An teannas ag coipeadh roimh 12 Iúil neamhghnách

Fiú má tá tairbhe á baint as an scéal ar mhaithe leo féin, thug sochraid Bobby Storey féirín do lucht na dtinte cnámh

An teannas ag coipeadh roimh 12 Iúil neamhghnách

“Ná déan aithris ar mhí-iompar” a d’achainigh ceannaire an Oird ar dhílseoirí roimh fhéile bhliantúil na nOráisteach.

Theastaigh ó Mervyn Gibson a chinntiú nach mbainfí leas as an gconspóid faoi iompar Shinn Féin ar shochraid an phoblachtánaigh, Bobby Storey mar leithscéal chun na treoracha i dtaca leis an tsláinte phoiblí a shárú.

12 Iúil as an gcoitiantacht atá beartaithe don bhliain seo, ach tá teannas ag coipeadh le seachtain faoi imeachtaí oíche an 11ú.

Le blianta beaga anuas, ba iad na tinte cnámh an oíche roimh fhéile mhór na nOráisteach an chontúirt ba mhó a bhain le buaicphointe shéasúr na máirseála.

Tógadh tinte ollmhóra in áiteacha a chuir beatha, tithe agus foirgnimh phoiblí i mbaol a ndóite agus tugadh dúshlán na n-údarás a ghlac céimeanna sábháilteachta.

Cé gur chuir an tOrd Oráisteach paráidí móra an 12 Iúil ar ceal i ngeall ar phaindéim an Covid-19 agus iad ag iarraidh ar dhaoine a gceiliúradh a dhéanamh sa bhaile, bhí baol ann go dtabharfadh cuid de lucht tógtha na dtinte cnámh an chluas bhodhar dóibh.

Bhí ábhar á bhailiú le tamall le haghaidh tinte i Latharna, ar an mBaile Craigeach i gContae Aontroma agus in aice le páirc imeartha Grove i dtuaisceart Bhéal Feirste mar a raibh feachtas in aghaidh Chumann Lúthchleas Gael ar siúl le déanaí.

Ba chosúil go raibh glactha leis na srianta i gceantair eile ina mbíodh conspóid nó má bhí tinte beartaithe gur cinn bheaga a bheadh iontu.

Ó dheireadh na seachtaine seo caite, áfach, bhí athrú meoin le sonrú i gceantair dhílseacha. Thug grúpa in oirthear Bhéal Feirste a thugann an East Belfast Cultural Collective orthu féin cead do dhaoine óga ábhar a bhailiú le haghaidh tinte.

Ionadaithe ar 13 tine cnámh is ea an comharghrúpa, a dúirt urlabhraí.

Mhaígh Moore Holmes go raibh tinte cnámh agus paráidí dosheachanta i bhfianaise iompar Shinn Féin agus an maolú ar na srianta dianghlasála.

Ó tá a údarás morálta caillte ag Stormont, dar leis, bheadh sé an-deacair breathnú idir an dá shúil ar dhílseoir agus iarraidh air ceiliúradh a chultúir a sheachaint.

Cé aige a mbeadh an t-údarás chun an cúrsa sin a mholadh i bhfianaise iompar Michelle O’Neill? ar sé.

I ngeall ar imeachtaí le seachtain bheadh tinte cnámh ann ar aon nós agus, dá bhrí sin, ní raibh an comharghrúpa ag iarraidh a áitiú ar éinne gan imeachtaí a eagrú.

Bhí ceannaireacht á tabhairt acu, a dúradar, agus iad ag moladh go gcloífí leis an gcomhairle sláinte phoiblí.

Conas a chloífear leis an gcomhairle sin?

An féidir scaradh sóisialta a chleachtadh ag tine chnámh nuair a bhíonn ólachán, ceol agus loscadh íomhánna de ‘naimhde’ mar chomharthaí sóirt ar na himeachtaí?

Dúirt Moore Holmes leis an BBC go n-iarrfaí ar dhaoine measúla sa cheantar a n-údarás a úsáid chun go gcoinneodh daoine guaim orthu féin.

Go n-éirí leo!

Ní léir an bhfuil an plean sin ag teacht le ráiteas facebook an chomharghrúpa go bhfuiltear ag iarraidh ar gach duine a dtinte cnámh a chosaint.

An mbeadh cuid de na tinte seo á mbeartú fiú gan an leithscéal a bheith tugtha dóibh ag Sinn Féin? Gach seans.

Fiú má tá tairbhe á baint as an scéal ar mhaithe leo féin, thug sochraid Bobby Storey féirín do lucht na dtinte.

Mhéadaigh fearg nuair a tháinig sé chun solais nár adhlacadh é i reilig Bhaile an Mhuilinn áit a raibh searmanas cuimhneacháin ag Sinn Féin sular tugadh an corp trasna na cathrach go créamatóiriam Roselawn.

Bhí na socruithe ansin conspóideach mar cheadaigh Comhairle Bhéal Feirste slua níos mó dóibh ná mar a ceadaíodh do theaghlaigh eile an lá céanna.

A riail féin ag Sinn Féin, a dúirt na hógánaigh ar theastaigh tinte cnámh uathu, tuige a nglacfadh sinne le treoracha ó pholaiteoirí nach ndéanann beart de réir a mbriathar?

Tháinig méadú ar líon na mbannaí ceoil a bhfuil cead máirseála iarrtha acu ar Choimisiún na bParáidí. Tá sé i gceist ag breis is 200 acu taispeántais a chur ar siúl ina gceantair féin ar an Satharn an 11 Iúil agus an Luan an 13 Iúil.

Tá geallúintí tugtha don gCoimisiún gur scór go leith ar a mhéad a bheidh i mbanna, go gcloífear leis an scaradh sóisialta agus nach bhfágfaidh siad a gcomharsanacht féin. Sé cúram an PSNI féachaint an gcloífear leis na rialacha.

Tá Ard-Rúnaí an Oird Oráistigh, an tUrramach Mervyn Gibson, sásta le pleananna na mbannaí.

D’iarr sé ar dhaoine fanacht ina ngarraí féin ag éisteacht leis na bannaí agus dara lá déag eisceachtúil a bheith acu. B’fhearr leis nach mbeadh tinte cnámh ann ar chor ar bith ach thuig sé go raibh fearg ar dhaoine i ngach ceard faoi shochraid Bobby Storey.

Mar sin féin, ar sé, ní chun tairbhe éinne é sampla na ndaoine a sháraigh na treoracha a leanacht agus d’impigh sé ar Oráistigh ceannaireacht a thaispeáint.

Táthar ag súil go ndéanfar rud air; níl an teannas chomh géar i mbliana is a bhíodh cheana ach níl an tseachtain seo romhainn saor ó chontúirt.

Fág freagra ar 'An teannas ag coipeadh roimh 12 Iúil neamhghnách'