An Taoiseach ag iarraidh go mbreathnófaí ar an ‘mórphictiúr’ ar mhaithe le Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint

Tá bearna mhór idir an dá thaobh i gcónaí tar éis na gcainteanna a bhí aréir idir Boris Johnson agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen

An Taoiseach ag iarraidh go mbreathnófaí ar an ‘mórphictiúr’ ar mhaithe le Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint

D’iarr an Taoiseach ar gach éinne atá ag plé cúrsaí an mhargaidh imeachta breathnú ar an ‘mórphictiúr’ ar mhaithe le Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach mbeidh buachtáil ná cailliúint ag aon duine sna cainteanna deireanacha idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach.

Tá bearna mhór idir an dá thaobh i gcónaí tar éis na gcainteanna a bhí aréir idir Boris Johnson agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen.

“Ní bheidh buaiteoir ná cailliúnaí sna cainteanna uaidh seo amach. Caithfidh an sprioc chéanna a bheith ag an dá thaobh, margadh a dhéanamh mar is den stuaim é margadh trádála a shocrú,” a dúirt an Taoiseach.

“Ní raibh mé ag súil go réiteofaí an scéal aréir. Sílim gur maith an rud gur chaith siad tamall maith i dteannta a chéile agus gur phléigh siad cúrsaí go hoscailte. Is maith freisin go leanfaidh an idirbheartaíocht ar aghaidh in iarracht an tsáinn a réiteach. Comhrá is tábhachtaí.”

Leanfar le cainteanna go dtí an Domhnach agus dúirt urlabhraí as Sráid Downing gur theastaigh ón bPríomh-Aire margadh a dhéanamh.

Dúirt Micheál Martin gurb í an eochair a scaoilfeas an glas ar na cainteanna “seasamh siar agus breathnú ar an bpictiúr iomlán”.

“Táthar ar aon intinn faoi 97% den mhargadh seo. An bhfuil muid sásta scaoileadh le margadh mar gheall ar 3%, dá thábhachtaí an cheist sin?”

Caithfidh ballstáit an Aontais Eorpaigh, parlaimint na hEorpa agus parlaimint na Breataine  aon mhargadh a dhéanfar a fhaomhadh.

Leag an Coimisiún Eorpach amach pleananna inniu a chinnteoidh go mbeidh cead ag eitleáin tabhairt faoin spéir agus cead ag leoraithe fanacht ar bóthar, fiú mura ndéantar margadh.

Ní bheidh aon athrú ar chúrsaí eitleoireachta ná iompar bóthair go ceann sé mhí ón gcéad lá den athbhliain chomh fada agus mbeidh an Ríocht Aontaithe sásta glacadh leis “an iomaíocht chóir” ó thaobh na gcaighdeán de. 

Fág freagra ar 'An Taoiseach ag iarraidh go mbreathnófaí ar an ‘mórphictiúr’ ar mhaithe le Breatimeacht gan mhargadh a sheachaint'