AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sinn Féin ag súil lena gcuid a chosaint i mBéal Feirste

Agus toghchán Stormont buailte linn tugann Tuairisc sciuird thart ar na toghcheantair i dTuaisceart Éireann. An babhta seo, ceithre thoghcheantar Bhéal Feirste

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sinn Féin ag súil lena gcuid a chosaint i mBéal Feirste

Sinn Féin an páirtí is mó i mBéal Feirste le seacht suíochán as 20 agus an DUP sa dara háit le cúig cinn. Ag cosaint a gcoda atá siad; an sprioc acu araon sa chathair agus gach áit eile – níos lú ná a gcéile comhraic a chailliúint.

Béal Feirste Thiar 

17 iarrthóir atá anseo, an líon is mó in aon áit. 

Ceathrar atá ag Sinn Féin agus Pobal Seachas Brabús a bhuaigh an suíochán eile.

Is é Béal Feirste Thiar, ina bhfuil cuid de na comharsanachtaí is boichte i dTuaisceart Éireann, daingean Shinn Féin. Bhí ceithre shuíochán as cúig cinn acu ó 2017, an toradh ab fhearr as na 18 toghcheantair. Bhí an suíochán eile ag Pobal Seachas Brabús. Chaill an SDLP a shuíochán in 2017 nuair a laghdaíodh líon na dteachtaí.

Bhí 3.7 cuóta ag Sinn Féin in 2017 nuair a toghadh Órlaithí Flynn, Alex Maskey, Fra McCann agus Pat Sheehan. Tá Maskey agus McCann éirithe as agus Aisling Reilly, curadh liathróid láimhe agus Gaeilgeoir, agus Danny Baker, iarmhéara ar Bhéal Feirste, ag seasamh ina n-áit. Tá an-bhéim á leagan ag Sinn Féin ar an tábhacht atá leis go dtoghfaí ceathrar anseo mar thaca lena seans ar an gcéad-aireacht in Stormont agus a lucht stocaireachta ag cur fainic ar vótóirí go bhféadfadh an ceathrú suíochán a bheith i mbaol. Tá siad ag súil go ngríosóidh sé sin a lucht leanta.

Tá Gerry Carroll ó Phobal Seachas Brabús ag cosaint an tsuíocháin a bhuaigh sé den chéad uair in 2016 agus a choinnigh sé gan stró in 2017. 

Tá an SDLP agus a n-iarrthóir Paul Doherty, oibrí pobail a ritheann banc bia, ar a míle dícheall ag iarraidh suíochán a bhaint ar ais. Leathchuóta a bhí acu cúig bliana ó shin agus súil acu go méadóidh Doherty an stór sin agus go mbeidh sé sa rás sách fada le buntáiste a bhaint as aistrithe ón lion an-mhór iarrthóirí atá ag seasamh.

Bhí os cionn leathchuóta (0.6) ag Frank McCoubrey an DUP agus é chun tosaigh ar an SDLP, rud a d’fhág gurb é a bhí ag streachailt don suíochán deiridh a fuair Sinn Féin. Tá an DUP i mbun dianfheachtais i gceantar dílseach na Seanchille, iad ag tathant ar aontachtaithe eile tacú le McCoubrey chun an suíochán a chaill Diane Dodds 15 bliain ó shin a bhuachan ar ais. I bhfianaise na cainte faoi thitim ar thacaíocht an DUP, beidh McCoubrey ag súil go mbeidh sé fós san iomaíocht nuair a chuirfear an TUV agus an UUP as an áireamh.

D’fhéadfadh Sinn Féin, an DUP agus an SDLP a bheith san iomaíocht don suíochán deiridh.

Béal Feirste Thuaidh 

14 iarrthóir atá anseo.

Beirt ó Shinn Féin, beirt ón DUP agus duine ón SDLP a toghadh anseo cúig bliana ó shin.

