An téamh domhanda? Breathnaigh thart ort, an fiú mo luach leathphingine-se?

Ní chomhlíonfaidh an tír seo spriocanna 2020 maidir le hastaíochtaí carbóin, ach cad is féidir leis an duine aonair a dhéanamh?

An téamh domhanda? Breathnaigh thart ort, an fiú mo luach leathphingine-se?

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Is beag againn anois nach dtuigeann a thromchúisí agus atá téamh an domhain agus nach mbíonn ár gcoinsias ag spochadh asainn scaití. Ní túisce a cuireadh ina luí ar eagraíochtaí agus rialtais éagsúla go gcuideodh cáin ar astaíochtaí carbóin leis an dochar a dhéanann breosla carbónbhunaithe a chúiteamh ná bhí na dreamanna céanna sa tóir ar bhealaí le ghabháil thart air. An méid de na breoslaí a bhí á n-úsáid a laghdú agus éirí astu ar fad ar ball an aidhm a bhí leis na geallúintí a thug na tíortha éagsúla.

I 1990  a thug an tír seo isteach an cháin charbóin ar pheitreal, ola bhreosla, gas nádúrtha, móin, gual agus gásailín eitlíochta. Ar ndóigh fuarthas bealaí leis an dualgas sin a sheachaint. Creidmheasanna a cheannach ó thíortha eile ceann acu, nach aon chúnamh don chomhshaol é dáiríre mar nach laghdú atá ann.

Tá sé admhaithe ag an Rialtas nach mbainfear spriocanna 2020 amach agus go bhfuil ‘cainteanna neamhfhoirmeálta’ ar siúl acu lenár gcomhghleacaithe san AE le costas an chomhlíonta a ísliú. Costas chomhlíonadh na ngeallúintí atá ag déanamh imní dúinn seachas costas iarmhairtí an téimh dhomhanda orainn féin agus ar dhaoine i bhfad uainn.

Ait go leor sólás amháin a bhain leis an gcúlú eacnamaíochta gur chuir sé cuma na maitheasa ar astaíochtaí carbóin na hÉireann ar feadh cúpla bliain. Tá athrú scéil anois againn, tá borradh faoin eacnamaíocht, feithiclí ar an mbóthar arís, tionscail ag feabhsú agus cuid againn ag tabhairt faoin tsaoire i bhfad i gcéin ina sluaite.

Ach níl aon rud sa saol seo le fáil in aisce agus maíonn An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) nach mbeidh an tír seo in ann spriocanna 2020, a bhfuil ceangal dlí leo, a chomhlíonadh agus go bhféadfadh os cionn €455 milliún d’fhíneáil a bheith le híoc againn. Is eol dúinn chomh maith go rachaimid siar ar gheallúint eile, go mbeadh 16% den fhuinneamh a bheas á úsáid againn chun leictreachas, córas iompair agus teas a sholáthar in 2020 á bhaint as foinsí inathnuaite. Seachas an laghdú 20% ar leibhéil 2005 a gheall muid, maíonn an EPA nach n-éireoidh linn ach laghdú 4% go 6% a dhéanamh mura n-athraímid béasa agus níl mórán ama fágtha. Is léir nach bhfuil na polasaithe ag oibriú ach céard is féidir a dhéanamh faoi?

Nuair a bhreathnaítear ar na réimsí is mó a dhéanann dochar carbóin, an talmhaíocht agus córais iompair na hearnálacha is measa. De réir an EPA féin, ón talmhaíocht a thiocfas 45% de na hastaíochtaí díobhálacha in 2020 agus ó chúrsaí iompair 29% eile acu. Cuir sin i gcomparáid leis an 9% ón tionsclaíocht agus 14% ó árais chónaithe agus is léir gur práinní agus gur fiúntaí go mór déileáil leis an dá bhó bheannaithe bhréana sin seachas a bheith ár bpréachadh féin sa mbaile, leisce an tine a fhadú.

