An tallann ag na Gaillimhigh ach an taithí ag na Cait

Casfaidh Gaillimh agus Cill Chainnigh ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann inniu. Tá déanta ar fheabhas ag na Gaillimhigh dul chomh fada leis seo sa chomórtas ach tá dúshlán nach beag rompu anois

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Nuair a dúirt Anthony Cunningham le Brian Cody, tar éis do na Gaillimhigh cailleadh i gcluiche ceannais Chúige Laighean, go bhfeicfeadh sé Cody arís i gcluiche ceannais na hÉireann, seo le daoine ag magadh faoi ‘mhisneach’ na nGaillmheach.

An té a bhíonn ag magadh, áfach, bíonn a leath faoi féin agus b’fhíor don méid a dúirt bainisteoir na Gaillimhe agus a fhoireann tugtha chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann aige don dara huair.

Dála 2012, d’imir na foirne a chéile i gcluiche ceannais Chúige Laighean i mbliana, ach a mhalairt de thoradh a bhí i mbliana ann i gcluiche a mbeidh fir an iarthair ag iarraidh dearmad a dhéanamh air. Thug imreoirí na Gaillimhe drochthaispeántas sa choimhlint i mí Iúil ach ó shin i leith tá cuma iomlán difriúil orthu.

Ar nós pheileadóirí na Gaillimhe, mheas daoine i gcónaí faoi iománaithe an chontae go raibh siad breá sciliúil ach nach raibh an troid iontu nuair a tháinig an crú ar an tairne. Tá Cunningham ag iarraidh an meon sin a athrú ó tháinig sé isteach agus d’eirigh leis.

Chomh maith leis sin, tá imreoirí óga ar nós Cathal Mannion, Jason Flynn agus fiú Conor Whelan a bhfuil an-dul chun cinn déanta i mbliana acu agus tá cuid den bhrú scórála a bhíodh ar Joe Canning laghdaithe acu.

Sa chluiche ceathrú ceannais i mbliana i gcoinne Chorcaí, ba léir ón gcéad nóiméad go raibh siad i bhfad níos díograisí a gcéilí comhraic agus ba é an scéal céanna in aghaidh Thiobraid Árann. Aon uair a fuair Séamus Callanan cúl, bhí freagra ag Gaillimh air agus seo leo le scór dá gcuid féin.

Beidh an spiorad sin ag teastáil arís inniu mar má foireann amháin a gcaithfidh tú a bheith ar do sheacht ndícheall ina gcoinne, is iad Cill Chainnigh an fhoireann sin.

Níl aon amhras ach nach bhfuil caighdeán na n-imreoirí atá ag Brian Cody ar comhchéim leo siúd a bhí ann le cúpla bliain anuas ach, fós féin, is iad curaidh na bliana seo caite iad agus tá áit bainte amach arís acu i gcluiche ceannais na hÉireann.

Cúis mhór leis sin ná go bhfuil TJ Reid agus Richie Hogan acu, beirt a mbeadh áit bainte amach acu ar aon fhoireann de chuid Chill Chainnigh roimhe seo agus atá ag imirt i mbarr a maitheasa arís i mbliana. Tá neart ráite cheana féin faoi cén chaoi a gcaithfidh Gaillimh déileáil leis an mbeirt sin ach ná bíodh amhras ar bith ann ach go mbeidh toradh an chluiche seo ag brath cuid mhór ar fhreagra na ceiste sin.

Rud amháin a mbeidh imní ar Cody faoi ná an easpa taithí atá ag a chuid ionadaithe. Ní dhearna sé ach athrú amháin sa chluiche leathcheannais i gcoinne Phort Láirge agus níorbh é ba chúis leis go raibh na himreoirí ar an bpáirc ag déanamh chomh maith sin.

Deirtear go bhfuil Jackie Tyrell agus Richie Power réidh chun áit a thógáil mar ionadaithe inniu ach ní bheadh a fhios agat an bhfuil siad 100% agus iad ag teacht ar ais ó ghortuithe.

Ina dhiaidh sin féin, i gcluiche athimeartha an chluiche ceannais i 2012, tháinig Cody aniar aduaidh ar gach duine nuair a d’ainmnigh sé Walter Walsh, fear nach raibh mórán aithne air fiú i gCill Chainnigh. Chúitigh Walsh a dheis imeartha le Cody agus fuair cúl agus trí chúilín an lá sin. Ba air a bronnadh gradam laoch na himeartha freisin. Beidh lucht leanta na Gaillimhe imníoch go dtarlóidh an rud céanna arís.

rud faoi na hionadaithe, is iad na fir ar an bpáirc a gcaithfidh na Gaillimhigh aird a thabhairt orthu. Tá déanta ar fheabhas acu i mbliana agus an cluiche ceannais sroichte acu agus dá mbeadh aon fhoireann eile ag seasamh rompu, bheadh muinín agat astu ach is dúshlán ar leith iad na Cait, go háirithe sa chluiche ceannais.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Fág freagra ar 'An tallann ag na Gaillimhigh ach an taithí ag na Cait'