An tSean-Sín fós beo fag éile Shèhuŏ 

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, dhá ealaín ag teacht le chéile agus leabhar faoin tSín

An tSean-Sín fós beo fag éile Shèhuŏ 

Constantin Brancusi: The Real Thing

le Doina Lemny
Editions Gourcuff Gradenigo
Teanga: Fraincis
Toisí: 22 x 28cm
Leabhar ceangailte, priontáilte ar pháipéar neamhlonrach170g
240 lch.
Luach: €59
www.gourcuff-gradenigo.com

Ní féidir dearmad a dhéanamh ar shaothar Brâncuși  (1867-1956), go háirithe na cloigne, agus sa leabhar seo tugann Doini Lemny spléachadh dúinn ar shaothar nach bhfacthas cheana leis an dealbhóir Francach-Rómánach.

Go deimhin, grianghrafadóir agus péintéir ab ea Brâncuși chomh maith agus tá saothar leis ar nós An Phóg atá feicthe ag daoine i lárionaid gharraíodóireachta a dhíolann dealbha; uaireanta ceannaíonn daoine dealbh dá leithéid gan eolas a chur ar an té a chruthaigh:

Wikiart, saothar ón mbliain 1912

Tá dhá ealaín ag teacht le chéile sa leabhar seo, ealaín na grianghrafadóireachta ar mhaithe leis an léargas is fearr a thabhairt dúinn ar ealaín na dealbhóireachta. Máistir mór ab ea Brâncuși agus tá go leor dá dhealbha leath slí idir stíl fhíorach agus stíl theibí.

La Sagesse (Gaois) ón mbliain 1908

La Sagesse (Gaois) ón mbliain 1908

 

An tSean-Sín fós beo

Shooting the Tiger
Grianghraif le Xiaoxiao Xu
Foilsithe ag The Eriskay Connection, Breda,
An Ísiltír, 2022.
Teanga: Béarla
99 lch
Toisí: 9x13″

Nuair a bhíos im’ gharsún sna 1950idí in oirthear Luimnigh, bhí traidisiún an Dreoilín beo beathach sa mhéid go raibh daoine ann a chreid go raibh gné éigin den chraic go léir a bhí ar imeall na hosnádúrthachta, nó na seanphágántachta ann. Mheasas-sa ar aon nós go raibh draíocht éigin ag baint leis na deasghnátha go léir, na cultacha, na rainn agus mar sin de.

Is cosúil go bhfuil roinnt traidisiún fós beo sa tSín, is é sin nach do na turasóirí amháin a choinnítear beo iad.

Féile is ea Shèhuŏ in Iarthuaisceart na Síne a dhéanann ceiliúradh ar bhláthú na gcrann agus a ghuíonn ar son an fhómhair.

Fág freagra ar 'An tSean-Sín fós beo fag éile Shèhuŏ '