I dtús réimeas an Chómhargaidh sna 1970í bhíodh an bhéim ar tháirgíocht a mhéadú, beag beann a déarfainnse, ar an timpeallacht. Ó 2015 tá an Scéim Ghlas ar bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta (GLAS) á maoiniú i gcomhar leis an AE. Faoin scéim seo caomhnófar na móinéir thraidisiúnta agus na gnáthóga éagsúla; maolófar ar an treabhadh agus cuirfear gnóthaí talmhaíochta chun cinn a chuideos leis an timpeallacht. Tá 30,000 feirmeoir páirteach sa scéim. Ach breathnaigh thart ort.

Leoraithe móra féir agus beatha beithíoch ag teacht chugainn thar sáile agus ag gabháil soir siar bóithre Chonamara leis an stoc líonmhar a bheathú istigh i sciobóil mhóra choincréite is chruach agus na tonnaí leasú saorga leis an bhféar a fhórsáil aníos tríd an luachair agus an fraoch ba dual don áit.

Ní leor domsa mo lorg carbóin féin a fhaire, ba cheart dúinn lorg carbóin na mbeithíoch beathaithe sin ar aonach an Tí Dhóite nó Átha Cinn a chomhaireamh chomh maith. Ní mór chomh maith costas carbóin/comhshaoil aon chóras iompair a chur san áireamh in aon mheastachán ar thionscnaimh iompair.

Ní bheidh sé éasca agus beidh íobairtí móra le déanamh. Bím fhéin san airdeall ar aermhílte mo chuid bia sa siopa agus ar cheimiceáin i mo gharraí ach san am céanna déanaim i bhfad níos mó dochair agus mé ag éalú liom ón duartan sa tír seo ar eitleán a chacann carbón. Ní minic mé sásta córas iompair phoiblí a úsáid nuair is áisiúla agus is compordaí dom an carr. Níor shuigh mé síos fós agus mo lorg carbóin a thomhas go bailí córasach agus níor chuir mé aon mhaoiniú ar fáil d’aon tionscnamh cúiteamh carbóin. Níor chráigh mé an tógálaí faoi na tonnaí coincréite nó an t-adhmad sa teach. Is minice an praghas ar an mbille ag cuntar an tsiopa ag déanamh níos mó imní dom ná aon scrios a rinne an táirge agus an táirgeoir.

Le mo linn féin tá tionscal na hiascaireachta curtha de dhroim seoil i mo cheantar, tá toibreacha foirgthe tréigthe, tá costas airgid níos lú ar tháirgí a fhástar na mílte míle ó bhaile ná na cinn chéanna a fhásann amuigh i mo gharraí, agus is mó a shaothraíonn an tír seo ar fhóin chliste a dhíol ná ar aon rud eile.

An fiú an tairbhe an trioblóid? An airím uaim an traonach? An mbeadh fonn orm buicéad uisce glan a tharraingt ón tobar? An bhfuil na froganna óga chomh deas céanna ar YouTube? Ar cheart go mbeadh imní orm go gcaithfeadh na milliúin teaghlach teitheadh as an Afraic ó dheas den Sahára agus teacht go dtí aon tír nach mbeadh ina gaineamhlach seasc nó faoin bhfarraige mhór? An fiú mo luach leathphingine-sa? An bhféadfainn é a fhágáil faoin gcéad ghlúin eile? An mbeidh réiteach na faidhbe sa teicneolaíocht? Meas tú nach bréagnuacht ar fad é?

Níl na freagraí sin agam ach is diabhlaí breá an margadh é an deireadh seachtaine sin i mBúdapeist!

Fág freagra ar 'An téamh domhanda? Breathnaigh thart ort, an fiú mo luach leathphingine-se?'

  • Iarracht nach leor

    Stop mé féin ag ithe feola, ach ní leor é sin. Ní théim ar eitleán ach go fíor-annamh, ach ní leor é sin. Seachnaím plaisteach, ach ní furasta é sin a dhéanamh agus ní leor é sin. Smaoiním ar theideal an leabhair le John McGahern, ‘Love of the World’, agus mothaím amhlaidh, ach ní leor é sin.