Maraíodh an t-údar, sochtheangeolaí, taistealaí agus fear teanga, an tAthair Gearóid Ó Donnchadha sa bhFianait i gContae Chiarraí aréir nuair a chuaigh a theach trí thine.
I gcathair Chorcaí a rugadh an tAthair Ó Donnchadha sa bhliain 1933. D’fhás sé suas i gCill Airne, áit ar fhreastail sé ar Scoil Náisiúnta Bharr Dubh agus Scoil na Mainistreach. Thug sé tréimhse i Scoil na nÓg i Rinn Ua gCuanach i bPort Láirge chomh maith.
Chuaigh sé ar Choláiste Phádraig i Má Nuad i 1950 agus bhain B.A. agus B.D. amach. Ornaíodh é mar shagart agus lonnaíodh i nDeoise Chiarraí é i Meitheamh na bliana 1957. Bhí sé ar dualgas i Manchester, An Ráth Mór, Snaidhm agus Birmingham. Chaith sé tamall gairid i dTrá Lí agus Caisleán Ghriaire.
Mhúin sé i gColáiste Naomh Breandán i gCill Airne agus i gColáiste Naomh Cholmáin in Iúr Cinn Trá idir 1964 and 1967. Chaith sé roinnt blianta ag múineadh i Nua-Eabhrac freisin, mar ar bhain sé MA agus PhD amach sa tSocheolaíocht.
D’fhill sé ar Éirinn agus thosaigh ag múineadh in Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí i 1980. Tá an tAtlantach trasnaithe faoi dhó aige i mbáid bheaga ó shin, rud a thug spreagadh dó staidéar a dhéanamh ar Naomh Breandán.
I measc na saothar atá foilsithe aige, tá Saint Brendan of Kerry, the Navigator (2004) agus go leor foilseachán eile ar cheisteanna a bhaineann le hachrann teaghlaigh, féinmharú, oideachas, strus, iascaireacht mara, treochtaí daonra agus forbairt tuaithe.