An taispeántas is fearr le fada an lá ag teastáil ó na Gaillimhigh

Beidh taispeántais den scoth ag teastáil ó Ghaillimh más leo coinneáil le sárfhoireann Luimnigh

An taispeántas is fearr le fada an lá ag teastáil ó na Gaillimhigh

Luimneach v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 3.30pm (Beo ar RTÉ)

Tá lucht tacaíochta na Gaillimhe ag dul go dtí Páirc an Chrócaigh inniu ag súil go n-éireoidh lena gcuid iománaithe a ndúshlán a thabhairt do Luimneach agus a chinntiú go mbeidh géarchoimhlint ann.

Bhuaigh Gaillimh ar Luimneach sa tsraith níos luaithe i mbliana agus ní raibh ach buille amháin den sliotar eatarthu sa dá chluiche craoibhe is deireanaí a d’imir siad. Luimneach a bhuaigh an péire sin, cluiche ceannais 2018 agus cluiche leathcheannais 2020. Mar sin féin, is deacair cás a dhéanamh do Ghaillimh bunaithe ar na taispeántais sin.

Ní raibh Luimneach ar fónamh i rith na sraithe. Níor bhuaigh siad ach an t-aon chluiche amháin agus b’in in aghaidh Uíbh Fhailí, ach is cosúil go bhfuil siad ar ais ar a seanléim faoin tráth seo. Ar ndóigh níor bhain foireann John Kiely a mbuaic amach i gCraobh na Mumhan agus b’fhéidir nach bhfuil siad ag an leibhéal a bhí le cúpla bliain anuas ach cuimhnigh go raibh Cian Lynch, Peter Casey agus imreoirí eile in easnamh orthu níos luaithe sa samhradh. In ainneoin sin a thug siad craobh an chúige leo.

Agus súil á caitheamh ar na torthaí craoibhe idir Gaillimh agus Luimneach, cheapfá go mbeadh na Connachtaigh in ann fanacht gob ar ghob le seaimpíní na hÉireann ach, i ndáiríre, ba cheart go mbeadh an dá chluiche sin buaite i bhfad níos éasca ag Luimneach. Lig siad Gaillimh ar ais sa chluiche ceannais in 2018, nuair nach raibh an taithí ag an bhfoireann atá acu anois, agus arís ba cheart go mbeadh siad i bhfad níos faide chun cinn i gcluiche 2020, cluiche inar chuir siad 16 iarracht amú. Bhí an mianach iontu an cluiche a bhaint nuair ba ghá, áfach.

Tá an bhearna idir na foirne méadaithe ó shin i leith. Tá slán fágtha ag Joe Canning le foireann na Gaillimhe agus a chailliúint le brath go mór. Tá na Luimnígh ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhuachan don tríú bliain as a chéile.

An cheist is mó a bheidh ann ó thaobh Luimnigh ná an mbeidh Cian Lynch nó Peter Casey ag imirt agus cén tionchar a bheidh aige sin ar an bhfoireann. Ceist eile ná cá mbeidh Kyle Hayes ag imirt. Chonacthas é sna lántosaithe agus sa líne leatosaithe i mbliana ach ní raibh an tionchar céanna aige ar an imirt agus a bhí nuair a bhíodh sé sa líne leathchúil. D’fhéadfadh go mbogfar siar arís é.

Taobh amuigh de sin, tá a fhios ag gach duine céard a dhéanfaidh Luimneach agus an córas atá in úsáid acu, ach ceist iomlán eile atá ann cén chaoi lena stopadh.

Thairis nach mór aon fhoireann eile sa tír, meastar go mbeidh Gaillimh in ann ag láidreacht Luimnigh ach is mór an chailliúint dóibh Gearóid McInerney. Ní hé McInerney an t-imreoir is ansa le lucht tacaíochta na Gaillimhe ach bheadh a neart ina bhuntáiste i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Tá sé soiléir go maith go bhfuil Gaillimh ag brath an iomarca ar Conor Whelan chun scóranna ón imirt a fháil. Beidh Seán Finn, an cosantóir is fearr sa tír, á mharcáil inniu, agus fágann sin go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh go dtabharfaidh a chomhghleacaithe sna tosaithe cúnamh do Whelan. Bhí Brian Concannon an-chiúin go dtí seo i mbliana, thuas seal is thíos seal a bhíonn Conor Cooney agus is minic go mbíonn Cathal Mannion rófhada ón gcúl chun dul i bhfeidhm ar an gcluiche, cé go raibh sé go maith sa chuid dheireanach den chluiche in aghaidh Chorcaí. Más le Gaillimh an lá a thabhairt leo inniu, beidh trí nó ceithre phointe ón imirt ag teastáil ó gach duine den triúr sin.

Ar an taobh eile, tá scata imreoirí ag Luimneach a d’fhéadfadh scrios a dhéanamh. Scóráil Séamus Flanagan ocht bpointe ón imirt in aghaidh an Chláir ach má choinnítear srian airsean inniu, is maith cinnte go ndéanfaidh Aaron Gillane nó Tom Morrissey nó Gearóid Hegarty nó fear éigin eile an beart.

Caithfidh Gaillimh cur orthu féin inniu agus an taispeántas is fearr atá tugtha acu le roinnt blianta a thabhairt más leo seans ar bith a bheith acu an cluiche seo a bhuachan. D’ainneoin a ndíchill, d’fhéadfadh nach n-éireoidh leo fathaigh Luimnigh a chloí.

Fág freagra ar 'An taispeántas is fearr le fada an lá ag teastáil ó na Gaillimhigh'