Toghcheantar é ina bhfuil roinnt comharsanachtaí an-bhocht. Chaill an DUP suíochán nuair a laghdaíodh líon na dteachtaí ó sheisear go cúigear. Ba iad Gerry Kelly agus Carál Ní Chuilín a toghadh do Shinn Féin agus tá siad beirt san iomaíocht arís mar atá leascheannaire an SDLP, Nicola Mallon. Tá an bheirt a toghadh don DUP, Paula Bradley agus William Humphrey, éirithe as agus na comhairleoirí Brian Kingston agus Philip Brett ag seasamh den chéad uair ina n-ionad. Tá triúr aontachtach eile ag seasamh, don UUP, TUV agus PUP.

Tá sé mar sprioc ag Alliance – páirtí na comhghuaillíochta – suíochán a bhaint anseo an uair seo. In 2017 bhí leath de chuóta ag Nuala McAlister agus í san iomaíocht le Carál Ní Chuilín, Sinn Féin, don suíochán deiridh. Mhéadaigh sí sciar an pháirtí den vóta san olltoghchán in 2019 agus maíonn Alliance go bhfuil forbairt mhór déanta acu ó shin.

Ceaptar gurb í Ní Chuilín a bheadh i gcontúirt ó McAlister ach tá imní ar Nicola Mallon an SDLP go bhfuiltear ag déanamh talamh slán de go n-atoghfar í. Tá sí ag cur fainic ar a lucht tacaíochta gan a bheith ró-réchúiseach.

Tá ceisteanna mar sin faoi chinniúint na dtrí pháirtí ar toghadh a n-iarrthóirí in 2017. Tá amhras faoin DUP mar gheall ar mheath an pháirtí de réir na bpobalbhreitheanna agus iarrthóirí nua gan mórán taithí, faoin SDLP agus faoin dara suíochán de chuid Shinn Féin.

Béal Feirste Theas 

14 iarrthóir atá anseo i dtoghcheantar a ndeirtear faoi gurb é an ceann is ilchineálaí sa Tuaisceart. 

Ionadaithe ó chúig pháirtí a toghadh anseo – Sinn Féin, DUP, SDLP, Alliance agus an Comhaontas Glas.

Ba é scéal mór an toghcheantair le déanaí gur bhásaigh Teachta an DUP, Christopher Stalford, go tobann i mí Feabhra agus gurb é Edwin Poots, duine de sheanfhondúirí eite thraidisiúnta an pháirtí ó Ghleann an Lagáin, a bheadh ag seasamh i mBéal Feirste Theas. Chaith Poots a shaol polaitíochta go dtí seo i nGleann an Lagáin ach b’éigean dó é a fhágáil mar nach mbeadh a shuíochán sábháilte ó tá Jeffrey Donaldson ag seasamh do Stormont sa cheantar. Bhí Poots lárnach sa chogadh cathartha a bhris amach go poiblí san DUP an t-am seo anuraidh agus a lean nuair a dhiúltaigh Ard-Chomhairle an pháirtí dó mar iarrthóir san Dún Theas, a chéad rogha i ndiaidh a thoghcheantar baile.

Bhí cuóta agus ceathrú ag an DUP i mBéal Feirste Theas in 2017 ach chaill siad suíochán. Tá teaghlach Christopher Stalford mór le Poots, iad ag tacú leis agus mura mbíonn lá tubaisteach ag an DUP meastar go mbeidh an lá leis ach go mbeidh vóta an pháirtí laghdaithe. Beidh iarrthóirí an UUP agus an TUV ag cur brú air ón dá thaobh.

Tá Deirdre Hargey, a comhthoghadh nuair a d’éirigh Máirtín Ó Muilleoir as an bpolaitíocht, ag cosaint suíochán Shinn Féin: bhí beagán le cois cuóta acu cúig bliana ó shin. 

Tá Matthew O’Toole, a comhthoghadh nuair a chuaigh Claire Hanna go Westminster agus iarrthóir nua eile, Elsie Trainor, san iomaíocht don SDLP a raibh beagán le cois cuóta acu in 2017 ach a fuair vóta ollmhór in 2019. 

