An triúr rothaithe Éireannacha atá ag glacadh páirte sa Tour de France

Den chéad uair ó 1992, tá triúr rothaithe ón tír seo ag glacadh páirte sa rás rothaíochta is iomráití ar domhan, an Tour de France. Cé nach mbeidh an bua ag aon duine acu, beidh deis iontach acu níos mó cáile a bhaint amach dóibh féin.

Nicolas Roche, a bheidh ag rásaíocht le Team Sky i mbliana. PictiúrINPHO/Presseye/Jonathan Porter
Nicolas Roche, a bheidh ag rásaíocht le Team Sky i mbliana. Pictiúr: INPHO/Presseye/Jonathan Porter

Nicolas Roche

As measc an triúir, is é Nicolas Roche, mac Stephen, an duine is mó a bhfuil taithí aige ar an rás seo. Seo é an seachtú bliain as a chéile ag Roche ag glacadh páirte sa Tour ach seans gurb é an 12ú háit, an áit inar chríochnaigh sé i 2012, an toradh is fearr a bhféadfadh sé a bheith ag súil leis i mbliana.

nach bhfuil Roche sách maith – tá fós ag dul ó neart go neart mar rothaíach is é an fhadhb is mó atá anois aige ná an ról atá tugtha dó ag Team Sky, ceann de na foirne is láidre sa rás. I 2012, bhí Roche ar cheann de phríomhrothaithe na foirne Ag2r-La Mondiale agus bhí rothaithe eile ann – domestiques – chun cúnamh a thabhairt dó críochnú chomh hard is a d’fhéadfadh sé.

Anois agus é le Team Sky, beidh Roche ag obair mar domestique do Chris Froome agus is é an príomhról a bheidh aige ná an Briotánach a chosaint. Má ghortaítear Froome nó thiteann sé rófhada siar sa rás, beidh cead ag Roche a rogha rud a dhéanamh, ach, go dtí sin, beidh sé taobh le Froome ó thús.

Tá Dan Martin ag iarraidh gortaithe a chuir taobh thiar dhó. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Tá Dan Martin ag iarraidh gortaithe a chuir taobh thiar dhó. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Dan Martin

Col ceathracha iad Roche agus Dan Martin; deirfiúr Stephen Roche í máthair Dan. Tar éis dó an Tour a dhéanamh den chéad uair i 2012, dhealraigh sé go raibh Martin tagtha chun coinlíochta ceart an bhliain dár gcionn. Ba sa bhliain sin a bhuaigh sé an Liege-Bastogne-Liege, ceann de na rásaí lae is mó dá bhfuil ann chomh maith leis an ochtú staid den Tour féin.

Bhí daoine ag súil le gaisce ó Martin i 2014 ach bhain tubaiste dó ar an gcéad lá den Giro d’Italia, a bhí ar siúl i mBéal Feirste. Bhris Martin a dhealrachán i dtimpiste ach tháinig sé chuige féin chun críochnú sa seachtú háit sa Vuelta a España. Bhris sé cúpla easna i dtimpiste eile níos luaithe i mbliana ach beidh sé ceart do thús an Tour.

an rás leagtha amach ar bhealach atá feiliúnach do Martin i mbliana. Is dreapadóir den scoth é agus caithfidh na hiomaitheoirí neart ama sna sléibhte le linn rás na bliana seo. Beidh deich staid ann idir na Piréiní agus na hAlpa agus má sé chun a bheith san áireamh don chomórtas ‘Rí na sléibhte’, is le linn na staideanna sin a chaithfidh sé gaisce a dhéanamh.

Seo é an chéad uair a ghlacfaidh Bennett páirt sa Tour. Pictiúr: INPHO/Ciaran Fallon
Seo é an chéad uair a ghlacfaidh Bennett páirt sa Tour. Pictiúr: INPHO/Ciaran Fallon

Sam Bennett

Rugadh Bennett sa Bheilg ach tógadh é i gCarraig na Siúire, an baile céanna ina bhfuil cónaí ar Seán Kelly. Thosaigh sé amach le foireann Kelly in Éirinn ach is d’fhoireann Gearmánach, Bora-Argon 18, a bheidh sé ag rásaíocht sa Tour i mbliana.

Is rábálaí é Bennett agus mar sin, murab ionann agus Martin, beidh sé an rás níos deacra dó ná mar a bheidh do Martin i mbliana. Beidh seacht staid ann gur féidir le Bennet dul chun cinn a dhéanamh iontu agus rud amháin ar féidir leis leas a bhaint as ná go bhfuil an iomaíocht idir na rábálaithe eile sách cothrom. Níl Marcel Kittel, an Gearmánach a bhfuil ocht staid buaite aige le dhá bhliain anuas, ag glacadh páirte agus níl an réalta eile, Mark Cavendish, i mbarr a mhaitheasa i mbliana.

cruthaithe ag Bennett i mbliana go bhfuil sé ar dhuine de na rothaithe óga is sciobtha sa spórt agus má bhíonn sé fós san iomaíocht agus gan ach cúpla céad méadar fágtha ag deireadh staide, tá ar a chumas éacht a dhéanamh.

Fág freagra ar 'An triúr rothaithe Éireannacha atá ag glacadh páirte sa Tour de France'