An Tánaiste Mary Lou McDonald? Is minic go dtagann cleamhnas as achrann…

Cibé uair a bhronnfaidh an tUachtarán séala oifig an Tánaiste ar Mary Lou McDonald, cuimhneofar ar reifreann 2018 mar ócáid a chuir dlús le gluaiseacht Shinn Féin i dtreo Thithe an Rialtais

 An Tánaiste Mary Lou McDonald? Is minic go dtagann cleamhnas as achrann…

Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Cuirimis an fhírinne nach féidir a shéanadh i dtosach.

Ní bheidh baint ar bith ag toradh an reifrinn le toradh an olltoghcháin atá romhainn, uair éigin idir seo agus 2021. Déanann vótóirí idirdhealú soiléir idir an cheist a fhreagraíonn siad i reifreann agus an rogha a dhéanann said in olltoghchán.

Nil an Taoiseach ná ceannaire Fhianna Fáil toilteanach margadh comhrialtais a dhéanamh le Sinn Féin tar éis an olltoghcháin – faoi láthair. Ní cóir beag is fiú a dhéanamh den mhíshuaimhneas a chuireann gnéithe éagsúla de mheon agus de riar Shinn Féin ar na príomhpháirtithe eile.

Ní féidir breathnú ar chomhthuiscint ghearrthéarmach maidir le hábhar amháin mar fhianaise ar chomhthuiscint sa todhchaí. D’oir sé do cheannairí Fhine Gael, Fhianna Fáil agus Shinn Féin tarraingt le chéile roimh an reifreann. Ní comhthuiscint ach a mhalairt a bheas i réim as seo go dtí an toghchán.

Sin ráite, tógtar gach caisleán de réir a chéile. Seo trí shampla beag a tharraing aird le mí anuas ar an druidim le chéile, de réir a chéile, a spreagann caint go bhféadfaí socrú stairiúil a dhéanamh faoi chomhrialtas amach anseo: 

1.  Nuair a pléadh an reachtaíocht a d’fhoilsigh an rialtas roimh an reifreann le linn díospóireacht theasaí ar RTÉ, mhínigh Mary Lou McDonald an reachtaíocht agus chosain sí na sonraí díreach mar a dhéanfadh aire rialtais.

2. Dúirt Micheál Martin go raibh an ceart go hiomlán ag Mary Lou agus aisghairm á moladh aici ar chlár eile faoin reifreann ar TV3. Bhí an bheirt suite le hais a chéile sa stiúideo. Níor dhúirt ceachtar acu oiread agus focal géar amháin faoin duine eile le linn na díospóireachta. 

3 Dúirt an t-Aire Stáit Jim Daly mí ó shin gur shíl sé go mb’fhéidir go mbeadh Fine Gael agus Sinn Féin ábalta margadh comhrialtais a dhéanamh lena chéile amach anseo. Thug urlabhraí an Taoisigh le fios ar an bpointe go raibh comhréiteach de chineál ar bith le Sinn Féin curtha as an áireamh acu. Ach ní haon chadhan aonair é Daly, agus cuimhneofar ar a ndúirt sé.

Bí cinnte de, idir seo agus lá an olltoghcháin, go dtabharfaidh an Taoiseach agus ceannairí Fhianna Fáil lear mór gealltanas nach ndéanfaidh siad margadh comhrialtais le Sinn Féin ina dhiaidh. Déarfaidh siad freisin gan dabht nach ndéanfar  margadh muiníne agus soláthair (mar a rinne Fine Gael le Fianna Fáil tar éis olltoghchán 2016) le Sinn Féin ach oiread.

Ach mura dtagann mór-athrú (nach bhfuil páirtí ar bith ag súil leis) ar thuairimí an phobail, beidh ar dhuine den bheirt, ar a laghad, aghaidh a thabhairt ar rogha chrua ar chúis shimplí amháin: tacaíocht Dála na bpáirtithe tar éis chomhaireamh na vótaí.

Cibé uair a bhronnfaidh an tUachtarán séala a hoifige ar an Tánaiste Mary Lou McDonald, cuimhneofar ar reifreann 2018 mar ócáid a chuir gluaiseacht Shinn Féin i dtreo Thithe an Rialtais chun cinn.

Fág freagra ar ' An Tánaiste Mary Lou McDonald? Is minic go dtagann cleamhnas as achrann…'

  • Pádraig

    Tá tú den tuairim nach mbeidh tionchar ar bith ag an reifreann seo ar olltoghchán amach anseo,Ní aontaím leat ar chor ar bith.Beidh daoine a throid ar son na beatha ag diultú votáil do aon pháirtí a thug tacaíocht do ghinmhilleadh,mise san áireamhIs é an ginmhilleadh an rud is measa is féidir le aon duine tacú leat agus mar sin muna féidir liom páirtí a fháil nach dtacaíonn le ginmhilleadh ag staonadh

  • Seán Mac Gearailt

    Is dual do gach polaiteoir tocras ar a cheirtlín féin. Déanfaidh Leo nó Mícheál (más ann dó fós faoin am sin ) socrú le S.F. Ar ndóigh is ar “leas na tíre” a dhéanfar an socrú.