An Trumpach, an Breatimeacht agus corrcheist eile: súil chun cinn ar 2018

Ar éigean a theastaigh a liathróid chriostail ónár gcolúnaí le buille faoi thuairim a thabhairt faoina mbeidh sna ceannlínte idirnáisiúnta sa bhliain atá amach romhainn

An Trumpach, an Breatimeacht agus corrcheist eile: súil chun cinn ar 2018

An ndéanfar Donald Trump a tháinseamh? 

Cén deireadh a bheas ag scéal an Bhreatimeachta? 

Sin iad na mórcheisteanna idirnáisiúnta sa bhliain atá amach romhainn.

Maidir leis an gcéad cheist, beidh súil ghéar á coinneáil i mbliana ar thoghchán lár téarma na Stát Aontaithe ar an 6 Samhain. Beidh cosa an Trumpaigh nite má éiríonn leis an bPáirtí Daonlathach móramh a bhaint amach i gComhdháil na Stát Aontaithe an lá sin – nó sin atá á thuar ag mórchuid tráchtairí polaitíochta i Meiriceá. 

Tá tráchtairí eile den tuairim go bhféadfadh an tuar a theacht faoin tairngreacht cúpla mí roimh an toghchán sin: ceapann siad go dtabharfaidh slám ionadaithe Poblachtánacha cúl le Trump a luaithe is a thuigfidh siad go gcaillfidh siad a suíocháin de bharr na conspóide ar fad atá cothaithe ag an uachtarán.

Níl cúiseanna táinsimh gann. Tá scéal na Rúise – an bhaint a mhaítear a bhí ag an tír sin le toghadh Trump – ina bhró mhuilinn anuas ar an Trumpach le bliain anuas.

Lena chois sin, tá sé á chur i leith an uachtaráin ag seisear déag ban go ndearna sé ciapadh gnéis orthu san am a caitheadh. Tá sé deacair cás dlí a thabhairt in éadan uachtaráin, ach – mar a déarfadh Bill Clinton leat – tharla sé cheana.

Is éard a theastóidh ná an toil agus an chumhacht pholaitiúil chun tús a chur le próiseas táinsimh i gcoinne Trump. An chuma atá ar chúrsaí faoi láthair, ní bheidh an dá earra sin ar fáil go dtí tar éis an toghcháin lár téarma. 

Is é is dóichí, mar sin, ná go bhfanfaidh Trump san áit a bhfuil sé ar feadh an chuid is mó de 2018. Beidh mí na Samhna a bheas againn sula mbeidh an toghchán lár téarma ann. Fiú sa chás go gcuirfí tús le próiseas táinsimh go gairid ina dhiaidh sin, is deacair a shamhlú go ruaigfí an Trumpach as an Teach Bán roimh dheireadh na bliana.

Is deacra i bhfad tairngreacht a dhéanamh faoina mbeidh i ndán don Bhreatain agus cainteanna an Bhreatimeachta ag bogadh ar aghaidh chuig an chéad leibhéal eile. Cé go ndearnadh roinnt dul chun cinn i mí na Nollag maidir leis an teorainn ar oileán na hÉireann agus cearta na saoránach Eorpach sa Ríocht Aontaithe ní léir fós, agus an t-alt seo á scríobh, cén toradh a bheas ar an idirbheartaíocht chasta idir an mBreatain agus an 27 mballstát eile.

Tá rud amháin cinnte: tá ag briseadh ar a bhfoighid ag na bancanna móra agus na mórchomhlachtaí atá lonnaithe i gcathair Londan. Tá sé fógartha ag leithéidí Goldman Sachs, Morgan Stanley, Royal Bank of Scotland agus Barclays go mbeidh postanna á n-aistriú acu go Frankfurt, Páras, Baile Átha Cliath agus cathracha nach iad ó Earrach 2018 ar aghaidh. Ceaptar go bhféadfadh suas go 75,000 jab in earnáil an airgeadais a bheith i mbaol i Londain.

Agus Theresa May, an bhfanfaidh sí i gcumhacht? Íorónta go leor, is dóichí ná a mhalairt go bhfanfaidh.

Tá cogadh cathartha sa Pháirtí Coimeádach, ach an rud deiridh a theastódh ó naimhde May ina páirtí féin ná rud ar bith a tharraingeodh olltoghchán nua sa mhullach orthu.

Bheadh an bua ag Jeremy Corbyn an Lucht Oibre.

Anuas air sin arís, níl cúram May – an Bhreatain a threorú amach as an Aontas Eorpach – ó éinne eile. Dhéanfadh an té a thógfadh an cúram sin air féin dochar mór millteach dá dtodhchaí pholaitiúil féin (mura ndéanfaidís gaisce míorúilteach).

