An taithí agus an cumas ag na Meiriceánaigh chun an cluiche ceannais a thabhairt leo

Beidh an Ísiltír ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar fhoireann láidir Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcluiche ceannais an lae inniu i Lyon

An taithí agus an cumas ag na Meiriceánaigh chun an cluiche ceannais a thabhairt leo

Stáit Aontaithe Mheiriceá v An Ísiltír
Lyon, 4pm (Beo ar RTÉ)

Imreofar cluiche ceannais Chorn an Domhain na mBan i Lyon tráthnóna idir foireann na hÍsiltíre, a bhfuil an cluiche ceannais sroichte acu den chéad uair, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, atá ag iarraidh an comórtas a bhuachan den cheathrú huair.

Tá an chuma ar na Meiriceánaigh gur i bhfeabhas atá siad ag dul ó thosaigh an comórtas. Cé gur bhuaigh siad 13-0 i gcoinne na Téalainne níos luaithe sa chomórtas, is sna cluichí i gcoinne na Fraince agus Shasana a thug na Meiriceánaigh na taispeántais ba chumasaí  uathu i gCorn an Domhain go dtí seo.

Foireann láidir, aclaí í ceann Mheiriceá ach, go háirithe i gcoinne Shasana, thaispeáin siad cé chomh maith agus a bhíonn siad agus an liathróid ina seilbh. Cé nár bhuaigh siad ach ar scór 2-1, bhí na Meiriceánaigh i bhfad chun tosaigh ar a gcéilí comhraic agus ba cheart go mbeadh deireadh curtha acu leis an gcoimhlint i bhfad roimh dheireadh an chluiche.

Údar misnigh amháin atá ag imreoirí na hÍsiltíre gur theip ar Mheiriceá le cúpla cluiche aon fhoireann a chur de dhroim seoil ar fad agus is i dtreo dheireadh na gcluichí is fearr atá imirt déanta ag an Ísiltír. Níor aimsigh siad an dá chúl i gcoinne na hIodáile sa chluiche ceathrú ceannais go dtí an 20 nóiméad deireanach agus is in am breise a d’aimsigh siad an cúl cinniúnach i gcoinne na Sualainne, cúl a thuill a n-áit sa chluiche ceannais seo dóibh. Ní haon tairbhe dóibh an tréimhse ama breise sin, áfach, agus lá breise ag na Meiriceánaigh chun fáil réidh don chluiche ceannais tráthnóna.

Tá gortuithe ag cur as d’imreoirí tábhachtacha ar an dá fhoireann. Níor thosaigh Megan Rapinoe, a bhfuil cúig chúl scóráilte aici do Mheiriceá go dtí seo sa chomórtas, sa chluiche leathcheannais in aghaidh Shasana. Rinne Christen Press go maith agus istigh in áit Rapinoe ach tá taithí iontach ag Rapinoe agus nuair a deir bainisteoir na foirne Jill Ellis go mbeidh sí ar fáil don chluiche ceannais, tis maith an seans go bhfeicfidh muid Rapinoe ag dul chun páirce.

Tá duine de laochra na hÍsiltíre ag streachailt chomh maith. Baineadh Lieke Martens den pháirc ag leath ama sa chluiche a bhuaigh siad i gcoinne na Sualainne agus ní fios fós an bhfuil sí tagtha chuici féin. Ní raibh Martens i mbarr a maitheasa go dtí seo sa chomórtas ach is buille damanta a bheadh ann mura mbeadh duine de shárimreoirí na foirne in ann imirt tráthnóna agus na hÍsiltírigh ag snámh in aghaidh easa mar a bhí siad ag iarraidh foireann láidir Mheiriceá a chloí.

Níor mhór don Ísiltír a bheith thar cionn ar fad inniu chun foireann Mheiriceá a bhualadh agus cé go bhfuil an cluiche ceannais bainte amach acu, ní fhéadfá rá go bhfacthas an sárchumas sin go dtí seo sa chomórtas. D’fhéadfadh sé tarlú go dtiocfaidh siad aniar aduaidh orainn ar fad ach faoi láthair is iad na Meiriceánaigh rogha láidir na n-údar.

Rogha Tuairisic.ie: Stáit Aontaithe Mheiriceá

Fág freagra ar 'An taithí agus an cumas ag na Meiriceánaigh chun an cluiche ceannais a thabhairt leo'