‘An togra is mó riamh sa gceantar’ – €2 milliún á lorg ag Carna-Caiseal do Chomórtas Peile na Gaeltachta

Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta I gceantar Iorras Aithneach in 2028 agus áiseanna nua spóirt le tógáil ag Carna-Caiseal don chomórtas agus do phobal na háite

‘An togra is mó riamh sa gceantar’ – €2 milliún á lorg ag Carna-Caiseal do Chomórtas Peile na Gaeltachta

Tá suas le €2 milliún á lorg ag cumann beag i gConamara chun fáil réidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta in 2028.

Tá sé deimhnithe go mbeidh Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta á reáchtáil ag Carna-Caiseal den chéad uair riamh faoi cheann cúig bliana agus forbairtí suntasacha fógartha ag an gcumann mar chuid den ullmhúchán.

Tiocfaidh féile peile na nGael chomh fada le ceantar Iorras Aithneach an bhliain chéanna a mbeidh an cumann Carna-Caiseal ag comóradh 100 bliain a bhunaithe agus beidh áiseanna nua spóirt á dtógáil d’fhoirne peile an chumainn agus do phobal na háite.

Deir Carna-Caiseal go bhfuil sé i gceist ag an gcumann páirc nua, chomh maith le seastán, carrchlós agus cosán siúil a thógáil ar thalamh an chumainn díreach taobh thoir de shráidbhaile Charna. Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe ionad spóirt a thógáil ina mbeidh seomraí feistis, seomraí traenála, halla spóirt, agus giomnáisiam poiblí.

Deir lucht an chumainn go mbeidh an togra “ar an gceann is mó riamh sa gceantar agus is mó i gConamara le fada an lá”.

Tá infheistíocht timpeall €2 milliún á lua leis an bhforbairt agus an cumann ag súil le tacaíocht a fháil ón stát agus ón bpobal chun an togra a chur i gcrích.

Dúirt Tomás Ó Briain, Cathaoirleach Chumann Peile Charna-Caiseal go dtugann reáchtáil an Chomórtais an deis dóibh “brú ar aghaidh le forbairt áiseanna spóirt sa gceantar, áiseanna poiblí a bhfuil géarghá leo agus atá dhá n-éileamh ón bpobal le fada an lá”.

“Tá obair mhór amach romhainn, ach is dúshlán é seo a spreagfas an pobal beo bríomhar atá againn anseo sa mbaile agus ar ndóigh pobal an cheantair pé áit ar domhan a bhfuil siad lonnaithe.”

Beidh Cumann Peil na mBan Carna-Caiseal, Club lúthchleasaíocht Chonamara agus coistí eile sa gceantar páirteach sa togra chomh maith.

Chuir Sinéad Bhreathnach, rúnaí Pheil na mBan Carna-Caiseal, fáilte roimh an bhfógra agus freisin roimh an scéala go bhfuil stádas oifigiúil tugtha d’fhoirne na mban ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Dúirt Cathaoirleach an chlub lúthchleasaíochta Pauline Uí Mhurchú go rabhthas chun gach tacaíocht a thabhairt do chumainn Charna-Caiseal le fáil faoi réir don Chomórtas.

“Tá tacaíocht iontach faighte againn ón gcumann peile ó bhunaigh muid an club lúthchleasaíochta agus tá muid ag súil anois a bheith ag comhoibriú leo agus tacú go láidir lena gcuid pleananna.”

Tá sé i gceist ag Carna-Caiseal feachtas bailiúchán airgid a eagrú le feachtais éagsúla sa mbaile agus thar lear agus ceann acusan fógartha cheana féin. Beidh grúpa rothaithe ón gcumann chun babhta rothaíochta 320km a dhéanamh ó pháirc Charna go páirc Naomh Muire in íochtar Na Rosann i nDún na nGall, áit a mbeidh Comórtas Peile na Gaeltachta á reáchtáil i mbliana.

Mairfidh an rothaíocht dhá lá agus fágfaidh na rothaithe páirc Charna ar an Déardaoin, an 1 Meitheamh agus súil acu íochtar na Rosann a bhaint amach tráthnóna Dé hAoine, an 2 Meitheamh in am don chéad chluiche i gComórtas Peile na Gaeltachta 2023.

Fág freagra ar '‘An togra is mó riamh sa gceantar’ – €2 milliún á lorg ag Carna-Caiseal do Chomórtas Peile na Gaeltachta'