
Tá an Taoiseach chun labhairt leis an bPríomhaoire féachaint an bhféadfaí díospóireacht a shocrú le linn Sheachtain na Gaeilge faoin leasú atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifgiúla.
Thug an Taoiseach, Enda Kenny, an méid sin le fios sa Dáil inniu agus é ag freagairt ceiste ó cheannaire Shinn Féin, Gerry Adams, faoin 34 moladh a d’fhoilsigh coiste Oireachtais inné i dtaobh na leasuithe atá le déanamh ar an Acht Teanga.
“Maidir leis an gceist a cuireadh orm faoi Bhille na dTeangacha oifigiúla, sílim go mbeadh sé oiriúnach dá mbeadh díospóireacht anseo i rith Sheachtain na Gaeilge. Beidh mé ag caint leist leis an bPríomhaoire faoi sin. Foilseofar an Bille sin sa seisiún seo freisin,” a dúirt an Taoiseach.
Níor thug sé aon fhreagra ar an gceist a chuir Gerry Adams air faoi cé acu an nglacfaí leis na moltaí a foilsíodh inné.
Chuir Gerry Adams agus Sinn Féin fáilte roimh na moltaí.
“Foilsíodh an tuarascáil inné agus chuir Sinn Féin fáilte roimhe. Is rud an-mhaith é an tuarascáil seo. Tá 34 moladh ann a chuireann béim ar sheirbhísí do phobal na Gaeilge a chur ar fáil agus a chosaint. An nglacfaidh an Taoiseach agus an tAire leis na moltaí seo? Níos tábhachtaí fós, an bhfuil an Taoiseach sásta díospóireacht a chur ar siúl ar an ábhar seo anseo sa Dáil le linn Seachtain na Gaeilge?,” a d’fhiafraigh Teachta Dála Shinn Féin, Gerry Adams.