An tairiscint comhlacht a dhíol le muintir Árann ar €1 caite in aer

Tá ‘díomá’ ar choiste cosanta aersheirbhís Árann faoin scéala go bhfuil deireadh curtha leis an bplé faoi Aer Arann a bhronnadh ar mhuintir na n-oileán

An tairiscint comhlacht a dhíol le muintir Árann ar €1 caite in aer

Cúis “díomá” é do choiste cosanta aersheirbhís Árann go bhfuil deireadh curtha leis an bpróiseas a bunaíodh chun go dtógfadh comharchumainn na n-oileán an comhlacht Aer Arann ar láimh.

I ráiteas ón gCoiste leis an tSeirbhís Aeir d’Árainn a Chosaint dúradh go raibh an tairiscint go mbronnfaí Aer Arann ar mhuintir na n-oileán ar aon euro amháin tarraingthe siar ag úinéir an chomhlachta, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh.

Dúradh sa ráiteas gur chuir an Seanadóir Ó Céidigh in iúl don Choiste go raibh an tairiscint tarraingthe siar toisc “socrú nua” a bheith déanta ag Aer Arann le Roinn na Gaeltachta. 

Tháinig Roinn na Gaeltachta agus Aer Arann ar réiteach maidir leis an tsáinn ina raibh an tseirbhís aeir ag deireadh na bliana seo caite agus bronnadh conradh sealadach ar Aer Arann chun seirbhís aeir a chur ar fáil do na hoileáin go dtí an 30 Meán Fómhair.

Roimhe sin, i mí na Samhna seo caite, tuairiscíodh go raibh tairiscint déanta ag úinéir Aer Arann, Pádraig Ó Céidigh, an comhlacht aeir a bhronnadh ar €1 ar chomharchumainn oileáin Árann.

Ba é tairiscint an tSeanadóra an casadh ba dhéanaí sa scéal a bhain leis an tsáinn ina raibh seirbhís aeir na n-oileán ó fógraíodh i mí an Mheithimh go mbeadh Aer Arann ag éirí aisti mí na Nollag seo caite.

Tuairiscíodh gur thairg úinéir Aer Arann do Roinn na Gaeltachta go mbronnfadh sé an comhlacht saor in aisce ar Chomharchumann Forbartha Árann, Comharchumann Inis Meáin agus Comhar Chaomháin Teo Inis Oírr sa chás go dtiocfaí ar réiteach ar sháinn na seirbhíse.

Chuaigh an coiste a bunaíodh chun an tseirbhís aeir a chosaint i mbun cainteanna le Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta faoin tacaíocht a theastódh ó na comharchumainn sa chás go dtógfaidís an comhlacht ar láimh.

Thug lucht an choiste le fios go raibh cainteanna tosaithe acu le hÚdarás na Gaeltachta maidir le hiasacht a fháil i scaireanna tosaíochta sa chomhlacht.

Dúradh i ráiteas an choiste gur cúis “díomá” dóibh go raibh “na socruithe” a bhí á bplé acu leis an Údarás “dhá gcur ar ceal anois acu”.

Bhí a raibh i ndán don tseirbhís idir dhá cheann na meá ó d’fhógair Aer Arann mí an Mheithimh seo caite go raibh fúthu éirí as ar an 6 Nollaig i bhfianaise easaontas le Roinn na Gaeltachta mar gheall ar théarmaí conartha.

Tháinig Roinn na Gaeltachta ar shocrú faoi dheireadh le Aer Arann maidir leis an tsáinn ina raibh an tseirbhís agus mar chuid den socrú sin fógraíodh go leanfadh an comhlacht lena sheirbhís aeir go dtí an 20 Nollaig.

Mar chuid den socrú céanna aontaíodh go mbeadh Aerfort na Mine ar fáil don tseirbhís aeir go dtí Meán Fómhair 2021 agus go gcuirfí tús le próiseas idirbheartaíochta faoi phlean na Roinne Aerfort na Mine a cheannach ón Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, úinéir an aerfoirt agus Aer Arann.

Ar an 21 Nollaig, bronnadh conradh sealadach ar Aer Arann an tseirbhís a chur ar fáil ar feadh naoi mí. Tá sé i gceist próiseas tairisceana eile á reáchtáil i mbliana do chonradh ceithre bliana.

Fág freagra ar 'An tairiscint comhlacht a dhíol le muintir Árann ar €1 caite in aer'