An tsárshraith Bádóirí chugainn arís agus ceacht Gaeilge foghlamtha ag Laochra Gael

D’fhill dhá shraith mhóra ar TG4 an tseachtain seo agus bádóirí agus peileadóir ag léiriú a gcumais dúinn

An tsárshraith Bádóirí chugainn arís agus ceacht Gaeilge foghlamtha ag Laochra Gael

Tháinig dhá shraith mhóra de chuid TG4 ar ais ar an aer le seachtain; Bádóirí agus Laochra Gael.

Seoid í an tsraith Bádóirí a tháinig os ár gcomhair den chéad uair anuraidh. Chuireamar aithne ar na teaghlaigh agus criúnna éagsúla a bhí ag plé le báid mhóra Chonamara: an Tónaí, an American Mór, an Mac Dara, an Mhaighdean Mhara, an Naomh Cáilín, an Morning Star agus An Capall.

Seo chugainn arís iad le séasúr eile de gheallta Chumann Húicéirí na Gaillimhe. Cuirtear ar ár súile dúinn arís eile an grá agus an paisean atá ag na daoine seo do na báid agus don tseoltóireacht. Colm Darba Ó Flatharta cráite mar nach bhféadfadh An American Mór dul chun farraige agus Fergus Ó Cualáin bródúil is cosantach faoin Truelight a bheidh ag dul san iomaíocht in athuair.

Lena chois sin léirítear dúinn go bhfuil an cheardaíocht, an dúil mhíchuibheasach sna báid agus scileanna na bádóireachta á bhfágaint le huacht ag an gcéad ghlúin eile.

Tugann na bádóirí aire na huibhe dá mbáid agus léirítear dúinnan costas a bhaineann leis an traidisiún seo a choimeád beo gan aon chúnamh Stáit.

N’fheadar an léirmheastóir seo an difríocht idir gleoiteog, leathbhád agus bád mór, ach bhaineas súp as a bheith i bhfochair na mbádóirí seo arís.

Is sé chlár a bheidh san ochtú sraith déag de Laochra Gael agus ba é ‘Star’ na Ríochta Kieran Donaghy a bhí idir chamáin sa chéad cheann acu. Anuraidh cacadh ar na huibheacha ó thaobh na Gaeilge agus tarraingíodh clampar is áiteamh faoin tsraith seo.

Bhíos ag súil leis an tsraith nua, dá réir,  féachaint an raibh ciall ceannaithe nó an rabhthas chun cloí leis an múnla nua teanga.

Seachtar aíonna a bhí earcaithe le labhairt faoi Donaghy agus labhair triúr acu sin i nGaeilge: Paul Galvin, Michael Moynihan agus Eamonn Fitzmaurice. Ba thrua nach raibh Jack O’Connor agus duine de mhuintir Shé ag caint chomh maith.

Ar an iomlán b’athrú chun feabhais é cinnte, ach is léir go mbeidh an lámh in uachtar fós ag an mBéarla i tsraith ina mbíodh an Ghaeilge lárnach i dtosach aimsire.

Fág cúrsaí teanga i leataobh agus bhaineas súp as an gclár. Ba Ghearaltach ó Iarthar Dhuibhneach seanathair Donaghy rud a fhágann smut de ghaol ag an léirmheastóir seo leis (mór an trua ná fuaireas aon smut dá mhianach caide). Dá mhéad a fhéachaim ar na cláir uair an chloig is ea is mó a chuirtear abhaile orm go bhfuil an méid sin ama riachtanach nuair atá saol spóirt eachtrúil agus duine suimiúil idir lámha.

Duine caithiseach agus ionraic é Donaghy agus déanann sé sinn a threorú go deisbhéalach ó thús deireadh an chláir. Labhair sé go maith faoina dhúil sa chispheil is sa chaid, a nasc lena mháthair agus a ghaol achrannach lena athair.

Thíos seal, thuas seal a bhí a shaol imeartha agus dhein sé tagairt don chur síos seoigh a deineadh air tráth mar “the tenner that Kerry kept finding in their arse pocket”.

Ba mhaith ann é.

Fág freagra ar 'An tsárshraith Bádóirí chugainn arís agus ceacht Gaeilge foghlamtha ag Laochra Gael'

  • Con Ó Murchú

    Is breá liom húicéirí na Gaillimhe.