar 1916.

The Hon. Mr. Justice Adrian Hardiman March 2014 002
An Breitheamh Hardiman

“Beidh deis againn i gcaitheamh na bliana amach romhainn machnamh a dhéanamh an athuair ar na mianta a spreag bunú an Stáit. Déanfar machnamh go háirithe ar staid ár dteanga náisiúnta agus an áit atá aici i sochaí an lae inniu” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Beidh idir choimisinéirí teanga agus saineolaithe ar chearta teanga i láthair ag an gcomhdháil a bheidh á reáchtáil den chéad uair i nGaillimh. Ina measc beidh Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada Graham Fraser, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige Meri Huws, an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Cambridge agus an tOllamh Stephen May ó Ollscoil Auckland sa Nua-Shéalainn.

Beidh an Dochtúir John Walsh ó OÉG féin, an Dochtúir Peadar Ó Flaithearta ó DCU agus an tOllamh Gearóid Denvir i láthair ag an ócáid freisin.

Pléifear ag an gcomhdháil, i measc ábhar eile, éabhlóid an dlí teanga ar fud an domhain, teanga agus féiniúlacht an duine, ról na reachtaíochta maidir le cearta teanga a chosaint agus Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm sa stát seo.

Beidh an chomhdháil ar siúl ar feadh trí lá ó 7-9 Márta. Osclófar an chomhdháil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dé Luain an 7 Márta. Is in Óstán Chuan na Gaillimhe a reáchtálfar na hócáidí Dé Máirt is Dé Céadaoin. Ní ghearrfar aon táille as freastal ar an gcomhdháil ach caithfear áit a chur in áirithe roimh ré le hOifig an Choimisinéara Teanga sa Spidéal.

Fág freagra ar 'An tUachtarán le bheith i láthair ag Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga an mhí seo chugainn'