An timthriall síoraí

Ba dhóigh le duine gur sos atá i ndán d’imreoirí idirchontae aimsir na Nollag, ach ní gá gurb ea.

Tommy Walsh 28/6/2014
Beidh a shos tuillte go maith ag an ‘leon’ Tommy Walsh. ©INPHO/James Crombie

‘Sea, tá an bhliain iomána beagnach caite agus gan cluichí Chraobh Club Laighean imeartha fós.

Beidh sos breá mar sin ag na himreoirí a bheidh ag ligint a scíth don Nollaig.

“An ag magadh atá tú? “ a deir tú .

Tá an ceart agat. Ag magadh atáim.

Deireadh séasúir.

Níl a leithéid ann do na himreoirí, go háirithe na himreoirí idirchontae agus mic léinn na gcoláistí tríú léibhéal.

Ach mar a scríobh mé coicís ó shin, bíonn an iomarca de na himreoirí club díomhaoin i lár an tsamhraidh agus róghnóthach sa bhfómhar.

Sin mar atá i láthair na huaire.

Tosnóidh an roth ag casadh arís an tseachtain seo chugainn nuair a cheadófar do na foirne idirchontae traenáil arís.

D’fhormhór na n-imreoirí seo, níl aon críoch in aon chor leis. Má tá suim acu bheith ag an léibhéal an-ard atá ag teastáil chun imirt ar bhonn idirchontae, leanann siad plean ‘gym’ agus bia folláin an t-am ar fad.

Ach taobh amuigh de Chill Chainnigh agus Tiobrad Árann (a bheidh ag dul ar saoire sar i bhfad), tosnaíonn traenáil agus súil ar aghaidh chuig cluichí a bheidh ag tosnú i lár Mí Eanáir.

Tá bainisteoirí agus roghnóirí ag scrudú na n-ainmneacha a bhí acu anuraidh agus, gan dabht, ag ligint cuid acu chun siúil.

Tá ciall tagtha ag roinnt eile imreoirí agus é fogartha acu go bhfuil deireadh lena rás.

Ní cheart dom a thuilleadh a scríobh gan ómós a thabhairt don leon Tommy Walsh a d’fhógair go raibh a phort seinnte aige mar imreoir idirchontae.

Agus cad é mar phort a sheinn sé?

Féach ar an ngaisce atá déanta aige.

Naoi réalt Uile Éireann i ndiaidh a chéile agus an méid céanna bonn Sinsear.

Cuir leis an méid sin gradam Imreoir na Bliana agus ní gá móran eile a rá.

Ba leon é gan dabht.

Bhí sé cróga. Ní raibh faitíos air roimh aon chéile comhraic.

Bhí an-léamh aige ar an imirt agus fearacht na n-imreoiri is fearr i ngach spórt, bhíodh sé san áit cheart ag an am ceart i gcónaí.

Braithfidh saol na hiománaíochta uathu é mar a bhraithfidh siad uathu David Herrity, Brian Hogan agus Aidan Fogarty agus na camáin crochta suas acu freisin.

Sin scata imreoirí nach mbeidh ag staonadh den milseog Lá Nollag.

Ach do na himreoirí atá ag dul sa ghleo arís i 2015, tá an clog ag breith suas leo cheana féin.

Agus beidh imreoirí a chaithfidh geansaí an chontae den chéad uair an bhliain seo chugainn istigh sa seomra feistis den chéad uair lena laochra.

Mar sin, tá an séasúr ar tí tosnú agus ráiteas Muhammad Ali go soléir i mo cheann.

“Buaitear nó cailltear an troid i bhfad ón slua, i bhfad taobh thiar de na línte, istigh sa gym, agus amuigh ar an mbóthar, i bhfad ón uair a dhéanaim damhsa faoi spotsholas na soilse geala.”

Agus nach í sin an fhírinne.

Caithfear traenáil i gceart agus na híobairtí a dhéanamh chun bheith ullamh chun troda agus chun seans réasúnta a thabhairt duit féin nuair a chaitheann réiteoir éigin an sliotar isteach ar na laethanta móra.

Fág freagra ar 'An timthriall síoraí'