An toghchán ó thuaidh – an fiú an tairbhe an trioblóid?

’Sí an vótáil an rogha dhaonlathach, an chéim cheart gan dabht. Ach an fiú an tairbhe an trioblóid?

An toghchán ó thuaidh – an fiú an tairbhe an trioblóid?

Deich mí tar éis an toghcháin Tionóil deiridh, ar an 2 Márta beidh vótóirí Thuaisceart Éireann ag dul ag na bothanna vótála arís. Admháil is ea gairm an toghcháin seo gur theip ar an DUP agus Sinn Féin sa bhfiontar rialtais nuair a fágadh fúthu féin é gan aon pháirtí eile i bpáirt leo sa bhFeidhmeannas.

Ba í neamhghéilliúlacht an DUP agus Arlene Foster faoina freagracht as an bpraiseach a rinneadh den scéim fuinnimh inathnuaite a chuir an lasair sa bharrach ach is léir go raibh an caidreamh mífheidhmiúil. Léiríonn liosta gearán Shinn Féin faoin DUP gur chur i gcéill a bhí ar siúl ag an dá pháirtí nuair a mhaígh siad go raibh ag éirí go breá eatarthu agus iad i mbun oibre go héifeachtach. Bhí Sinn Féin toilteanach leanúint leis an gcur i gcéill go dtí an mhí seo nuair a bhris ar a bhfoighid de bharr iompar Arlene Foster agus buille na tubaiste, cinneadh Paul Givan faoi Nollaig an deontas £50,000 le haghaidh scoláireachtaí Gaeltachta a chealú.

D’admhaigh daoine a thacaíonn leis an DUP nach raibh aon choinne ag an gceannaireacht le cinneadh Shinn Féin an feidhmeannas a scor. Bhain fógra Martin McGuinness geit astu. Shíl siad, a dúirt foinse amháin liom “nach léimfeadh SF thar bhruach na haille” . Mheas siad go raibh Martin McGuinness agus a chomhghleacaithe chomh tiomanta sin do na hinstitiúidí i Stormont nár bhaol dóibh. Ta an DUP chomh mórtasach sin as cumhacht i Stormont go bhfuil seans go raibh siad dall ar na cúiseanna le tiomantas Shinn Féin. Ní ar mhaithe le cumhacht a bheith acu sna Sé Chontae nó sa tuaisceart (ní thugann siad Tuaisceart Éireann air) per se a bhí Sinn Féin dílis do Stormont ach ar mhaithe leis an bhfiontar uile-Éireann, chun a léiriú don bhunaíocht agus do vótóirí ó dheas go raibh siad inniúil chun oifige.

Nuair a b’fhacthas do Shinn Féin, áfach, go dtréigfeadh a lucht leanúna iad mura seasfaidís an fód in aghaidh an DUP bhí a rogha soiléir. Leáigh a dtiomantas do na hinstitiúidí mar a dhéanfadh sneachta samhraidh. D’éiligh a lucht leanúna gur ar bhonn comhionannais amháin a bheadh an páirtí toilteanach cumhacht a roinnt feasta. Treisíodh ar an éileamh i ngeall ar chur chuige Arlene Foster nó nuair a chualathas leithéidí Simon Hamilton an DUP, ag déanamh gaisce ‘we were able to run rings around Sinn Féin’.

Is léir ón gcaint ar an tsráid go gceapann go leor i gceantair náisiúnacha nach roinnfidh an DUP cumhacht ar bhonn páirtnéireachta agus comh-mheasa go brách mura gcuirtear iachall orthu. Conas a dhéanfar é sin i ndiaidh an toghcháin más iad an DUP agus Sinn Féin an dá phríomhpháirtí arís? Ní hiad an DUP amháin a chaithfeadh a gcur chuige a athrú; níor mhór do Shinn Féin a bheith soiléir faoi chuspóirí agus téarmaí tagartha a bpáirtíochta i bhFeidhmeannas.

Táthar ag déanamh talamh slán de faoi láthair, gan aon taighde nó suirbhé a bheith déanta, go mbeidh an lá leis an DUP agus Sinn Féin arís. Glactar leis go gcaillfidh siad araon suíocháin mar go mbeidh laghdú ar líon na dTeachtaí ó 108 go 90. Tá a fhios ag gach éinne go bhfuil an pobal, idir aontachtaithe, phoblachtánaithe, náisiúnaithe agus eile, imithe le báiní faoin gcur amú airgid ar an scéim fuinnimh inathnuaite agus faoi mhoill an DUP ag dul i ngleic leis; tá ceisteanna le freagairt ag Sinn Féin faoin mhoill chomh maith.

An mbainfidh na vótóirí a ndeasca astu? Tá súil ag an UUP, an SDLP, Alliance, an Comhaontas Glas agus Pobal roimh Bhrabach go n-iompóidh vótóirí chucusan. Ach tá an DUP ag iarraidh a vótóirí a mhealladh le caint faoi fheachtas chun ceannaire an pháirtí a chur dá cois. Tá Sinn Féin ag cáineadh sotal, drochmheas agus neamhinniúlacht an DUP. Ach an dtabharfaidh sé sin amach na vótóirí náisiúnacha a staon ón vótáil anuraidh? Tá Sinn Féin ag rá go bhfuil siad ar bís le dul os comhair na vótóirí ach ní haon ribín réidh é acu a sciar de na suíocháin a choinneáil gan trácht ar mhéadú. Cuid den bhunaíocht ab ea iad le deich mbliana nach mór – ní hé chuile dhuine a ghlacfaidh go réidh leis na gothaí úra.

Cé a bheas in ann tabhairt faoi obair nua ar an 6 nó an 7 Márta? Caithfear Feidhmeannas nua a chur le chéile an tseachtain i ndiaidh lá ’le Padraig. Caolseans. Dá uireasa, caithfear toghchán eile a ghairm – drochsheans –nó téarma fionraíochta a cheadú chun a dhul i mbun idirbheartaíochta.

Margadh bunaithe ar Chomhaontú Aoine an Chéasta atá ó Shinn Féin; níor ghlac an DUP leis sin riamh. Bunaithe ar Chill Rímhinn? Ghlac an DUP leis – nó le cuid de – ach níor cuireadh na codanna nár thaitin leis an DUP (Acht na Gaeilge, mar shampla) i bhfeidhm. Agus chuir Sinn Féin suas leis sin. Cá bhfuil a dtriall mar sin? Is iomaí duine a deir gur cheart a dhul i mbun margála roimh an toghchán. Deir daoine eile nach fiú toghchán a bheith ann agus gur cheart Stormont a scor ar fad. Ó thit Stormont tá sé de cheart ag toghthóirí a mbreithiúnas a thabhairt ach an mbeidh na polaiteoirí in ann freastal ar riachtanais an phobail i ndiaidh na vótála? An fiú an tairbhe an trioblóid?

Fág freagra ar 'An toghchán ó thuaidh – an fiú an tairbhe an trioblóid?'