An Taoiseach ag staonadh ó úsáid an fhocail ‘game-changer’, i mBéarla agus i nGaeilge

In ainneoin a raibh ráite i nuachtáin Bhéarla go leor ar maidin dúirt Micheál Martin sa Dáil nach ndúirt sé ar TG4 aréir gur ‘game-changer’ a bheadh i snáthaid Johnson & Johnson

An Taoiseach ag staonadh ó úsáid an fhocail ‘game-changer’, i mBéarla agus i nGaeilge

An Taoiseach faoi agallamh ag Máirín Ní Ghadhra ar 7Lá ar TG4 aréir

Tá an Taoiseach Micheál Martin ag staonadh ón bhfocal ‘game-changer’ a úsáid i nGaeilge ná i mBéarla agus é ag trácht ar vacsaíní nua.

De réir tuairiscí a foilsíodh i mórán nuachtán Béarla inniu, dúirt an Taoiseach ar 7Lá ar TG4 aréir gur ‘game-changer’ a bheadh i snáthaid Johnson & Johnson.

Ach dúirt Micheál Martin sa Dáil ar maidin nach é sin a dúirt sé aréir agus é faoi agallamh ag Máirín Ní Ghadhra ar an gclár cúrsaí reatha Gaeilge.

Ag labhairt dó i mBéarla sa Dáil inniu, dúirt an Taoiseach:

“Ní bhainim leas an bhfocal ‘game-changer’ níos mó. Focal eile a d’úsáid mé as Gaeilge aréir, [dúirt mé] gur chóir go n-athródh an saol nuair a thiocfadh líon níos mó [vacsaíní] isteach…”

Bhí an Taoiseach ag freagairt ceiste ó cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, faoi chás Mike Molloy, fear a thugann aire dá mháthair a bhfuil galar Parkinson uirthi. Léigh ceannaire Shinn Féin litir amach uaidh mar chuid den cheist a chuir sí ar an Taoiseach.

 Nuair a bheadh a thuilleadh vacsaíní ar fáil bheifí in ann déileáil níos túisce le cásanna dá leithéid, a dúirt Martin.

Dúirt an Taoiseach ar 7Lá aréir go mbeadh snáthaid Johnson & Johnson ina “cabhair mhór” sa bhfeachtas i gcoinne an choróinvíris agus go mbeadh athrú mór ar an saol faoi lár an tsamhraidh de bharr na vacsaíní go léir.

“Agus gan amhras táimid ag súil go mbeidh Johnson & Johnson agus an vacsaín atá ag an gcomhlacht sin ar an bhfód mí Aibreáin…agus cabhair an-mhór a bheidh i gceist ansin agus beidh níos mó vacsaíní ag teacht ó Pfizer/BioNtech ó mhí Aibreáin amach agus ó Moderna chomh maith.

“Beidh níos mó vacsaíní againn ó mhí an Mhárta amach go dtí mí an Mheithimh. Beidh an-chuid daoine in ann na vacsaíní a fháil le linn na tréimhse sin, agus go háirithe ansin mí Iúil agus mí Lúnasa, [beidh] níos mó arís [ar fáil]. Beidh an-chuid daoine déanta againn faoi lár an tsamhraidh agus níl aon amhras ach gur saol difriúil a bheidh againn dá bharr san.”

Bhí tuairisc ar chéad leathanach an Irish Times ar maidin inar dúradh gur thug an Taoiseach ‘game-changer’ ar sháthnáid Johnson & Johnson agus dúradh an rud céanna i dtuairiscí san Irish Independent, san Irish Examiner, san Irish Sun agus san Irish Mirror.

Dúirt an Taoiseach sa Dáil, áfach, nach mbíonn an focal sin in úsáid níos mó aige. Thug Micheál Martin “game-changer” cheana ar shnáthaid AstraZeneca ach bhí go leor fadhbanna le soláthar na vacsaíne ina dhiaidh sin agus cinneadh freisin gan í a thabhairt do dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois.

Níl an focal ‘game-changer’ ar fáil sa bhfoclóir Béarla-Gaeilge, ach bíonn leithéidí ‘athrú cinniúnach’ nó ‘athrú ó bhonn’ in úsáid ag daoine.

An Taoiseach ag caint sa Dáil inniu

Dúirt an Taoiseach inniu go bhfuil dóchas aige go gceadófar úsáid vacsaín Johnson & Johnson, vacsaín aon dáileoige, níos túisce ná mar a síleadh.

Tá iarratas déanta ag an gcomhlacht cógaisíochta Meiriceánach Johnson & Johnson ar cheadúnas chun a vacsaín a úsáid san Aontas Eorpach agus ceaptar go mbeidh cinneadh déanta faoin vacsaín sin faoi lár na míosa seo chugainn.

Ní theastóidh ó dhuine ach snáthaid amháin den vacsaín seo má cheadaíonn an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach a húsáid san Aontas Eorpach.

Tá 2.2 milliún dáileog de vacsaín Johnson & Johnson ordaithe ag Roinn Sláinte na tíre seo.

Dúirt rialtóir na háisíneachta inniu go bhféadfadh cinneadh a bheith déanta acu “faoi lár an Mhárta 2021”, má bhíonn sonraí an chomhlachta maidir “le héifeacht, sábháilteacht agus caighdeán na vacsaíne cuimsitheach agus láidir”.

Tá práinn níos mó leis an vacsaín seo ó tharla moill a bheith ar sholáthar vacsaíní AstraZeneca, Pfizer/BioNTech agus Moderna.

Fág freagra ar 'An Taoiseach ag staonadh ó úsáid an fhocail ‘game-changer’, i mBéarla agus i nGaeilge'