An tríú bunscoil lán-Ghàidhlig le hoscailt i nGlaschú de bharr éileamh mór ar an nGaeloideachas

Cuirfear tús le próiseas comhairliúcháin an mhí seo chugainn agus reáchtálfar trí chruinniú poiblí i gcaitheamh mhí an Mheithimh mar chuid den phróiseas sin

An tríú bunscoil lán-Ghàidhlig le hoscailt i nGlaschú de bharr éileamh mór ar an nGaeloideachas

Tá an tríú scoil lán-Ghàidhlig le hoscailt i nGlaschú na hAlban mar gheall ar an éileamh atá ann sa chathair sin ar an nGaeloideachas. Fógraíodh próiseas comhairliúcháin maidir le hoscailt na scoile nua an tseachtain seo.

Cuireadh tuarascáil ó stiúrthóir oideachais Chomhairle Cathrach Ghlaschú, Maureen McKenna, faoi bráid na gcomhairleoirí cathrach an mhí seo caite inar maíodh nach raibh an dá scoil lán-Ghàidhlig atá ann faoi láthair in ann freastal ar an éileamh ar an nGaeloideachas sa chathair.

Tá scoil lán-Bhéarla atá i bhfoirgneamh in Gowanbank faoi láthair le haistriú go hionad nua an bhliain seo chugainn agus mhol McKenna go ndéanfaí athchóiriú ar an mbunscoil in Gowanbank agus go ndéanfaí bunscoil lán-Ghàidhlig di.

Cuirfear tús leis an bpróiseas comhairliúcháin an mhí seo chugainn agus reáchtálfar trí chruinniú poiblí i gcaitheamh mhí an Mheithimh mar chuid den phróiseas sin. Cuirfear deireadh leis an bpróiseas ag tús mhí Mheán Fómhair agus cuirfear an t-eolas a bhaileofar faoi bhráid Foghlam Alba, údarás oideachais na hAlban.

Tá 900 dalta cláraithe sna scoileanna lán-Ghàidhlig atá i nGlaschú cheana féin agus meastar go mbeidh 1,150 áit ag teastáil i gceann trí bliana.

“Ag tús mhí Eanáir 2017, bhí idir 120 agus 130 iarratas faighte ag an dá scoil don rang P1 (naíonáin bheaga) a thosóidh i mí Lúnasa 2017. Tá a fhios againn nach féidir le ceachtar den dá scoil freastal ar an éileamh seo má leanann sé ar aghaidh. Chinneamar glacadh le gach iarratas ó mhuintir Ghlaschú do Lúnasa 2017.

“Fágann sé sin go mbeidh orainn laghdú mór a dhéanamh ar líon na n-iarratas a nglacfar leo i Lúnasa 2018 agus sna blianta amach romhainn. D’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige sin ar fhorbairt agus ar sholáthar na bpleananna teanga atá ag an gComhairle don chathair,” a dúirt McKenna ina tuarascáil.

Deirtear sa tuarascáil freisin nach bhfuil dóthain ama ann chun scoil a thógáil as an nua le freastal ar an éileamh agus moladh go n-úsáidfí an foirgneamh in Gowanbank.

Dúirt urlabhraí de chuid na Comhairle Cathrach go bhfuil bród ar mhuintir Ghlaschú gurb í an áit is mó a sholáthraíonn oideachas i nGàidhlig taobh amuigh den Ghàidhealtachd.

“Bhí an-rath ar na seisiúin eolais a bhí againn ag deireadh na bliana seo caite leis na teaghlaigh a bheidh ag cur páistí chun na scoile agus tá tús anois le cur le próiseas foirmiúil comhairliúcháin faoin tríú bunscoil lán-Ghàidhlig sa chathair.

“Tá a fhios againn go gcuirfidh pobal Gàidhlig Ghlaschú fáilte mhór roimhe sin agus an tuar á dhéanamh nach mbeidh na scoileanna ag Berkeley agus Glendale in ann freastal ar an éileamh amach anseo,”  a dúirt an t-urlabhraí.