An tríú cluiche de dhíth i dTír Chonaill ach dea-scéala d’fhear amháin ó Ghaoth Dobhair agus do Bhearna i nGaillimh

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí móra na bhfoirne Gaeltachta le linn an deireadh seachtaine

An tríú cluiche de dhíth i dTír Chonaill ach dea-scéala d’fhear amháin ó Ghaoth Dobhair agus do Bhearna i nGaillimh

Imreoir Ghaoth Dobhair, Michael Carroll. Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Dún na nGall

Beidh an tríú cluiche ag teastáil chun teacht ar bhuaiteoirí Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall tar éis do Ghaoth Dobhair agus Naomh Conaill críochnú ar comhscór in athimirt an chluiche ceannais.

Fiú agus am breise imeartha i mBealach Féich, ní fhéadfaí na foirne a scaradh ó chéile, rud a d’fhág go mbeidh athimirt eile ann san oíche amárach, Dé Céadaoin 29 Deireadh Fómhair.

Bhí deiseanna ag an dá fhoireann sa chluiche seo a chríochnaigh 0-14 in aghaidh 1-11. Is é Seaghan Ferry a d’aimsigh pointe an chomhscóir do Ghaoth Dobhair agus 82 nóiméad imeartha. Cé go raibh an scór deireanach sin ag teastáil uathu chun go dtabharfadh siad na cosa leo, beidh díomá arís eile ar Ghaoth Dobhair nach ndearna siad an beart.

D’éirigh le Naomh Conaill teacht ar ais ag deireadh an chéad chluiche agus tharla an rud céanna arís san athimirt.

Bhí deis iontach ag Odhrán Mac Niallais nuair a bronnadh cic éirice ar Ghaoth Dobhair ag tús an ama breise agus cé gur chuir Mac Niallais a iarracht thar an trasnán, bhí fir Mhachaire Gathlán fós i gceannas i dtreo dheireadh an chéad leatha sin agus iad trí chúilín chun tosaigh. Bearna mhór ab ea í sin in am breise i gcoimhlint a bhí chomh géar sin.

Léirigh an teacht ar ais a rinne foireann Naomh Conaill an mianach atá iontu agus d’aimsigh foireann na nGleanntach ceithre phointe as a chéile, rud a d’fhág cúilín chun tosaigh iad nó go bhfuair Seaghan Ferry an scór tábhachtach sin ag fíordheireadh an chluiche.

Chuir Gaoth Dobhair drochthús leis an gcluiche. Chuir siad roinnt iarrachtaí amú sna chéad deich nóiméad agus tháinig an chéad scór nuair a shlánaigh Charlie McGuinness cic éirice do Naomh Conaill.

Bhí Gaoth Dobhair níos láidre an chuid eile den chéad leath, áfach, agus bhí siad chun tosaigh faoin am gur tháinig deireadh leis an gcéad 30 nóiméad, 0-6 in aghaidh 1-2.

Is beag a bhí idir na foirne sa dara leath agus ba é Ciarán Thompson a d’aimsigh an cúilín an chomhscóir in am cúitimh chun a chinntiú go mbeadh am breise ann.

Agus cluiche i gCraobh Uladh ar siúl Dé Domhnaigh, caithfear buaiteoir a fháil roimhe sin. Níl sé deimhnithe fós ag bord an chontae an ciceanna éirice a bheidh ann má chríochnaíonn an foirne ar comhscór arís amárach nó an mbeidh athimirt eile ar an gcluiche Dé Sathairn seo chugainn.

Cé nár thug Gaoth Dobhair leo Corn an Dochtúra Mhic Uidhir Dé Domhnaigh, bhí fear amháin ón gceantar ag ceiliúradh an lá céanna agus iar-imreoir de chuid an chumainn, Ciarán Ó Fearraigh, ina captaen ar fhoireann Ráth Tó, a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na Mí den chéad uair riamh.

Bhíodh Ó Fearraigh ag imirt d’fhoireann Ghaoth Dobhair go dtí gur aistrigh sé go dtí Ráth Tó trí bliana ó shin. Fuair Rath Tó an ceann is fearr ar Chnoc an Línsigh sa chluiche ceannais, 3-15 in aghaidh 2-13.

Gaillimh

Diarmuid ‘DD’ Ó Flatharta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá Bearna tagtha slán i ngrád na sinsear ar feadh bliana eile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chill Fhir Iarainn i gcluiche dícháilithe an deireadh seachtaine seo, 3-12 in aghaidh 1-10. Bhí Bearna rómhaith dá gcéilí comhraic i ndáiríre agus a mbua ocht gcúilín tuillte go maith acu.

Thug na cúil a fuair siad an-spreagadh don fhoireann Ghaeltachta. Fuair Diarmuid McGee agus DD Ó Flatharta ceann an duine do Bhearna díreach roimh leath ama chun iad a fhágáil 2-6 in aghaidh 0-4 chun cinn tar éis 30 nóiméad.

Fuair Cill Fhir Iarainn ceann ar ais nuair a shlánaigh Shane Hughes cic éirice ach d’aimsigh Bearna a dtríú cúl go luath ina dhiaidh sin nuair a scóráil Ryan Folan.

Níl aon bhliain le cúig bliana nach raibh Bearna i mbaol ísliú céime ach féach go bhfuil na cosa tugtha leo acu bliain eile. D’fhág bua an Domhnaigh ag Bearna go bhfuil slán fágtha ag Cill Fhir Iarainn leis an gcraobh shinsir den chéad uair le 50 bliain.

Ciarraí

Bryan Sheehan. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Beidh athimirt ann idir Ciarraí Theas agus na Crócaigh i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí an deireadh seachtaine seo chugainn tar éis do na foirne críochnú ar comhscór sa bhabhta leathcheannais.

Bhí deis iontach ag Ciarraí Theas teacht aniar aduaidh ar sheaimpíní Chiarraí. Bhí an fhoireann dúiche ceithre phointe chun tosaigh go luath sa dara leath d’am breise ach d’aimsigh Tony Brosnan cúl agus cúilín san am a bhí fágtha chun imreoirí Chill Airne a thabhairt ar ais ar comhscór.

Bhí imreoirí Phiarsaigh na Dromad, Graham O’Sullivan agus Niall O’Shea i lár an aonaigh do Chiarraí Theas agus fuair siad dhá chúilín an duine, ach ba é iar-imreoir Chiarraí, Bryan Sheehan, an gaiscíoch is mó acu. Seacht gcúilín ar fad a fuair Sheehan.

Chuaigh na Crócaigh chun tosaigh trí huaire idir an 47ú agus 60ú nóiméad ach gach uair acu sin d’aimsigh Sheehan cúilín chun Ciarraí Theas a thabhairt ar ais ar comhscór. Bhí deis eile aige an cluiche a bhuachan ag deireadh an ama breise ach chuaigh a chic saor amú.

Casfaidh na foirne ar a chéile arís an deireadh seachtaine seo chugainn agus tabharfaidh na buaiteoirí aghaidh ar Chiarraí Thoir. Fuair David Clifford naoi bpointe dóibhsean ina mbua ar Naomh Bréanainn.

Fág freagra ar 'An tríú cluiche de dhíth i dTír Chonaill ach dea-scéala d’fhear amháin ó Ghaoth Dobhair agus do Bhearna i nGaillimh'