An té a bhfuil níos mó ná teanga amháin aige, ní bheidh sé ina sclábhaí ag teanga ar bith

Bhuail splanc léargais shochtheangeolaíoch ár gcolúnaí agus é ina shuí i gcearnóg thréigthe i gcathair Liospóin

IMG_0350
Liospóin, an chathair inar tháinig ceann de na teangacha a ghabh an domhan in inmhe

An lá cheana, ar mo bhealach ón mBrasaíl go hÉirinn dom, tharla mé i mo shuí ar bhinse ar chearnóg thréigthe i seanchathair Liospóin. Chuir mé peann le páipéar, mar is nós liom a dhéanamh ag amantaí éagsúla gach lá, agus tharla rud aisteach. Portaingéilis a shil amach as mo pheann dúigh.

Gan dabht, tá an Phortaingéilis á labhairt agam gach lá ó bhog mé go dtí an Bhrasaíl ocht mbliana ó shin. Táim in ann í a scríobh: cuirim teachtaireachtaí ríomhphoist, fágaim nótaí. Ach ní teanga í ar bhain mé úsáid aisti riamh chun m’aigne a chíoradh, nó chun rud ar bith ar cheap mé a mbeadh fiúntas ag baint leis a scríobh inti.

Seans mór go raibh baint ag an stair leis an réamhchlaonadh seo. Idir impiriúlacht, sclábhaíocht agus ghéarleanúint reiligiúnda, tá neart fola ar lámha na Portaingéilise. Ach is féidir le duine a rogha tuairim a bheith aige faoin stair; ní féidir leis a shéanadh gur tharla sí agus ní féidir í a athrú.

Seo mise, mar sin, mo dhroim le seanbhallaí Chaisleán Naoimh Sheoirse, peann á chur le páipéar agam. Seo cuid dár scríobh mé, aistrithe ón bPortaingéilis: ‘An amhlaidh mar sin go mbeidh sé ar mo chumas feasta scríobh sa teanga seo a tháinig in inmhe sa chathair ársa seo, a ghabh an domhan, a rinne sclábhaithe as na daoine a bhfuil grá agam dóibh, agus a rinne sclábhaí díomsa ar an gcaoi sin freisin?’

Bhí rud éigin faoin abairt sin a thaitin liom – bhí sí fileata, dáiríre agus rud beag foirmeálta, mar a bhíonn an Phortaingéilis féin. Chuir mé mo pheann agus mo leabhar nótaí i mo mhála agus d’imigh liom ag siúl. Ach d’fhan an abairt sin i mo cheann; bhí a fhios agam go raibh lúb éigin ar lár. Tar éis cúpla nóiméad, shuigh mé síos arís agus chuir gluais bheag in aici léi, mar a dhéanadh na manaigh fadó nuair a mheasadar go raibh príomhthéacs a lámhscríbhinne ródháiríre.

Seo an aguisín a chuir mé leis, i bPortaingéilis: ‘Ach tá trí theanga eile agam freisin! Kkkkkkk’ (Ciallaíonn ‘kkkkkkk’ ‘gáire’ i bPortaingéilis dhigiteach.)

San aguisín atá an teachtaireacht is tábhachtaí, dar liom: an té a bhfuil níos mó ná teanga amháin ar a thoil aige, ní bheidh sé go brách ina sclábhaí ag teanga ar bith.

An bhfuileann sibh ag éisteacht, sibhse a mhaíonn go dteastaíonn uaibh bhur saol a chaitheamh as Gaeilge amháin?

Fág freagra ar 'An té a bhfuil níos mó ná teanga amháin aige, ní bheidh sé ina sclábhaí ag teanga ar bith'

  • Fearn

    Comhghairdeas, a Alaistir.
    Tá clann teangacha ort cheana, agus tháinig ann don cheathrú teanga. Tá mé cinnte go mbeidh tú chomh geanúil uirthisan i dteannta an triúr eile.
    Beir bua.