An tAire Tithíochta le cur i láthair a dhéanamh ar chúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht

Labhróidh an tAire faoi dhearcadh a Roinne i leith cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus na beartais atá i gceist ag an Roinn chun tabhairt faoi chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht mar chuid den chóras pleanála

An tAire Tithíochta le cur i láthair a dhéanamh ar chúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht

Labhróidh an tAire Tithíochta an tseachtain seo ar a bhfuil beartaithe ag an Rialtas do chúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht.

Tá an tAire Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien le labhairt ag seimineár de chuid Chonradh na Gaeilge amárach, Déardaoin an 22 Aibreán.

Labhróidh an tAire faoi dhearcadh a Roinne i leith cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus na beartais atá á nglacadh ag an Roinn chun tabhairt faoi chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht mar chuid den chóras pleanála.

Is é an tAire O’Brien a thabharfaidh aitheasc oscailte an tseimineáir, ina bpléifear cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Tá an ócáid á heagrú ag Conradh na Gaeilge chun deis a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus d’eagraíochtaí Gaeltachta a dtuairimí a chur in iúl i leith pholasaí pleanála an Chonartha.

D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge ‘Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht’ roimh na Nollag agus iad ag moladh go gcuirfí cur chuige nua i bhfeidhm maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht.

Ar cheann do mholtaí an Chonartha, moltar gur cheart gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht.

Déanfaidh an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh cur i láthair freisin mar chuid den seimineár ar chúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht agus na moltaí atá ullmhaithe ag Conradh na Gaeilge chun tabhairt faoi na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí.

Tá Mac Cárthaigh ag feidhmiú mar chomhairleoir dlí faoi láthair do Chomharchumann Ráth Chairn sa chás dlí atá á ghlacadh ag an gComharchumann in aghaidh chinneadh an Bhoird Pleanála cead pleanála a dheonú d’eastát tithíochta i Ráth Chairn.

Reáchtálfar seisiún plé chomh maith ar na gnéithe ar fad den chóras pleanála a bhfuil tionchar acu ar an nGaeltacht agus ar na céimeanna is gá a ghlacadh chun tabhairt faoin obair stocaireachta a bheidh de dhíth chun athruithe a bhaint amach.

“Is léir gur ag dul in olcas atá na fadhbanna sa Ghaeltacht maidir le ceist na pleanála tithíochta,” a deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer. “Tá fadhbanna ag teacht ar aghaidh bunaithe ar an ró-fhorbairt i gceantair áirithe agus an easpa forbartha i gceantair eile.

“D’fhéadfá a rá gurbh é seo ceann de na ceisteanna is mó atá ag déanamh dochar d’inmharthanacht phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht. Is í lomchlár na fírinne nach bhfuil an córas pleanála mar atá sé faoi láthair feiliúnach don Ghaeltacht. Is iomaí gné den chóras atá lochtach agus is é toradh na lochtanna sin ná go bhfuil glúin daoine óga de bhunadh na Gaeltachta nach bhfuil ar a gcumas suíomh nó teach a cheannach ina gceantar féin agus atá á mbrú amach ón Ghaeltacht. Toradh eile a bheidh air ná go mbeidh ceantair láidre Ghaeltachta scriosta ó thaobh na teanga de má ligtear le mórfhorbairtí tithíochta dul ar aghaidh iontu.”

Bhain conspóid le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht le tamall anuas agus cuid de mhuintir na Gaeltachta i Ráth Chairn agus sa Rinn go mór i gcoinne cead pleanála a thabhairt d’fhorbairtí tithíochta sna ceantair sin agus imní ann faoin tionchar a bheadh acu ar an nGaeilge. I gCiarraí, bunaíodh an grúpa ‘Todhchaí na Tuaithe’ chun aird a tharraingt ar chúrsaí cead pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath ar fad.

Deir Mairéad Ní Fhatharta, Cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge, a bheidh mar Chathaoirleach ar an Seimineár, nach bhfuil an córas pleanála reatha feiliúnach don Ghaeltacht

“Tá sé de cheart ag pobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar féin agus clann a thógáil ann mar a rinne a sinsear rompu. Seo buncheart atá á lorg ag pobal na Gaeltachta agus caithfidh ár Stát féin a aithint go bhfuil dochar á dhéanamh don Ghaeltacht agus go gcaithfear polasaithe nua a thabhairt isteach.

“Ní mór go mbeadh treoir chinnte sna polasaithe sin mar tá sé soiléir dúinn nach leor rialacháin a ndéantar neamhaird orthu ag leibhéal an Rialtais Áitiúil. Is léir an dochar a dhéanfar don Ghaeltacht agus don saibhreas agus an oidhreacht a bhaineann leis an nGaeltacht mura mbíonn athrú port ag an Stát. Ach tá tuiscint freisin ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge nach dtarlóidh aon athrú ar an scéal seo gan brú ón phobal.”

Is féidir freastal ar an seimineár, a bheidh ar siúil idir 10am-12pm amárach ag cnag.ie/gaeltacht.

Fág freagra ar 'An tAire Tithíochta le cur i láthair a dhéanamh ar chúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht'