An tarraingt déanta do bhabhtaí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i dTír Chonaill

Is ag deireadh na míosa a imreofar na cluichí sa chéad bhabhta den chomórtas cáilithe agus foirne ag iarraidh áit a bhaint amach ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018 a bheidh ar siúl sna Dúnaibh

An tarraingt déanta do bhabhtaí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i dTír Chonaill

Is ag deireadh na míosa a chuirfear tús leis na babhtaí cáilithe do Chomórtas Peile na Gaeltachta i nDún na nGall agus tá an tarraingt anois déanta don chomórtas sin.

Idir na comórtais shinsir agus shóisir, rachaidh ocht bhfoireann déag chun páirce deireadh seachtaine an 25 Feabhra agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach ag an gcomórtas náisiúnta a reáchtálfar sna Dúnaibh i dtuaisceart Dhún na nGall mí an Mheithimh.

Beidh roinnt coimhlintí suimiúla sa chéad bhabhta sin den chomórtas sinsir. Is iad Cloich Cheann Fhaola a bhuaigh an comórtas áitiúil anuraidh agus imreoidh siad i gcoinne sheaimpíní an chontae 2017, Cill Charthaigh.

Is in aghaidh Naomh Muire a bheidh Gaoth Dobhair agus beidh cath na gcomharsan ann idir Ard an Rátha agus Naomh Conaill. Thug Naomh Náille leo an chraobh shóisir náisiúnta i dTuar Mhic Éadaigh anuraidh agus tá foireann sa chomórtas sinsir acu anois agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ghleann Fhinne sa chéad bhabhta.

Beidh cath na naomh idir Naomh Columba agus Naomh Micheál agus idir An Clochán Liath agus Baile na nGallóglach a bheidh an cluiche eile a imreofar sa chéad bhabhta.

Rachaidh buaiteoirí na gcluichí sin ar aghaidh chuig na babhtaí ceathrú ceannais agus tá áit ag an Tearmann agus Gleann tSúilí sa mbabhta sin cheana féin.

Agus Na Dúnaibh gnóthach ag réiteach don chomórtas náisiúnta, is ansin a imreofar na cluichí leathcheannais agus ceannais den chomórtas áitiúil chomh maith. Beidh na cluichí sin ar siúl ar 6 agus 7 Bealtaine.

Comórtas Sinsir Dhún na nGall

Babhta 1

  1. Naomh Columba v Naomh Micheál
  2. Gleann Fhinne v Naomh Náille
  3. Naomh Muire v Gaoth Dobhair
  4. An Clochán Liath v Baile na nGallóglach
  5. Ard an Rátha v Naomh Conaill
  6. Cloich Cheann Fhaola v Cill Charthaigh

Cluichí Ceathrú Ceannais

1 v 2
3 v 4
5 v 6

An Tearmann v Gleann tSúilí

Comórtas Sóisir Dhún na nGall

Babhta 1

  1. An Tearmann v Cloich Cheann Fhaola
  2. Ard an Rátha v Na Rosa
  3. Naomh Columba v Baile na nGallóglach
  4. Gleann Fhinne v Gaeil Fhánada

Babhta 2

1 v 2
3 v Naomh Náille
4 v Naomh Conaill
An Clochán Liath v Naomh Muire
Naomh Micheál v Cill Charthaigh
Gaoth Dobhair v Gleann tSúilí

Fág freagra ar 'An tarraingt déanta do bhabhtaí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i dTír Chonaill'