Chuir an ceo socruithe taistil an Taoisigh, Leo Varadkar, de dhroim seoil i gConamara agus in Árainn inné. Ach má chuir féin, bhí buntáiste amháin ag baint leis an gcor a baineadh as, a dúirt an Taoiseach: d’éirigh leis amharc maith a fháil ar an mbóthar, an N59. B’in é an scéal ba mhó a bhain gáire agus bualadh bos amach i measc slua mór daoine a chruinnigh isteach i Scoil Phobail an Chlocháin ar maidin inné agus Leo Varadkar ag oscailt na scoile nua go hoifigiúil.
Tháinig an Taoiseach as Baile Átha Cliath ar héileacaptar ach ní raibh sé féin agus a chomhluadar in ann tuirlingt sa gClochán. Bhí ceo an Atlantaigh fáiscthe isteach ar Chonamara agus b’éigean dóibh a dhul ar ais chomh fada le haerfort Chonamara in Indreabhán agus tabhairt faoin aistear go dtí an Clochán ar an mbóthar. Cuireadh moill uair go leith an chloig ar Leo Varadkar ag teacht don Chlochán – nó “príomhchathair Chonamara” mar a thug sé ar an mbaile mór agus é ag labhairt i nGaeilge i dtús na hóráide a thug sé.
Nuair a dúirt an Taoiseach gur thug an t-athrú ar an sceideal taistil deis dó tuiscint a fháil ar chás bhóthar an N59 rinne gach a raibh i láthair scairt gháirí. Dúirt Leo Varadkar go raibh roinnt feabhais curtha ar an N59 ón gcuimhne a bhí aige féin ar Chonamara roimhe seo. Ach, níor leor sin, a deir sé. “Beidh mé ag caint leis an Aire Iompair, Shane Ross faoin N59 ach a ngabhfaidh mé ar ais go Baile Átha Cliath,” a dúirt sé. Leis sin phléasc múr mór bualadh bos amach i measc na gcéadta a bhí ag an ócáid.
Dúirt an Taoiseach gur léir gur theastaigh obair i bhfad níos iomláine ar an N59 – in ainneoin na gceisteanna a bhain le ceadúnais phleanála. Is beag amhras ach gur cheolmhar an chaint í sin do leithéidí Josie Conneely, ceannasaí Ghluaiseacht an N59, a bhí ar dhuine acu siúd ba ghaire don stáitse. ’Sé an N59 an príomhbhóthar as Gaillimh amach go hiarthar Chonamara agus ó thuaidh as sin go teorainn Mhaigh Eo agus ó thuaidh di.
Bhí cathaoirleach na heagraíochta ‘Glór na Tuaithe’, Pádraic Pheaitín an Táilliúra Ó Conghaile sa gClochán inné ach bhí easpa comhluadair air. Bhí sé fógartha aige go mbeadh agóid ag ‘Glór na Tuaithe’ taobh amuigh ar an mbóthar ag an scoil mar chuid den “fháilte” a chuirfí roimh an Taoiseach. Ach, pé ar bith rud a choinnigh moill ar an agóid, ní dóigh gurb é an ceo é. Sa deireadh, ní raibh ann ach agóid aonair ag Pádraic Pheaitín an Táilliúra, é féin. Dúnadh oifigí poist agus ceisteanna eile a bhain leis na ceantair tuaithe an t-údar a bhí leis an agóid, a dúirt sé le Tuairisc.ie.
Dúirt é go raibh an fógra a bhain leis an agóid gearr go maith agus gur lá oibre a bhí ann agus gur chuir sin bac ar dhaoine ó theacht ag tacú leis an agóid. Dúirt sé freisin gur dóigh nach bhfeiceann cuid mhaith daoine “an lagachan atá ag teacht ar sheirbhísí faoin tuath” agus go dteastaíonn troid níos láidre.
Tá os cionn 400 dalta ag freastal anois ar Scoil Phobail an Chlocháin agus tá an Príomhoide, Máire Ní Cheallaigh, dóchasach go mbeidh an líon daltaí chomh láidir céanna sna blianta amach romhainn. Déanann an scoil freastal ar an gceantar ó dheas as an Líonán chomh fada leis an gCaiseal agus baile mór an Chlocháin san áireamh.
Tá titim shuntasach ar an lear gasúr i bhformhór na mbunscoileanna sa taobh sin tíre i gcomórtas leis an gcaoi a mbíodh sé scór agus deich mbliana fichead ó shin. Ach creideann Máire Ní Cheallaigh go dtagann riar maith daoine a théann ar imirce ar ais lena gclann a thógáil i gConamara agus má mhaireann an nósmhaireacht sin go mbeidh an tinreamh go maith láidir ar an scoil phobail amach anseo.
Os cionn dhá scór bliain ó shin a rinneadh cónascadh idir meánscoil na mbuachaillí, a bhíodh faoi chúram na mBráithre Críostaí sa gClochán, agus meánscoil na gcailíní a bhí faoi stiúir Shiúracha na Trócaire. Bhí feachtas ar siúl ar feadh blianta fada sa gceantar le súil agus go dtógfaí scoil nua. Tá sin déanta anois, ar chostas €7 milliún, ar an suíomh céanna ar a mbíodh an tseanscoil, gar don bhóthar go Baile Conaola.
Fág freagra ar 'An Taoiseach curtha chun bóthair gan choinne i gConamara agus agóid aonair ag Glór na Tuaithe sa gClochán'