An teorainn, an cúlstad agus na socruithe draíochta eile

Tharla dhá rud i dtaca leis an teorainn le cúpla lá anuas ar cheart go gcuirfidís faoi ndear do Phríomh-Aire nua na Breataine aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne

An teorainn, an cúlstad agus na socruithe draíochta eile

Mar is dual do gheamaireacht, tá an ceann seo áiféiseach. Teorainn shamhlaíoch i dtír na haislinge atá faoi chaibidil ag na hiarrthóirí do cheannaireacht na gCaomhach ó cuireadh Rory Stewart as an áireamh. Murab ionann agus Stewart a chuir de stró air féin bualadh le daoine cois teorann – cé nach eol dom go bhfuil aithne ag éinne ar fheirmeoir caorach in Inis Ceithleann – d’fhéadfadh Boris Johnson agus Jeremy Hunt a bheith ag caint ar Dhónall na gealaí.

D’ainneoin easpa réalachais na bpolaiteoirí tharla dhá rud i dtaca leis an teorainn le cúpla lá anuas ar cheart go gcuirfidís faoi ndear do Phríomh-Aire nua na Breataine aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne.

Foilsíodh cáipéis oifigiúil faoi chomhoibriú trasteorann in Éirinn, faoi choimirce Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá os cionn 140 réimse ar fad i gceist agus dhá thrian díobh faoi réir ag reachtaíocht an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin bunaíodh meitheal nua chun ‘malairt socruithe’ don teorainn a scrúdú – den chéad uair, tá baill neamhspleácha ar an meitheal oibre, ina measc daoine a bhfuil cur amach acu ar an teorainn.

Dháil an tAE an páipéar ina bhfuil na fíricí faoi chomhoibriú trasteorann ar na ballstáit go léir maidin Déardaoin nuair a bhí feisirí na gCaomhach in Westminster fós ag roghnú an té a bheadh mar iomaitheoir ag Boris Johnson sa toghchán ina n-ainmneoidh ballraíocht an pháirtí an chéad Phríomh-Aire eile ar an Ríocht Aontaithe.

Ba é rialtas na Breataine i gcomhar le Stormont a chuir an liosta i dtoll a chéile ar dtús, ar iarratas ó Michel Barnier in 2017.

Scrúdaigh feidhmeannaigh ón gCoimisiún in éindí le hoifigigh na hÉireann agus na Breataine gach uile chás féachaint an gcuirfeadh imeacht na Breataine as an AE isteach air nuair nach mbeadh reacht an AE i réim feasta sa Tuaisceart. Tá réimse fhairsing ábhar i gceist ón agraibhia go cosaint sonraí, gnóthaí comhshaoil, sláinte, iompar, turasóireacht, spórt, slándáil, fuinneamh, Gaeilge, oideachas agus araile. Tá bhformhór na n-ábhar fite fuaite le roinn a dó de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus le ballraíocht den AE. Glacadh leis sa phlé idir na páirtithe in 2017, dar leis an gCoimisiún, gurbh ionann an comhoibriú thuaidh-theas a chaomhnú agus teorainn chrua a sheachaint mar a bhí geallta ag an mBreatain. Is ar an obair sin a bunaíodh an cúlstad sa chonradh aistarraingthe.

Tá tagairt san réiteach idir an tAE agus Theresa May thar ceann na Breataine do ‘mhalairt’ bealaí a fhiosrú chun teorainn chrua a sheachaint. Cé gur mian le móramh sa pháirtí Caomhach agus an DUP a thabhairt le fios gur ann cheana féin do mhodhanna teicneolaíochta a d’fhéadfadh na socruithe eile seo a sholáthar, níl sé ar a gcumas fianaise ar bith a sholáthar. Deir saineolaithe nach bhfuil a leithéid le fáil in aon áit ar domhan agus admhaíonn siad go mbeadh sé an-deacair socruithe teicneolaíochta a chur i bhfeidhm ar theorainn chomh casta leis an gceann s’againne ar a bhfuil na céadta bóithre is mionbhóithre.

Bhí buíon d’fheisirí a chreid sna socruithe draíochta, an ERG go háirithe, in ainm is a bheith ag fiosrú modhanna teicneolaíochta ach ní dhearna siad aon dul chun cinn. Anois, an lá céanna ar foilsíodh an cháipéis faoin gcomhoibriú trasteorann tá meitheal oibre nua tugtha le chéile ag DexEU, Roinn an Bhreatimeachta in Whitehall. Tá daoine ar dhá thaobh na hargóna agus daoine neamhspleácha ina mbaill, saineolaithe ar chúrsaí custaim, saineolaithe ar Éirinn ar nós an scoláire iontaofa ó Ollscoil na Ríona, Katy Hayward, chomh maith le hionadaithe ón lucht gnó.

Chuir an Dr Hayward an tvuít seo amach:

Má bhíonn an cur chuige céanna ag na baill eile nó fiú ag cuid acu, b’fhéidir, fós féin, go n-éistfeadh na Tóraithe.

Fág freagra ar 'An teorainn, an cúlstad agus na socruithe draíochta eile'