An Tánaiste agus an rialtas faoi bhrú agus tuilleadh cainteanna ar maidin faoi thoghchán

Agus tuilleadh cainteanna beartaithe ar maidin maidir le holltoghchán a sheachaint, threisigh aréir ar an tuairimíocht go gcaithfeadh an Tánaiste Frances Fitzgerald éirí as má táthar chun toghchán a chur ó dhoras

An Tánaiste agus an rialtas faoi bhrú agus tuilleadh cainteanna ar maidin faoi thoghchán

Theip ar an Taoiseach Leo Varadkar agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin teacht ar chomhréiteach aréir maidir le holltoghchán i mbéal na Nollag a sheachaint.

Cé go ndúirt urlabhraí thar ceann an Taoisigh i ndiaidh chruinniú na gceannairí go raibh an dá thaobh sna cainteanna “gafa” leis an gcúram olltoghchán a sheachaint, threisigh aréir ar an tuairimíocht go gcaithfeadh an Tánaiste Frances Fitzgerald éirí as má táthar chun toghchán a chur ó dhoras.

Thug an Tánaiste féin le fios nach raibh sé i gceist aici éirí as ach mhéadaigh aréir ar an mbrú atá uirthi seasamh go leataobh i bhfianaise an eolais is déanaí faoi chás an sceithire Maurice McCabe.

Sular cuireadh tús leis na cainteanna aréir, tháinig cor mór sa chonspóid sin nuair a chuir an Roinn Dlí agus Cirt tuilleadh cáipéisí ar fáil a léirigh go bhfuair an Tánaiste trí ríomhphost ar fad á cur ar an eolas faoin straitéis dlí a bhí beartaithe ag iarchoimisinéir an Gharda Síochána Nóirín O’Sullivan in aghaidh McCabe.

Tá Fianna Fáil ag iarraidh go n-éireodh Frances Fitzgerald as i bhfianaise na conspóide agus tá rún mímhuiníne sa Tánaiste ar chlár na Dála don oíche anocht.

Tá an Taoiseach ag seasamh go fóill leis an Tánaiste agus thacaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha aréir léi, ach tuairiscítear nach bhfuil an tacaíocht chéanna aici i measc cuid mhaith dá comhghleachaithe is a bhí sular tháinig an t-eolas is déanaí chun solais.

De réir an eolais nua sin a cuireadh amach tráthnóna inné, rinne an Roinn Dlí agus Cirt teagmháil le Frances Fitzgerald trí huaire le linn shamhradh na bliana 2015 faoin straitéis dlí i gcoinne McCabe – ar an 15 Bealtaine agus an 4 Iúil.

Sheol Rúnaí Príobháideach Frances Fitzgerald ríomhphost ar an 25 Bealtaine 2015 inar tugadh le fios go raibh an t-eolas i ríomhphost an 15 Bealtaine “nótáilte” ag an aire.

Bhain an dá ríomhphost a seoladh ar an 4 Iúil 2015 le fiosrúcháin ó na meáin faoi straitéis “ionsaitheach” a bheith á húsáid ag an iarchoimisinéir i gcoinne Maurice McCabe agus le conas ab fhearr don aire déileáil lena leithéid d’fhiosrúcháin.

Léiríonn na ríomhphoist seo chomh maith go raibh an Roinn Dlí agus Cirt i dteagmháil leis an iarchoimisinéir agus oifig phreasa an Gharda Síochána faoi conas déileáil le ceisteanna ó na meáin faoin straitéis dlí i gcoinne McCabe.

Chuir an Tánaiste ráiteas amach aréir ar a cuntas Twitter faoin gcor is déanaí sa chonspóid agus an chuma ar an scéal go bhfuil sé i gceist aici go fóill an fód a sheasamh in ainneoin go bhfuil cuid dá lucht tacaíochta i bhFine Gael anois á tréigint.

 

Fág freagra ar 'An Tánaiste agus an rialtas faoi bhrú agus tuilleadh cainteanna ar maidin faoi thoghchán'

  • Maire

    Cén seasamh a bheidh ag LV t’réis na seafóide seo uile agus F.Fitz ag cur di an doras amach?

  • Emer NI Ronáin

    Bhfuil fhios aici nó ag an rialtas cad is ea LEAS na tíre seo?