Cén chríoch a bheas ag scéal an Bhreatimeachta? Neosfaidh an aimsir. Ach is cinnte go mbeidh impleachtaí an Bhreatimeachta don saol laethúil sa Ríocht Aontaithe ag éirí níos feiceálaí in 2018.

Is léir go mbeidh tionchar mór millteach ag a dtarlóidh i Meiriceá agus sa Bhreatain ar cad a bheidh sna ceannlínte sa bhliain atá amach romhainn, ach ar ndóigh tá an domhan i bhfad níos mó ná an dá thír sin.

Níorbh aon dea-thuar don phróiseas síochána sa Mheán-Oirthear cinneadh Donald Trump, i ndeireadh 2017, aitheantas a thabhairt d’Iarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael. Ar ndóigh, leanann an cogadh cathartha sa tSiria ar aghaidh, tá rudaí imithe ó smacht san Éimin agus tá an teannas idir an Araib Shádach agus an Iaráin ag géarú. Agus an ghuagacht sin ar fad sa timpeall, an bhliain atá amach romhainn, beidh dath níos duibhe fós ar na scamaill atá os cionn an mhór-réigiúin sin le fada.

Beidh súile an domhain ar an Rúis faoi dhó i mbliana. Beidh Corn Domhanda an tSacair ar siúl sa tír sin sa samhradh, ach beidh toghchán uachtaránachta ann roimhe sin, i mí an Mhárta. Beidh Vladimir Putin ag seasamh arís. Níl dabht ar mhórán faoin toradh a bheas ar an toghchán. Agus Corn an Domhain, meas tú an bhfuil buaiteoir an chomórtais sin réamhshocraithe freisin?

Beidh rás uachtaránachta i bhfad níos spéisiúla sa Bhrasaíl, áit a mbeidh an t-iar-uachtarán Lula á fhéachaint le Jair Bolsonaro, polaiteoir de chuid na heite fíor-dheise atá inchurtha le Donald Trump ó thaobh ciníochais, homafóibe agus fuath ban de.

Sin mura gcuirfear cosc ar Lula seasamh; tá an t-iar-uachtarán iomráiteach i dtrioblóid leis an dlí.

Mar a tharlaíonn, beidh lear mór toghchán i Meiriceá Theas agus Meiriceá Láir i mbliana. Sa toghchán uachtaránachta i Veiniséala agus i dtoghchán uachtaránachta agus olltoghchán Mheicsiceo is mó a chuirfear spéis go hidirnáisiúnta, ach beidh toghcháin freisin sa Cholóim, i gCósta Ríce, i bParagua agus i gCúba.

Toghchán san Eoraip ar fiú súil a choinneáil air ná olltoghchán na hUngáire, a bheidh ar siúl i mí Aibreáin nó i mí na Bealtaine. Is dóichí ná a mhalairt go bhfanfaidh an príomh-aire fíorchoimeádach Viktor Orbán, laoch na heite deise san Aontas Eorpach, go daingean sa diallait.

An chaint seo ar fad faoi chúrsaí polaitíochta, shílfeadh duine go mbeadh smacht éigin ag an gcine daonna ar chúrsaí sa bhliain atá amach romhainn. Oiread toghchán, oiread deiseanna ag vótóirí ar fud na cruinne tionchar a imirt ar a dtodhchaí féin.

A mhalairt atá fíor.

Ó bhí an Réabhlóid Thionsclaíoch ann tá tús curtha leis an athrú aeráide, próiseas nár tugadh faoi deara go dtí go raibh sé beagnach ródheireanach agus próiseas atá á shéanadh ag daoine áirithe fós, in ainneoin go bhfuil an fhianaise ag éirí níos feiceálaí bliain i ndiaidh bliana.

Bímis ag súil le tuilleadh spéirlingí, tuilleadh tinte foraoise agus tuilleadh tubaistí timpeallachta eile in 2018 – tubaistí nach mbeidh mórán smachta againn orthu.

Lena chois sin, tá réabhlóid nua ar na bacáin, nó tosaithe cheana féin, ag brath ar do dhearcadh. Réabhlóid na hIntleachta Saorga atá i gceist agam ar ndóigh, nó ‘Ionradh na Róbat a Thógfaidh ár Jabanna agus a Fhágfaidh an Bheatha gan Bhrí,’ mar is maith liom féin a thabhairt ar an bpróiseas céanna.

An mbeidh sé rómhall srian a chur leis an athrú aeráide agus le rófhorbairt na hintleachta saorga i mbliana?

B’fhéidir nach bhfuil.

Ach b’fhearr dúinn luí isteach ar an obair.

Is é sin, mura mbrúfaidh Donald Trump nó Kim Jong-un cnaipe nár cheart dóibh a bhrú.

Gach rath ar léitheoirí Tuairisc.ie sa bhliain atá amach romhainn.

Fág freagra ar 'An Trumpach, an Breatimeacht agus corrcheist eile: súil chun cinn ar 2018'