An Taoiseach san Úcráin agus tacaíocht geallta aige dá muintir

Seasann muintir na hÉireann leis an Úcráin agus lena muintir i gcoinne cogadh mímhorálta gan údar na Rúise a dúirt an Taoiseach

An Taoiseach san Úcráin agus tacaíocht geallta aige dá muintir

Thug an Taoiseach Micheál Martin cuairt inniu ar Chív na hÚcráine, ar chuireadh ón Uachtarán Zelensky coicís ó shin. Ba é seo céad chuairt an Taoisigh ar an Úcráin mar a bhfaca sé dó féin an t-ár agus an scrios a rinneadh sa bpríomhchathair agus sna bailte ina timpeall – Bucha, Borodyanka, agus Irpin. 

Le linn a thurais dúirt an Taoiseach gur  deacair “a thuiscint an scrios atá déanta ag ionsaithe na Rúise [ar na bailte sin] agus léiríonn sé a thábhachtaí atá sé go dtiocfadh mná agus leanaí go hÉirinn le héalú ón tráma agus ón mbrúidiúlacht sin.” 

Léirigh an Taoiseach tacaíocht na tíre seo agus phléigh sé le hoifigigh na hÚcráine na bealaí is fearr a bhféadfadh Éire agus an tAE cuidiú lena dtír. 

“Seasann muintir na hÉireann leis an Úcráin agus lena muintir i gcoinne cogadh mímhorálta gan údar na Rúise,” a dúirt sé.   

“Níl sa mbombardú agus sna hionsaithe ar shibhialtaigh ach coireanna cogaidh agus bainfidh mise leas as turas an lae inniu chun tacaíocht na hÉireann a léiriú do na hiarrachtaí atá ar bun freagracht iomlán a leagan ar na daoine a rinne iad.” 

Is géar a theastaíonn údar misnigh ón Úcráin ó d’fhógair an Rúis ar an Luan go raibh cathair Lysychansk faoi smacht a cuid trúpaí. Mhol an tUachtarán Vladimir Putin a ngaisce agus d’ordaigh don Aire Cosanta Sergei Shoigu leanacht leis an ionsaí san Úcráin agus cloí leis “an bplean a bhí ann ó thús’. Fágann gabháil Lysychansk go bhfuil réigiún Luhansk ar fad faoi smacht thrúpaí na Rúise anois. 

Dúirt gobharnóir an réigiúin Serhiy Haidai gur imigh saighdiúirí na hÚcráine as an gcathair ionas nach scriosfadh an Rúis an chathair ar fad ó chian. Dá dhonacht an buille é an chathair a ghéilleadh, dúirt Haidai nach raibh caillte acu ach ‘cath amháin seachas an cogadh’. 

Gheall an tUachtarán Volodymyr Zelensky go dtiocfadh arm na hÚcráine ar ais leis an gcathair a ghabháil ar ais a bhuíochas “do thuilleadh arm nua-aimseartha ón iarthar”. 

Thug Príomh-Aire na hAstráile, Anthony Albanese cuairt ar an Úcráin ar an Domhnach agus gheall sé luach $68 milliún de chúnamh míleata breise don tír – dróin agus feithiclí armúrtha san áireamh. D’fhógair sé freisin go gcuirfí cosc ar ór na Rúise a iompórtáil ina thír agus go gcuirfí cosc taistil agus smachtbhannaí ar 16 olagarc eile as an Rúis.   

Ag comhdháil atógála san Eilvéis, dúirt Príomh-Aire na hÚcráine, Denys Shmyhal go dteastóidh $750 billiún ón Úcráin leis an tír a atógáil agus gur chóir d’olagairc na Rúise cuid den chostas sin a sheasamh. Mhol Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Liz Truss go mbunófaí Plean Marshall nua mar a rinneadh le cúnamh Mheiriceá tar éis an dara cogadh mór.  

Fág freagra ar 'An Taoiseach san Úcráin agus tacaíocht geallta aige dá muintir'