An tríú lá tochailte á dhéanamh i gCarna mar chuid de chuardach mná atá ar iarraidh ó 1985

Is ar thóir coirp - nó creatlach coirp - atá na Gardaí atá i mbun na hoibre i Roisín na Mainiach mar chuid de chuardach mná, Bairbre Bhreathnach, atá ar iarraidh ó 1985

 

31/10/2012 Gardai on duty Outside Government Buildings. Pictured are Gardai outside Government Buildings and the Department of the Taoiseach on a rainy Wednesday. Garda are stationed outside the office every day. Photo: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Is é inniu – Dé Céadaoin – an tríú lá ag na Gardaí i mbun mionchuardaithe i gcomharsanacht an tí ina raibh cónaí ar Bhairbre Bhreathnach i Roisín na Mainiach, Carna i gConamara sula ndeachaigh sí ar iarraidh breis agus deich mbliana fichead ó shin.

Tá a fhios faoin tráth seo go bhfuil urlár seide in aice an tí cartaithe agus scrúdaithe ag na Gardaí agus go bhfuil cuid mhaith eile tochailte déanta acu. Go dtí seo, níl aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil mórán dul chun cinn déanta acu. Faraor, is ar thóir coirp – nó creatlach coirp- atá na Gardaí atá i mbun na hoibre seo uilig ar ghabháltas talúna mhuintir Bhreathnaigh.

Ar an 22 Meitheamh 1985 thart ar an 4 an mhaidin sin a facthas Bairbre Bhreathnach go deireanach ina teach cónaithe i Roisín na Mainiach. Bhí cóisir sa teach an oíche sin, ar an 21/22 Meitheamh, an oíche ba ghaire sa mbliain. Dá réir sin, bhí solas lae ann an tráth ar facthas í go deireanach. Ariamh ó shin, ní raibh tásc ná tuairisc ar Bhairbre Bhreathnach.

Trí bliana déag agus fiche a bhí sí san am, í pósta agus seachtar clainne uirthi – cúigear clann iníon agus beirt mhac. Bhí an chuid ba shine acu sna déaga de bhlianta agus bhí an té ab óige ina leanbh nuashaolaithe. Tá imeacht Bhairbre Bhreathnach ar cheann de na heachtraí is mo atá ag dul ó mheabhair ar mhuintir an cheantair leis na blianta.Screen-Shot-2015-06-16-at-00.18.493

Bhásaigh fear céile Bhairbre, Dara, riar blianta ó shin. Tá a clann éirithe aníos anois, cuid acu ina gcónaí i gceantar Chonamara agus cúpla duine thar lear. Is mór an t-ualach orthu é an fiosrúchán agus an cuartú seo freisin ach bheadh faoiseamh de chineál éigin le fáil as toradh críochnúil.

Tosaíodh an t-athbhreithniú ar chás Bhairbre Bhreathnach i mí Eanáir seo caite agus tá ráitis agus tuairiscí tógtha ó thrí scór duine ó shin i leith.

Tuigtear gurb é an t-eolas a cuireadh i dtoll a chéile de bharr an fhiosrúcháin sin uilig a thug ar na Gardaí an tóraíocht agus an tochailt seo a dhéanamh.

Is é nádúr na hoibre atá ar bun faoi láthair ná gur féidir léi a bheith an-mhall; d’fhéadfadh roinnt laetheana eile a bheith ar na Gardaí i Roisín na Mainiach agus ní féidir a bheith cinnte go bhfaighfear tada. Ach tá sé i gceist acu coinneáil orthu nó go bhfaighfear rud éigin – sin nó go mbeidh na Gardaí sásta nach bhfuil corp Bhairbre Bhreathnach in aice an tí cónaithe.

Níl na Gardaí sásta aon eolas breise a thabhairt faoi bhreartais eile faoi láthair, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh suim acu roinnt tochailte a dhéanamh i gcupla áit taobh amuigh den ghabháltas, mura n-éireoidh san áit a bhfuil siad i mbun oibre faoi láthair.

Tá Biuró Teicniúil agus foireann tóraíochta an Gharda Síochána in iarthar na tíre páirteach san obair i Roisín na Mainiach. Dhá mheaisín atá acu ar an láthair agus tá baill de na Gardaí á láimhsiú. Ní fiosrúchán coiriúil é seo ach tá ionadaithe as rannóg fiosrúcháin coireanna na nGardaí ar an láthair freisin.

Le cois na foirne uilig, tá gadhar a bhfuil oiliúint ar leith air tugtha anall as an mBreatain le cuidiú leis na Gardaí. Tá an gadhar seo oilte le suntas a thabhairt do lorg daonna agus iarphóilín Breataineach atá ag láimhsiú an ghadhair.

Bhí an gadhar seo páirteach cheanna i bhfiosrúcháin chomh fada ó bhaile leis an Rúis agus baineadh leas as sa tóraíocht a rinneadh ar dhaoine a bhí curtha i gcré ar an gcúlshráid tar éis don IRA iad a mharú – na ‘Disappeared’ mar a thugtar orthu.

Tá aird na ndaoine in iarthar Chonamara go mór ar an tóraíocht agus ar an dianfhiosrúchán seo i Roisín na Mainiach anois agus súil acu go bhfaighidh an teaghlach agus gach duine a bhain le Bairbre Bhreathnach faoiseamh agus freagraí sa deireadh.

Tá bóthar fada siúlta acu le deich mbliana fichead.