An taisteal in Éirinn lán daoine cneasta agus scéalta gan choinne

Cúrsaí aimsire a bhí faoi chaibidil ag ár gcolúnaí agus í ar thuras siar sa sneachta

An taisteal in Éirinn lán daoine cneasta agus scéalta gan choinne

Ar maidin a chuala mé an ‘yellow snow warning’. Cén sórt diabhal é an ‘yellow snow’ seo, a d’fhiafraigh cara ar Facebook? Ach choinnigh muid orainn lenár bpleananna taistil. Ag dul siar go Maigh Eo chun cuairt a thabhairt ar aintín linn a bhíomar.

Ach bhí an rabhadh buí ceart – bhí sneachta ar thalamh ard thart ar Bhealach a’ Doirín. Go deimhin fuaireamar teachtaireacht fóin ó bhean an tí lóistín ag tabhairt fógra faoin sneachta, agus í ag cur fainic orainn a bheith cúramach.

Sin rud a thaitníonn liom faoin taisteal in Éirinn – na daoine cneasta a bhíonn ag coinneáil súil ort, na rudaí a tharlaíonn gan choinne agus na daoine a chastar ort.

Go hiondúil stopann muid i mbaile an Longfoirt ar an turas siar.  Bhí custaiméir ina suí sa siopa bróg/caifé – duine a bhí tagtha isteach ón mbanc b’fhéidir le haghaidh cupán sciobtha sula n-imeodh sí abhaile, a mheas mé.

Bhí an aidhm chéanna agam féin ach mo léan, bheadh an cupán caife seo an-daor…

Saghas caifé/siopa faisin a bhí ann i lár an bhaile. Thriail mé féin péire buataisí orm. Bhíodar ar phraghas ‘íseal’ – dríodar mhargadh an ‘sale’. Ach gheall mé dom féin nach raibh uaim ach cupán caife.

‘Tá siad go hálainn – ba bhreá liom féin iad.’ Thosaigh an custaiméir eile – bean óg, ag cur comhairle orm. ‘Á, féach,’ a dúirt mé féin,  ‘níl mise ach á dtriail orm féin. Tóg thusa iad, más maith leat iad.’ (Ach tá mo chroí briste ina ndiaidh, a dúirt mé liom féin).

‘Ní féidir liom. Tá mé im’ chónaí san Astráil. Beidh mé ag filleadh amárach.

Ach tá na boots go hálainn – is breá liom an dath.’

Buataisí svaeide i ndath oráiste a bhí iontu. Níorbh fhéidir siúl rómhaith iontu ach níor chuir sin isteach ar an saineolaí faisin.

Bhí fonn cainte uirthi, shíl mé. Cailín Éireannach a bhí inti ach bheadh sí ag filleadh ar Melbourne, an áit a raibh cónaí uirthi anois, lá arna mhárach.

Melbourne – nach bhfuil aeráid iontach acu ansin – an  aimsir go hálainn an t-am seo bliana? Bhí fonn orm fanacht glan ar chúrsaí loscadh crainnte agus tithe – bhí barúil agam go mbeadh sí tinn tuirseach den ábhar sin.

‘Cén sórt oibre a bhíonn ar siúl agat?’  d’fhiafraigh mé féin di.

‘Oibrí sóisialta mé,’ a d’fhreagair sí.

‘Is dócha go bhfuil an obair sin sách deacair? Cé leis a mbíonn tú ag plé?’ arsa mise.

‘Ó scéalta éagsúla, bíonn an obair crua. Ní chuireann an rialtas dóthain airgid ar fáil.’

‘Agus an mbíonn aon bhaint agat leis na bundúchasaigh? An bhfuil siad ina gcónaí thart ar Melbourne?’ a dúirt mise.

‘Bíonn cuid mhaith baint agam leo,’ dúirt sí. ‘An ceathrú cuid (25%) de dhaoine atá incarcerated’ – an focal a d‘úsáid sí féin – ‘is bundúchasaigh iad.’

Ach níl sna bundúchasaigh ach 3% de phobal na hAstráile ar fad.