Tá Clare Bailey, ceannaire an Chomhaontais Ghlais ag cosaint a suíocháin féin. Bhí beagán sa bhreis ar leathchuóta aici in 2017 ach tá aithne i bhfad níos fearr uirthi ó d’éirigh lena Bille Athraithe Aeráide in Stormont.

Tá Paula Bradshaw a toghadh do pháirtí na comhghuaillíochta agus Kate Nicholl a bhí ina Méara ar Bhéal Feirste le bliain ag maíomh go dtig leo dhá shuíochán a bhaint. Cuóta amháin a bhí ag a mbeirt iarrthóirí in 2017 agus thit a vóta olltoghcháin in 2019 i gcomparáid le toghchán Westminster in 2017, an t-aon áit inar tharla a leithéid. Teastóidh méadú mór chun a sprioc a bhaint amach. 

Ta Pobal Seachas Brabús, an Páirtí Sóisialach, Páirtí na nOibrithe, Aontú agus iarrthóir neamhspleách ag seasamh freisin agus beifear ag faire ar a n-aistrithe sin, fiú más beag a líon.

Béal Feirste Thoir 

13 iarrthóir atá anseo agus beirt don DUP, beirt d’Alliance agus duine don UUP a toghadh cúig bliana ó shin.

Daingean aontachtach ab ea Béal Feirste Thoir le fada agus an lámh in uachtar ag an DUP a chaill a thríú suíochán in 2017. Ó 2010, nuair a bhain Naomi Long, páirtí na comhghuaillíochta, an suíochán parlaiminte de Peter Robinson, a bhí ina cheannaire ar an DUP ag an am, tá cóimheá na cumhachta sa toghcheantar ag athrú. Bhain an DUP an suíochán Parlaiminte ar ais ó Long ach bhain Alliance dhá shuíochán Tionóil in 2011 agus tá siad coinnithe acu ó shin, bhí siad an-ghar do dhá chuóta in 2017. Peter McReynolds an comhiarrthóir nua atá ag Naomi Long, ceannaire Alliance, óir tá Chris Lyttle éirithe as.

Tá Joanne Bunting an DUP ag cosaint a suíocháin agus comhiarrthóir nua aicise, David Brooks, ó díroghnaíodh Robin Newton. Bhí dhá chuóta agus ceathrú ag an DUP in 2017 ach beidh an dara hiarrthóir airdeallach faoin gcontúirt go scaipfear vótaí aontachtacha toisc John Ross, TUV, agus Karl Bennett, PUP, a bheith san iomaíocht.

Tá Andy Allen ag cosaint a shuíocháin don UUP agus comhiarrthóir in éineacht leis, Lauren Kerr. Seans gur botún é beirt a rith, go háirithe nuair bheidh an iomaíocht idir aontachtaithe chomh dian sin.

Tá Brian Smyth ag seasamh don Chomhaontas Glas agus é thar a bheith feiceálach le linn an fheachtais. Bhí vóta an pháirtí íseal in 2017 ag 4% ach bhí 7% acu sna toghcháin áitiúla in 2019. Beidh seans beag acu, b’fhéidir, má scaiptear na vótaí aontachtacha go cothrom idir cúigear nó seisear.

Tá an SDLP, Sinn Féin, Pobal Seachas Brabús, agus Páirtí na nOibrithe ag seasamh freisin. Measann lucht staitisticí gur athrú pearsan seachas athrú ar chóimheá na bpáirtithe a tharlóidh.

Ní féidir le Sinn Féin talamh slán a dhéanamh de go gcoinneoidh siad a gcuid

Toghcheantair chinniúnacha don DUP i ndiaidh an achrainn sa pháirtí

Dúshláin mhóra le sárú ina dtoghcheantair féin ag Donaldson agus Beattie

AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Daingean de chuid na nAontachtaithe é Aontroim i gcónaí

Ceist faoi fhadhbanna Shinn Féin i nDoire agus an móramh aontachtach i nDoire Thoir

Fág freagra ar 'AN TOGHCHÁN Ó THUAIDH: Sinn Féin ag súil lena gcuid a chosaint i mBéal Feirste'