An ‘Top 13 Favourite Gaeilgeoirs’ agus scéalta eile ó Sheachtain na Gaeilge

Seo blaiseadh d’fhéile Sheachtain na Gaeilge…

Screen Shot 2016-03-03 at 20.36.48

Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seol arís ar fud na tíre agus níos faide fós i gcéin. Tá imeachtaí á n-eagrú i scoileanna, i gcoláistí agus in ionaid phobail ar fud na hÉireann agus na céadta duine ag caint faoi ar na meáin shóisialta. Tugtar anseo blaiseadh de scléip na féile i measc lucht Twitter, Facebook agus eile:

Chuir foireann an chomhlachta Ioruaigh ‘Trybe’ an giolc seo amach inniu agus iad ag cleachtadh a gcuid Gaeilge:

Thapaigh an láithreoir raidió ó Chonamara, Chris Green, an deis, mar is dual dó, jóc a dhéanamh faoi mheon mhuintir na Gaeltachta i leith Sheachtain na Gaeilge. Gan amhras bhí roinnt áibhéile i gceist aige, ach ba chliste agus ba ghreannmhaire fós an freagra a thug Ciara Ní É air:


Níorbh é Chris Green an t-aon láithreoir de chuid RTÉ 2fm a chuir teachtaireacht amach faoi #SnaG16 ar Twitter. Mheall an ceann seo os cionn 120 croí ó lucht leanta Eoghan McDermott:


Ar ndóigh, bíonn sí ina ‘Seachtain na Gaeilge’ do chuid mhaith cainteoirí Gaeilge in Éirinn gach seachtain agus is é sin an scéal a bhí ag rang na naíonán beag i Maigh Nuad:


Cainteoir laethúil wile Gaeilge is ea Marc Ó Sé a bhíonn ag imirt caide le Ciarraí, mar a thug CLG le fios sa ghiolc seo ó chuntas oifigiúil na heagraíochta:


Tá páirt á glacadh ag Cumann Sacair Naomh Pádraig in Inse Chóir i Seachtain na Gaeilge freisin agus an póstaer deas seo deartha ag an bhfoireann le bronnadh ar pháistí saor in aisce:


Beatha teanga í a léamh, ar ndóigh, agus tá go leor foilsitheoirí ag tacú le Seachtain na Gaeilge i mbliana – ní gá ach Futa Fata, a sheol an leagan Gaeilge de The Diary of a Wimpy Kid inniu, a lua! Ná bíodh sé mar leithscéal ag duine ar bith nach féidir leo teacht ar leabhair i nGaeilge agus siopaí ar nós ‘Scéal Eile Books’ i gCorcaigh ag déanamh a ndíchill:


Tá na foilsitheoirí Folens ag iarraidh ar scoileanna ar fud na tíre a rá leo ar Twitter cén chaoi a bhfuil an tseachtain á ceiliúradh acu agus duais acu do mhúinteoirí na tíre:

 


An rud is annamh is iontach, tá na meáin Bhéarla ag cur suim sa teanga faoi láthair freisin. Scríobh an ceoltóir Fiach Moriarty alt i nGaeilge don iris Hot Press:


Agus roinn goss.ie linn a ‘Top 13 Favourite Gaeilgeoirs’. Ní fios cén slat tomhais a bhí acu!

Screen Shot 2016-03-03 at 20.36.48


Is liosta le lua liosta na n-imeachtaí atá ar siúl ar fud na tire. Roinn an Comhairleoir Cathrach Niall Ó Donnghaile as Béal Feirste clár léachtaí Chumann Chluain Ard do Sheachtain na Gaeilge:


Agus ar ndóigh tá níos mó Gaeilge le cloisteáil an tseachtain seo ar RTÉ chomh maith:


Agus, mar fhocal scoir, bíonn neart ceoil le cloisteáil chomh maith le linn Sheachtain na Gaeilge. Seo an port is déanaí ó IMLÉ – ‘Fún Orm’:

Fág freagra ar 'An ‘Top 13 Favourite Gaeilgeoirs’ agus scéalta eile ó Sheachtain na Gaeilge'