Bhí drochghiúmar ag teacht uirthi agus í ag smaoineamh ar an scéal seo. ‘Ní féidir an milleán a chur ar dhaoine a scartar óna gcuid tuismitheoirí agus iad ina bpáistí.’

‘Is dócha go bhfuilimid ag caint ar fhadhbanna alcóil is drugaí – an bhfuil?’ a d’fhiafraigh mé. D’aontaigh sí go raibh. Dúirt sí gur fadhb an-choitianta í seo i measc aon phobal atá ar an imeall, pobal nach dtugtar aon aitheantas bunreachtúil dá stádas.

Tá an rud céanna tarlaithe ar fud an domhain.

Chuaigh mé ag fiosrú ansin nuair a tháinig mé abhaile. Agus nach bhfuair mé amach go raibh na bundúchasaigh sa nuacht maidir leis an ábhar nár mhian liom a lua le mo chara nua – na tinte san Astráil.

Bhí go leor cainte le gairid faoin ‘loscadh’ nádúrtha a bhíodh ar bun ag chéad áitritheoirí na hAstráile agus iad ag iarraidh smacht a choinneáil ar chrainnte agus ar phlandaí.

Tá fianaise ann go bhfuil bundúchasaigh ina gcónaí san Astráil le thart ar 70,000 bliain.

Agus bhíodh traidisiúin éagsúla  acu a bhain le plandaí agus crainn a lasadh ar bhealach a bhí ‘faoi smacht’ nó ‘faoi stiúir.’

I dTuaisceart na hAstráile, is cosúil go bhfuil bainistiú na dtailte faoi stiúir na mbundúchasach agus cead acu tinte a lasadh – ní fheictear dóibh gur drochrud ann féin an loscadh talún. Go deimhin ba chuid dá dtuiscint ar an nádúr agus ar an timpeallacht a bhí sna tinte sin.

Measann siad – agus b’fhéidir go bhfuil an ceart acu – gur lú an seans go mbeidh tine mhór mhillteach ann – cosúil leis na tinte atá ag réabadh tríd an oirdheisceart le roinnt míonna – dá lasfaí tinte beaga anseo is ansiúd ar dtús and an talamh a dhó thall is abhus roimh ré.

Ach rud eile atá tarlaithe le blianta beaga anuas go bhfuil an crann ‘eocalaip’ féin scaipthe go forleathan ar fud na tíre. Ní haon iontas go dtugtar an ‘crann gásailín’ ar an gcrann sin toisc go bhfuil sé lán le hola atá éasca a lasadh.

Bhí uair ann nach mbíodh fáil ar an eocalaip ach amuigh sa bhfiántas ach anois tá íomhá sórt ‘náisiúnach’ aige agus tá foraoiseacha crainnte eocailipe ag fás in áiteanna atá gar do bhailte, gar do thithe, gar do chathracha agus chonaic muid le gairid an chontúirt a bhaineann leis sin.

Ach, i mbaile an Longfoirt, i gcaifé beag a dhíolann earraí faisin, bhí mo chomrádaí ag réiteach le himeacht. Ar imirce arís.

Bheadh sí ag filleadh ar thír na dtinte, tír na mbundúchasach nach bhfuil a gcearta aitheanta sa mBunreacht fós. (Tá geallúint tugtha go mbeidh reifreann ann i gceann cúpla bliain chun cearta na mbundúchasach agus cearta mhuintir Chaolas Oileán Torres a aithint sa mBunreacht.)

‘Ceannaigh na buataisí,’ a dúirt sí liom agus í ag dul an doras amach.

Bhí an chuma uirthi gurbh fhearr i bhfad léi fanacht sa mbaile sa Longfort.

Fág freagra ar 'An taisteal in Éirinn lán daoine cneasta agus scéalta gan choinne'

  • Fearn

    Dála ana scéil tá nath ag ár gComhGhaeil : “Bliadhna an t-sneachda bhuidhe “, go háirithe ag Gaeil Alba Nua.
    Geimhreadh fada is brí leis!