An toradh is fearr do na páirtithe eile? Rialtas aonpháirtí d’Fhine Gael…

Dar lenár gcolúnaí gur chun leas na bpáirtithe eile a bheadh sé dá mba ag Fine Gael a bhí an ‘bua’ i dtoghchán na bliana seo chugainn

endakenny

De réir mar a dhruideann dáta an olltoghcháin linn is ea is mó a théann an díospóireacht pholaitiúil i mbríomhaireacht agus i dteannas. De réir mar a oireann sé do thoil na n-urlabhraithe, dár ndóigh.

Sa gcomhthéacs seo, b’aisteach an chaoi ar chuir Páirtí an Lucht Oibre an oiread sin fáilte roimh an méadú tacaíochta a léiríodh d’Fhine Gael sa bpobalbhreith is deireanaí ó Behaviour & Attitudes sa Sunday Times, nuair atá Páirtí an Lucht Oibre féin fós faoi bhun an deich faoin gcéad – figiúr a ndéanfadh sé deacair dóibh fiú seacht suíochán a fháil.

Tá dóchas fós ann go ndéarfaidh na vótóirí nach bhfuil aon rogha sheasmhach eile ann do na blianta amach romhainn ach an rialtas reatha a chur ar ais, bíodh is nach bhfuil aon fhianaise go fóill againn go bhfuil aon mhaolú tagtha ar an bhfearg atá ar iar-vótóirí an Lucht Oibre.

Agus más comhartha ar bith iad na toghcháin áitiúla, níl aon dáilcheantar ann ar féidir a rá faoi go bhfuil suíochán cinnte ann don pháirtí. Tá a gcuid seansanna ag brath níos mó ar laigí na n-iarrthóirí eile seachas ar a dtacaíocht féin.

Bíodh sin mar atá, mura bhfuil an chaint faoi theacht aniar an gheilleagair ag dul i bhfeidhm rómhór ar na vótóirí, ba dhána an mhaise talamh slán a dhéanamh de nach bhféadfadh le páirtí ar bith seachas Fine Gael rialtas a chur le chéile.

I gcás Pháirtí an Lucht Oibre, níl sé cruthaithe acu gur féidir leo dul i mbun  rialtais le páirtí sin na heite deise gan stró, gan cheist, gan achrann.

Ar an taobh eile, tá Fianna Fail i bhfaopach i gcónaí, sáinnithe idir Fine Gael agus Sinn Féin, agus i mBaile Átha Cliath go háirithe, níl ag éirí leis an bpáirtí an tacaíocht a chaill siad in olltoghchán na bliana 2011 a fháil ar ais.

Is iad Sinn Féin, ámh, an príomhnamhaid acu. Ar thaobh amháin, tá an tacaíocht a bhíodh ag Fianna Fáil ‘goidte’ ag Sinn Féin; os a choinne sin, tá faitíos ar an meánaicme go bhféadfadh an páirtí comhrialtas a dhéanamh leis na Poblachtánaigh.

Tá súil ag Micheál Martin gur féidir leis an faitíos sin a mhaolú trí ionsaithe géara leanúnacha a dhéanamh ar Shinn Féin.

Go deimhin, ní hiad páirtithe na bunaíochta amháin atá ag tabhairt faoi Shinn Féin. Tá an Páirtí Sóisialach, faoi chleití toghchánaíochta na Comhghuaillíochta in aghaidh na Déine, dírithe ar Shinn Féin agus ag éirí níos géire ina n-aghaidhsean ná mar atá siad in aghaidh aon pháirtí eile.

Ar ndóigh, tá míniú simplí air sin. Murach Sinn Féin, creideann siad go mbeadh na vótóirí atá ag tréigean Fhianna Fáil agus Pháirtí an Lucht Oibre araon ag teacht chucu féin.

Ach léiríonn na hionsaithe seo ar Shinn Féin nach mbeadh páirtithe na heite clé in ann rialtas a chur le chéile fiú dá mbeadh dóthain suíochán acu.

Agus is ag brath ar an méid sin atá Joan Burton. Ní bheidh rialtas den eite chlé ann; ní bheidh Fianna Fáil sásta rialtas seasmhach a chur ar bun le Fine Gael; agus tá a páirtí féin riachtanach le cuid den nimh a bhaint as polasaithe Fhine Gael. Cé a choimeádfaidh srian ar Fhine Gael agus cé a dhéanfaidh a dtionchar a mhaolú? An rialtas aonpháirtí de chuid Fhine Gael atá uainn dáiríre? Sin na cineálacha ceisteanna a bhfuil súil ag Joan Burton go rachaidh siad i bhfeidhm ar an bpobal.

Is ait an argóint í, cinnte, a rá gur chóir dul i gcomhpháirtíocht le páirtí nach bhfuil muinín agat astu, ach is é an tseift dheireanach é atá fágtha ag Páirtí an Lucht Oibre.

Cabhair é do Joan Burton go bhfuil uachtarán SIPTU, Jack O’Connor, ag tacú leis an argóint sin, ach fágann sé nach féidir linn a bheith ag súil le hathrú polasaí i ndiaidh an toghcháin.

Nó an féidir?

Braitheann sé, ar ndóigh, ar mhéid na tacaíochta a gheobhas na páirtithe, ach dóibh siúd a bhfuil athrú polasaí ag teastáil uathu, is é an toradh is fearr, b’fhéidir, (sa gcás nach féidir rialtas aontaithe den eite chlé a chur le chéile) ná ligean d’Fhine Gael dul i mbun rialtais leo féin. 

Ní mhairfeadh a leithéid de rialtas mionlaigh rófhada, ach thabharfadh sé deis do na ceardchumainn a ndearcadh faoi phrionsabail Right2Change a threisiú agus a bheachtú. Ar an gcaoi chéanna, thabharfadh sé deis d’Fhianna Fáil dul i dtreo na heite deise nó na heite clé, de réir mar a d’fheilfeadh dóibh féin. Agus thabharfadh sé deis do Shinn Féin a léiriú, dá bharr, go bhfuil sé ar a gcumas páirt a ghlacadh i gcomhghuaillíocht mhór in aghaidh na déine agus ar son cearta oibrithe is cearta an náisiúin.

Is sa gcomhthéacs sin freisin a bheadh deis ag Páirtí an Lucht Oibre filleadh ar a gcuid préamhacha, agus fíorghuth ghluaiseacht na n-oibrithe a mhúscailt an athuair i gcomhar leo siúd ar fad nach bhfuil sásta leis an seanchóras polaitíochta agus eacnamaíochta.

Nó an bhfuil sé rómhall don pháirtí sin anois?

Fág freagra ar 'An toradh is fearr do na páirtithe eile? Rialtas aonpháirtí d’Fhine Gael…'