An-tóir ar cheolchoirm le Cormac na gconsairtíní ina veain campála i gCorca Dhuibhne

Deir Cormac Ó Beaglaoich le Tuairisc.ie go raibh ‘iontas air’ go raibh lucht féachana chomh mór sin aige dá cheolchoirm speisialta

An-tóir ar cheolchoirm le Cormac na gconsairtíní ina veain campála i gCorca Dhuibhne

Tá ceolchoirm le fear na gconsairtíní Cormac Ó Beaglaoich, a craoladh beo óna veain campála i nGaeltacht Chiarraí, á scaipeadh go tréan ar na meáin shóisialta.

Ceol na háite, a “chlann consairtíní” (suas le dosaen ar fad!) agus áilleacht Ghaeltacht Chiarraí Thiar a bhí ar chlár na ceolchoirme a craoladh beo ar Facebook agus Instagram an tseachtain seo.

Tuairim is míle a d’éist leis an cheolchoirm beo, a rinneadh i gcomhpháirt le Cultúr Éireann agus tá sé feicthe ag breis agus 30,000 duine ó shin.

Dúirt Cormac Ó Beaglaoich le Tuairisc.ie go raibh “iontas air” go raibh lucht féachana chomh mór sin aige agus gur phioc sé “ardán fé leith” chun an cheolchoirm a thaifeadadh.

“Is ceann de na háiteanna is deise é i gCiarraí Thiar agus radhairc de Thúr Bhaile Dháith, An Fear Marbh, Na Triúr Deirféar agus Cnoc Bréanainn ar fáil ann. Is í an áit is gile í ag deireadh na hoíche mar go dtéann an ghrian síos taobh thiar den fharraige, rud a chabhraigh leis an taifeadadh.

Bua eile, a dúirt Ó Beaglaoich, ná go raibh ardluas uaslódála ar fáil ann, ina bhféadfadh sé craoladh go Facebook agus Instagam ag an am céanna, rud nach fíor faoi gach áit sa cheantar máguaird.

Sula leagann sé méar ar chonsairtín, tugann Ó Beaglaoich camchuairt bheag ar a sheanchamper don lucht féachana sa bhaile.

“Theastaigh uaim mo sheanchamper 1969 Mercedes a thaispeáint agus é déanta suas ag beirt chairde liom le déanaí. Theastaigh uaim labhairt faoin tslí a oibríonn na consairtíní agus na fuaimeanna faoi léith a bhaineann leis na consairtíní éagsúla.

“Theastaigh uaim mo chlann consairtíní a thaispeáint, ón dord, baratón, picallo, tribil, agus miniature, an ceann beag bídeach agus blaiseadh beag de cheol na háite a sheinm do dhaoine ag baile,” a dúirt Ó Cormac Ó Beaglaoich le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'An-tóir ar cheolchoirm le Cormac na gconsairtíní ina veain campála i gCorca Dhuibhne'