An teach cónaithe ‘is daoire’ sa Ghaeltacht díolta ar €2 mhilliún

Is ó phálás Kensington i Sasana, teach cónaithe oifigiúil an Diúc William agus a bhean an Bhandiúc Catherine, a tháinig murláin na ndoirse tosaigh in 'Bearna Gardens' i nGaeltacht Chonamara

An teach cónaithe ‘is daoire’ sa Ghaeltacht díolta ar €2 mhilliún

Tá an teach ‘Barna Gardens’ i nGaeltacht Chonamara, a d’fhéadfadh a bheith ar an teach cónaithe is daoire a cuireadh ar an margadh riamh sa Ghaeltacht, díolta ar €2 mhilliún.

Bhíothas ag lorg tuairim is €7,000,000 ar an teach, atá taobh thoir de shráidbhaile Bhearna i nGaeltacht na Gaillimhe, an uair dheiridh a raibh sé ar díol, .

Tógadh an teach agus na garraithe galánta atá ina thimpeall sa bhliain 1995. Tá an teach féin beagnach 700 méadar cearnach agus tuairim is 0.4ha talún leis. Tá seacht seomra codlata ann agus seacht seomra folctha chomh maith le linn snámha agus tobán cuilithe.

Is ó phálás Kensington i Sasana, teach cónaithe oifigiúil an Diúc William agus a bhean an Bhandiúc Catherine, a tháinig murláin na ndoirse tosaigh agus tá an dá theach samhraidh sa ghairdín múnlaithe ar Hidcote Manor i gCnoic na Cotswolds i Sasana.

Teach trí stór atá ann agus tá an tríú hurlár “in oiriúint do lóistín foirne dá mba ghá” dar leis na ceantálaithe Mullery, atá i bhfeighil an díolacháin.

Ní raibh na ceantálaithe sásta a rá le Tuairisc.ie cén praghas a bhí á lorg ar an dteach nár díoladh roinnt blianta ó shin agus €7 milliún á lorg air.

Ba é an t-ailtire Patrick McCabe as Gaillimh a dhear an teach, atá lonnaithe cúpla ciliméadar soir ó Bhearna féin, in aice le Coill Bhearna. Ba é an dearthóir tírdhreacha Jim Reynolds a leag na gairdíní amach.

Fág freagra ar 'An teach cónaithe ‘is daoire’ sa Ghaeltacht díolta ar €2 mhilliún'

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    go deas

  • Pádraig Ó Baoill

    ‘Garraithe galánta’ a deirtear …cá bhfuil na prátaí curtha acu?

  • Risteard

    Carson a tugadh teach mar sin sa nNgaeltachta? Carson a bhí ceadaithe?