An taispeántas is fearr dár thug siad riamh ag teastáil ó Éirinn más fúthu an Fhrainc a dhíbirt

Cé go raibh foireann Martin O’Neill iontach in aghaidh na hIodáile ar an gCéadaoin, beidh taispeántas níos fearr fós ag teastáil má tá siad chun an fhoireann baile a dhíbirt as an gcomórtas tráthnóna

Robert Brady. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Robert Brady. Pictiúr: INPHO/James Crombie

An Fhrainc Éire

Agus ceann de na hoícheanta is iontaí i stair sacair na hÉireann againn ar an gCéadaoin, is é an dúshlán atá anois roimh fhoireann Phoblacht na hÉireann ná teacht chucu féin arís agus taispeántas níos fearr fós a thabhairt in aghaidh na Fraince.

Bhí gach imreoir a d’imir sa Staid Pierre-Mauroy ar fheabhas i gcoinne na hIodáile ach is cinnte gur bhain an cluiche cuid mhór astu agus toisc nach raibh acu ach briseadh ceithre lá, tá dúshlán mór eile rompu tráthnóna.

gur iontach an toradh a bhí ann ar an gCéadaoin, is beag suim a bhí ag na hIodálaigh sa chluiche sin. Scéal eile a bheidh ann inniu agus foireann Martin O’Neill ag tabhairt aghaidh ar fhoireann baile an chomórtais. Ní hamháin go bhfuil an buntáiste ag an bhFrainc ó thaobh chumas a gcuid imreoirí ach beidh i bhfad níos mó tacaíochta acu sa staid. Má cheap na hÉireannaigh go raibh sé dodhéanta cic pionóis a fháil in aghaidh na Beilge agus na hIodáile, gach seans go mbeidh sé níos deacra fós tráthnóna.

Ag breathnú ar thorthaí na Fraince, cé nach raibh siad i mbarr a maitheasa fós is cúis imní d’imreoirí Martin O’Neill go raibh siad fós in ann buanna a fháil. In aghaidh na Rómáine agus na hAlbáine, ní raibh ach cúpla nóiméad fágtha nuair a d’éirigh le foireann Didier Deschamps cúil chinniúnacha a scóráil. Beidh siad níos dainséaraí fós tráthnóna má thagann tuirse ar fhir na de bharr a gcuid iarrachtaí i rith na seachtaine.

Is í an cheist is mó atá ann ó thaobh fhoireann Phoblacht na hÉireann ná cad iad na hathruithe a dhéanfaidh Martin O’Neill ar an bhfoireann a sháraigh an Iodáil, nó an ndéanfaidh sé athrú ar bith?

Bhain O’Neill geit as daoine ar an gCéadaoin leis an bhfoireann a roghnaigh sé ach d’éirigh go maith le gach duine de na himreoirí a tháinig isteach. Bheadh O’Neill ag dul sa seans mura n-imreodh sé ach beirt i lár na páirce in aghaidh na Fraince, foireann atá an-láidir san ionad sin, ach bhí Jeff Hendrick agus James McCarthy ar fheabhas i Lille.

Seans nach mbeidh aon rogha ag O’Neill i gcás amháin agus Stephen Ward i mbaol an cluiche a chailleadh toisc go bhfuil gortú ag cur as dó. Má tharlaíonn sé sin, is mó seans go gcuirfear Robbie Brady siar mar lánchúlaí ach, i bhfianaise an taispeántais a thug sé in aghaidh na hIodáile, b’fhéidir go bhfágfadh O’Neill laoch Lille níos faide chun tosaigh agus go dtabharfadh sé Cyrus Christie, nó ionadaí eile, isteach in áit Ward.

Dea-scéal amháin atá ag O’Neill ná go raibh Jon Walters ar ais ag traenáil i rith na seachtaine. Níor imir fear Stoke City ó gortaíodh é sa chéad chluiche ach is mór an buntáiste a bheadh ann dá mbeadh teacht arís ar an imreoir fuinniúil a rinne gaiscí móra le linn na gcluichí cáilithe.

Agus seaimpíní Chorn an Domhain ó 2006 agus 2014 anois buailte ag Éirinn an séasúr seo, tá léirithe acu gur féidir leo na foirne is fearr a bhualadh. Seans, áfach, go bhfuil sé iomarcach a bheith ag súil go dtabharfaidís dhá thaispeántas den chaighdeán sin uathu in imeacht ceithre lá.

Rogha Tuairisc.ie: An Fhrainc

Fág freagra ar 'An taispeántas is fearr dár thug siad riamh ag teastáil ó Éirinn más fúthu an Fhrainc a dhíbirt'