An Tour de France agus an pórtar – b’fhearr duit uait iad, ach is deacair cur suas dóibh…

Is fada an lá go n-éireoidh leis an rothaíocht greim a fháil ar ais ar an loinnir atá goidte uaithi acu siúd a tharraing náire ar an spórt

Chomh fada agus a bhaineann sé liom fhéin ní thabharfainn de shamhail don Tour de France ach mar a dhéanfainn le seacláid nó le pórtar –  tá a fhios agat go mb’fhearr duit uait iad, ach is deacair cur suas dóibh.

An t-am seo chuile bhliain tosaíonn daoine ag fonóid fúm, ag fiafraí cén chúis faoin spéir a bhféadfainn a bheith ag cur suim i gcoimhlint a bhfuil a chlú agus a cháil scriosta agus gur deacair a dhéanamh amach cé mhéid den fhírinne atá acu siúd a deir go bhfuil an mhaoirseacht atáthar a dhéanamh ar thógáil drugaí ann gaibhte i bhfeabhas.

Ní hé go bhfuil mé chomh tugtha sin dó. As seo go gcríochnóidh an Tour, coicís ó Dé Domhnaigh seo chugainn, ní móide go bhfeicfidh mé níos mó ná uair an chloig sa tseachtain dó.

Fós, go háirithe nuair a bheas na rothaithe sna sléibhte, caithfidh mé mo shúil ar an teilifís agus má tá aon spleodar san iomaíocht tabharfaidh mé tamaillín den lá dó.

Níl mé a dhath níos eolaí anois ná a bhí faoi an bhfuil rudaí feabhsaithe ón am ar tharraing Lance Armstrong, Alberto Contador agus a leithéidí náire ar an Tour. Táim amhrasach, ach i mo chroí istigh ba bhreá liom a chreidiúint go bhfuil.

I Dusseldorf na Gearmáine inné a thosaigh iomaíocht na bliana seo. Faoin am a dtiocfaidh siad go ceann cúrsa i bPáras beidh 3,540 km taistealaithe ag a mbeidh fanta den 198 rothaí (naonúr ar 22 foireann) agus cuairt tugtha acu freisin ar an nGearmáin, an Bheilg agus ar Lucsamburg faoin am a dtiocfaidh an 23 Iúil.

Sna sléibhte a bheidh deich gcinn den 21 Staid (péire eile in aghaidh an chloig agus 9 gcinn ar an talamh réidh) agus is cinnte go bhfeicfidh mé deireadh na dtrí staid a chríochnóidh ar bheanna. Sin iad Staid 5 – La Planche des Belles Filles i Sléibhte Vosges ar theorainn na Gearmáine; Staid 12 – Peyragudes sna Piréiní ar theorainn na Gearmáine agus Staid 18 – Col d’Izoard sna hAlpa atá 2,360 méadar os cionn leibhéal na farraige. Cuimhnigh gur 1,038m atá Corrán Tuathail.

Tuigim agus tagaim leis an éadóchas. Ar fhaitíos nach raibh blianta na ndrugaí dona go leor, táthar ag caint anois ar shéitéireacht teicneolaíochta freisin. I dtús na bliana seo caite frítheadh amach go raibh mótar beag i bhfráma an rothair ag bean as an mBeilg a bhí san iomaíocht i rás trastíre. Tá an t-idirlíon lán le pictiúir de rothair a bhfuil a gcuid rothaí fós ag dul timpeall agus iad siúd a bhí ag marcaíocht orthu tite díobh le tamall maith.

Céad bliain ó shin branda agus fíon a thóg na hiomaitheoirí le fuinneamh a chur fúthu fhéin – ní hé nár theastaigh rud éicint, i 1926 thaistil siad 5,745 km agus chaith 28 lá ar an mbóthar. Ina dhiaidh sin tháinig cocaon agus sna 1980idí amfataimíní, stéaróidigh agus faoi dheireadh an EPO. Sin é an ceann ab éifeachtaí ar fad mar go bhfágann sé níos mó ocsaigine i bhfuil an iomaitheora.

Is fada an lá go n-éireoidh leis an rothaíocht greim a fháil ar ais ar an loinnir atá goidte uaithi acu siúd a tharraing náire ar an spórt. Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é, a deir siad, ach ní féidir gur míshlachtmhar atá chuile ghabhar ach an oiread.

Bíodh cothrom na Féinne le fáil ag chuile dhuine nó ná bíodh, ’sí barúil na n-údar gur deacair a dhéanamh amach an é Chris Froome nó Richie Porte a bheas ag caitheamh an gheansaí buí nuair a thiocfaidh na rothaithe chomh fada leis an Champs Élysées coicís ó Dé Domhnaigh. Má bhíonn an bhearna idir an bheirt chomh beag agus atá na geallghlacadóirí a thuar (Porte 6/4, Froome 13/8), ansin tharlódh go mbeinn ag caitheamh beagán níos mó ama os comhair na teilifíse.

Ba é Porte an comhghuaillí mór a bhí ag Froome ar fhoireann Sky nuair a bhuaigh seisean an Tour in 2013 agus 2014, ach nuair a bhuaigh sé arís é anuraidh, bhí an tAstrálach imithe chuig BMC , áit arb eisean ceannasaí na foirne sin anois.

Tar éis dó déanamh go maith sa Paris-Nice (3ú háit) agus sa Volta a Catalunya (4ú háit), bhí Porte ar bharr liosta fiúntais an domhain go gairid tar éis dó Sky a fhágáil. Ach ní mba thúisce Tour 2016 tosaithe ná d’fhág fabht ar a rothar chun deiridh é ar Staid 2. De bharr a chumais sna sléibhte ina dhiaidh sin, chríochnaigh sé sa 5ú háit sa rás a bhuaigh Froome agus farasbarr os cionn 4 nóiméad aige ar an té ba ghaire dó. Is ar éigean a bheidh an bhearna chomh mór sin i mbliana, déarfainn.

Rud eile a mbeidh mé ag faire air is ea an éireoidh le Mark Cavendish curiarracht atá ina seasamh le hos cionn dhá scór bliain a shárú. Nuair a bhuaigh an Beilgeach Eddie Merckx an rás aonair in aghaidh an chloig idir Fleurance agus Auch ar an 7ú Iúil 1995, b’in é an 34ú staid buaite ag Merckx sa Tour ó chuaigh sé chun iomaíochta ann den chéad uair 26 bliain roimhe sin.

Go dtí seo tá 30 staid buaite ag Cavendish in imeacht 8 mbliana – ceithre cinn anuraidh san áireamh. Thabharfadh ceann lena chois sin as seo go ceann trí seachtaine an chraobh dó.

Fág freagra ar 'An Tour de France agus an pórtar – b’fhearr duit uait iad, ach is deacair cur suas dóibh…'