AN tSUALAINN: Ní hionann an eite chlé a bheith i gcumhacht agus tús áite a bheith á thabhairt don timpeallacht

AN SAOITHÍN AERÁIDE: chuir cinneadh rialtas daonlathach sóisialta na Sualainne cead a thabhairt do thogra mianadóireachta conspóideach alltacht ar an Saoithín Aeráide

AN tSUALAINN: Ní hionann an eite chlé a bheith i gcumhacht agus tús áite a bheith á thabhairt don timpeallacht

Ag deireadh na míosa seo caite, thug rialtas na Sualainne cead do chomhlacht mianadóireachta ón mBreatain mianach dromchla amhiarainn a thógáil ar thailte féaraigh réinfhianna phobal bundúchasach na Sámach. Tá cinneadh rialtas na Sualainne (mar a bhfuil rialtas mionlaigh aonpháirtí i gcumhacht faoi stiúir Magdalena Andersson de chuid na nDaonlathach Sóisialta) cáinte go láidir ag eagraíochtaí de chuid na Sámach, ag Amnesty International, ag UNESCO, agus ag an ngníomhaí timpeallachta mór le rá ón tSualainn, Greta Thunberg.

I ráiteas ar Twitter, chuir Thunberg ciníochas agus coilíneachas i leith rialtas a tíre féin:

Tá súil á coinneáil ag Saoithín Aeráide Tuairisc.ie ar scéal an mhianaigh in Gállok (mar a thugtar ar an gceantar i dteanga na Sámach áitiúil, Sáimis na habhann Julev) nó Kallak (i Sualainnis) le tamall de bhlianta anuas. Seo é go hachomair: thiar in 2006, bronnadh cead ar an gcomhlacht mianadóireachta ón mBreatain Beowulf Mining taiscéalaíocht a dhéanamh ar an láthair, caoga ciliméadar siar ó thuaidh as an mbaile Jåhkåmåhkke (nó Jokkmokk, i Sualainnis). Meastar go bhfuil os cionn 600 milliún tona amhiarainn le fáil sa cheantar. Ón gcéad lá, bhí pobal na Sámach glan i gcoinne an togra: chuirfeadh mianach dromchla isteach ar thuras bliantúil réinfhianna an bhaile Shámaigh Jåhkågasska go dtí tailte féaraigh an tsamhraidh agus ar ais. Thacaigh gníomhaithe timpeallachta leo agus bhí agóid leanúnach ar bun ag an suíomh ar feadh i bhfad. Ach ar an 22 Márta, thug rialtas na Sualainne cead do Beowulf Mining dul ar aghaidh agus an mianach a thógáil, ag rá go raibh ‘leas an phobail’ i gceist.

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, ní hionann ‘leas an phobail’ i gCríoch Lochlann go minic agus leas phobal na Sámach, atá scaipthe thar cheithre thír: an tSualainn, an Iorua, an Fhionlainn agus an Rúis. Tá stair fhada achrannach ann, ó fhoréigean agus cos ar bolg cultúrtha go mianadóireacht agus anois an rud ar a dtugann pobal na Sámach ‘coilíneachas glas’: an claonadh atá ag rialtais na Sualainne, na hIorua agus na Fionlainne tograí móra a sholáthróidh fuinneamh inathnuaite – muilte gaoithe, den chuid is mó – a lonnú ar thailte fairsinge, gaofara na Sámach.

Déanfaidh mianach dromchla Gállok dochar as cuimse don timpeallacht agus don fhiadhúlra áitiúil, cuirfidh sé isteach ar shlí bheatha thraidisiúnta na Sámach agus cothóidh trácht na mílte leoraithe aschur mór millteach CO2. (Ní amhiarann amháin a bheas á iompar ar na leoraithe sin: ceann de na coinníollacha a bhaineann le ceadúnas Beowulf Mining ná go mbeidh ar an gcomhlacht sin íoc as iompar réinfhianna na Sámach agus an t-eallach sin á thabhairt, ar leoraithe, go tailte féaraigh an tsamhraidh agus ar ais arís – aistear atá á dhéanamh de shiúl na gcos ag na réinfhianna agus na Sámaigh le cuimhne na ndaoine).

Daonlathaí sóisialta go smior é an Saoithín Aeráide: tuairim aige nach cás le cuid mhór de na páirtithe glasa traidisiúnta riachtanais an sciar sin den daonra atá ar ioncam íseal. Ach dá mbeadh cónaí air sa tSualainn ní dócha go gcaithfeadh sé vóta do pháirtí Magdalena Andersson arís.

Fág freagra ar 'AN tSUALAINN: Ní hionann an eite chlé a bheith i gcumhacht agus tús áite a bheith á thabhairt don timpeallacht'