An tréas rannóg Bhéarla a bheith ar Tuairisc.ie chun fíorscéal na Gaeilge a insint?

Cad chuige nach bhfuil seirbhís nuachta ar líne i mBéarla ag lucht na Gaeilge féin?

An tréas rannóg Bhéarla a bheith ar Tuairisc.ie chun fíorscéal na Gaeilge a insint?

Chonaic tú, gan amhras, an dá alt faoi chúrsaí Gaeilge a bhí ar an tsuíomh seo ag tús na bliana, Súil Chun Cinn. Rinneadh plé agus tuairimíocht ar na dúshláin mhóra uilig go léir a bheas roimh lucht na teanga i mbliana: ceist na Gaeilge sa chóras oideachais; cúrsaí Gaeltachta agus reachtaíochta.

Tá na ceisteanna céanna ann le fada nó ní éiríonn le duine ar bith freagra a thabhairt orthu in am ar bith. Do bharúil, cad é mar a chaithfidh na meáin Bhéarla leis na ceisteanna sin agus, ceist chomh práinneach céanna, cad chuige a ligeann Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, na ceanneagraíochtaí, na meáin Ghaeilge, cad chuige a ligeann siad le hiriseoirí gan Ghaeilge an clár oibre ar na ceisteanna seo a réiteach?

Tuigeann tú an modh oibre faoin am seo. Beidh scéal ann, luath nó mall, ar na meáin Bhéarla faoin Ghaeilge éigeantach, faoin Ghaeilge a scrios saol mo pháiste, faoi reachtaíocht chostasach gan mhaith, faoi bhiogóidí na Gaeilge agus blá blá blá…

Faoi dhuine inteacht – iriseoir, feidhmeannach, gníomhaí, cantalaí – a bheidh sé litir a chur chun na nuachtán, tvuít a dhéanamh agus an t-iomlán léir a shéanadh, leagan eile den scéal a chur ar fáil.

Freagra a bheidh ann ar scéal atá scaipthe cheana féin. Ach beidh foireann na Gaeilge cúpla cúilín ar gcúl sula n-aimsíonn siad camán na fírinne agus sliotar an tsolais a chur san eangach. Seanscéal agus meirg, meirg mhór, meirg mhór mhór atá ann faoin am seo agus na meáin Bhéarla ag plé leis an teanga.

Cad chuige a ligtear leo? Cad chuige nach bhfuil seirbhís nuachta ar líne i mBéarla ag lucht na Gaeilge féin leis na ceisteanna seo a chur os comhair an phobail agus iad á gcur os comhair an phobail ag daoine a thuigeann na fadhbanna níos fearr ná mórán de na hiriseoirí gan Ghaeilge? Cad chuige a ligeann lucht na Gaeilge d’fhoireann an Bhéarla an fheadóg a shéideadh agus tús a chur leis an chluiche seo bliain i ndiaidh bliana?

Nach bhfuil an t-am ann ag an Fhoras, ag an Údarás, ag na ceanneagraíochtaí, teacht le chéile agus seirbhís Bhéarla aontaithe nuachta a chur ar fáil? Is minic a chuireann siad preasráiteas dátheangach ar fáil. An bhfuil cúis ar bith ann nach bhféadfaí síneadh beag breise a bhaint as an ghnás sin agus cúpla scéal nuachta i mBéarla a chur ar líne, in aon áit amháin, in am trátha agus go rialta; scéalta a thabharfadh léargas ar obair na n-eagraíochtaí, ar dhaoine atá ag obair ar son na teanga, scéal daonna a dhéanamh de ghluaiseacht teanga?

Tá an teangadheighilt go domhain i gcroí an phobail fud fad na hÉireann. Ta Gaeilge agat nó níl Gaeilge agat. Tá eolas ar an teanga agat nó tá tú aineolach ar an teanga. Cad é an bealach is éifeachtaí le cumarsáid a dhéanamh le mórchuid an phobail, thuaidh agus theas, nach labhraíonn Gaeilge? Bhuel, sea, Béarla.

Mura bhfuil an t-am ná an fhís ag na heagraíochtaí a leithéid a dhéanamh, nárbh fhiú dóibh cúpla euro a chur le chéile mar chiste agus rannóg bheag Bhéarla ar an tsuíomh seo nó ar shuíomh eile a mhaoiniú?

Tréas, an ea? Níl duine ar bith ag caint ar iriseoireacht scríofa na Gaeilge a chur ó mhaith. Ach smaoinigh air, mar seo, chaith mise blianta ag cur cúpla focal Gaeilge ar fhoilseacháin Bhéarla. Cad chuige nach gcuirfeadh iris Ghaeilge cúpla focal Béarla ar fáil? Is seirbhís dhátheangach é TG4; craolann RnaG amhráin Bhéarla san oíche. An bhfuil cúis ar bith ann nach dtapódh lucht na Gaeilge an deis le scéal na teanga, scéal cruinn ceart na Gaeltachta, a chur i gcló i mBéarla? Cé atá níos eolaí ar an scéal sin ná na meáin Ghaeilge féin?

Sea, is íorónta an ní, ach b’fhéidir gur cheart do lucht na teanga a gcuid Béarla a chleachtadh leis an Ghaeilge a chosaint. Mura ndéanann, tig leat na ceannlínte gruama Béarla a shamhlú sa bhliain atá romhainn.

Fág freagra ar 'An tréas rannóg Bhéarla a bheith ar Tuairisc.ie chun fíorscéal na Gaeilge a insint?'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Ní aontaoim. Níl mise i bhfabhar aon bhearla a bheith ar an suíomh seo, nach bhfuil go leor béarla againn sna méan bearla.

  • Con

    Déistin orm. Béarla á scríobh ag Gaeilgeoirí? Agus Fraincis ina dhiaidh sin? Spáinnis? Lucht na Gaeltachta agus na Gaeilge ina bpobal oilte ilteangach agus iad ag imirt tionchair ar shaol Bhéarlóirí na tíre seo? No, is fearr fanacht sa tseanré, luí síos agus an cáineadh a ghlacadh.

  • Fionnbarra

    Smaoineamh maith i mo thuairimse. Gan a leithéad de rud bíonn orainn dul le ‘parameters’ de lucht an Bhéarla i ngach díospóireacht. Níl aon gá go mbeadh sé ar an suíomh seo agus ní gá go mbeadh gach scéal ann. Ach, faoi láthair, níl eolas dá laghad ag an móramh ar a bhfuil ar siúl i saol na Gaeilge and ins na Gaeltachtaí.

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Aontaím leis an uasail Uí Mhuirí, is rud amadach é a rogha de ‘páirc an áir’ a fhágáil ag naimhde na Gaeilge an t-am ar fad. Ach ní bheidh alt i mBéarla san iris seo éifeachta mar ní mórán dár ‘namhad’ a léigheann ‘Tuairisc punc ie’. Ná bheadh sé i bhfad níos fearr dá nglacfadh saineolaí na Gaeilge agus daoine a gheibheann slí bheatha dóibh féin ón dteanga, daoine nach féidir na gnáth-mheáin comarsáide iad a dhiúltiú, an dúthshlán a thógaint chun scéalta dearfacha na Gaeilge agus buntáistí eolas na teanga do gach uile Éireannach, a chur os chomhar gnáthléitheoirí Béarla na mór-nuachtán agus na suíomhanna idirlín?

    Seo do sheans féin anois, a Phóil agus tú ar scor, tabhairt fé agus léitheoirí an ‘Irish Times’ a chur ar an eolas.