Tá an tAire Oideachais Norma Foley le teacht os comhair coiste Oireachtais an mhí seo le plé a dhéanamh ar na cúrsaí Gaeilge nua atá le tabhairt isteach don Ardteist.
Meastar go gcuirfear brú ar an Aire ag an gcruinniú géilleadh gur chóir marcanna bónais a chur ar fáil do dhaltaí as an gcúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa a dhéanamh.
Beidh oifigigh ón Roinn Oideachais os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu agus beidh an tAire féin i láthair ag cruinniú den choiste faoi cheann coicíse.
Tá dhá chúrsa nua Gaeilge le tabhairt isteach don Ardteist – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann do scoileanna Béarla.
Ag cruinniú den choiste céanna i dtús na míosa seo, thug baill de chuid pháirtí an Aire teachtaireacht láidir di go mbeadh sé ‘craiceáilte’ cúrsa nua níos dúshlánaí a thabhairt isteach gan marcanna bónais.
Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as, ach tá diúltaithe ag an Aire Oideachais Norma Foley agus Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers aon tuairim a thabhairt faoin gceist go fóill.
Léirigh na Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív, Dara Calleary agus Aindrias Moynihan agus an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee tacaíocht láidir don éileamh ar mharcanna bónais don chúrsa níos dúshlánaí.
Dúirt an ceathrar ó Fhianna Fáil, an Seanadóir de chuid Fhine Gael Barry Ward agus Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go mb’fhearr leo féin múnla eile seachas múnla na Roinne Oideachais.
B’fhearr leo, a dúirt na polaiteoirí, go dtabharfaí isteach dhá chúrsa nua don Ghaeilge agus go mbeadh cead ag dalta an dá cheann a dhéanamh dá mba mhian leis.
Bheadh ceann de na cúrsaí seo le déanamh ag gach dalta agus bheadh sé dírithe ar labhairt na Gaeilge agus bheadh rogha ag daltaí an dara cúrsa a dhéanamh chomh maith, cúrsa a bheadh dírithe ar scríobh agus litríocht na teanga.
Meastar go gceisteofar oifigigh na Roinne agus an tAire freisin faoi cén fáth ar chaith a Roinn an moladh sin i dtraipisí sular foilsíodh na chéad sonraí faoi na cúrsaí nua níos luaithe i mbliana.
Tá ráite ag an Aire Oideachais go bhfuil bealaí chun daltaí a spreagadh chun an cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh á scrúdú ag a roinn ach meastar go bhfuil doicheall ann roimh mharcanna bónais.
Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl faoi láthair faoi mhúnla na Roinne Oideachais agus an NCCA – na sonraíochtaí T1 agus T2, mar a thugann siad orthu. Tá Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile ag iarraidh go gcuirfí siar an próiseas sin.
Tá saineolaithe ar an oideachas Gaeilge agus Gaeltachta ag éileamh le blianta fada go dtabharfaí isteach cúrsa breise don Ardteist a thabharfadh aird ar riachtanais an chainteora dúchais.
Ach tá imní ar roinnt saineolaithe faoi ghnéithe de na cúrsaí nua, nó na sonraíochtaí T1 agus T2 mar a thugann an Roinn Oideachais orthu.
Bhí iontas ar roinnt daoine faoina chosúla lena chéile is a bhí cur chuige an dá shiollabas a fógraíodh mí Feabhra agus d’fhéadfadh go gceisteofaí an tAire Foley faoin ngné sin den scéal chomh maith.
Tá an bhéim chéanna ar an gcumarsáid sa dá chúrsa agus 35% den mharc iomlán le cur ar leataobh don scrúdú cainte sa dá cheann
Maidir le cúrsaí litríochta, is beag difríocht idir líon na dtéacsanna a bheidh le staidéar ag an dalta líofa agus an dalta eile.
Trí dhán bhreise le file ainmnithe a bheidh le déanamh ag an dalta a roghnódh an scrúdú níos dúshlánaí. 20% don litríocht atá molta don dá chúrsa. Mar a chéile atá na marcanna roinnte amach idir léamh, labhairt agus scríobh na Gaeilge don dá chúrsa.
Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ag an gcruinniú ag tús na míosa seo gur léir nach raibh “mórán eolais faoi dhaoine óga ná faoin ardteist” ag “cibé duine a smaoinigh” ar chur chuige na Roinne i leith na gcúrsaí nua.
Baineadh “stangadh” as, dúirt Ó Cuív, nuair a chuala sé an smaoineamh go bhféadfaí cúrsa níos dúshlánaí a thabhairt isteach do chainteoirí líofa gan an dúshlán breise sin a chúiteamh leo.
Bhí a leithéid de phlean chomh “craiceáilte” a dúirt sé agus a bheadh sé an luach saothair céanna a bheith ag imreoir iomána nó peile as cúl nó cúilín a scóráil.
Tá ráite ag Conradh na Gaeilge go ndéanfar “ceap magaidh” den oideachas Gaeltachta má leantar ar aghaidh le cúrsa Gaeilge Ardteiste nua a thabhairt isteach gan marcanna bónais a bheith ag dul leis
Tiocfaidh an tAire Oideachais os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an 30 Meitheamh, mar a ndéanfar plé chomh maith ar chaighdeán Gaeilge na múinteoirí nua-oilte.
Eimear
Níl caighdeán Gaeilge mhúinteoirí nua cháilithe sásúil. Leagtar an bhéim sa 3adh leibhéal anois ar an teicneolaíocht..IPADS, AIP & rl. Cé atá ag déanamh monatóireacht ar chaighdeán Gaeilge lucht an 3adh leibhéal atá ag teagasc múinteoirí nua oilte? Tá géarchéim ann ag an 3adh leibhéal agus cúlú á dhéanamh ar an ndul chun cinn atá déanta ag scoláirí i go leor scoileanna 2ra leibhéal sa teanga. Caithfear a dhul i ngleic leis seo.
antóin
Go bhfóire Dia ar an dream atá i gceannas ar leagan amach an chláir ama sna scoileanna má thugtar dhá chúrsa éagsúla isteach agus má roghnaíonn daltaí an dá chúrsa a dhéanamh.
Seán Ó hAodha
Toisc gur scéal casta é an bónas ar éigean a bhfuil plé ar bith sna meáin faoin gcúrsa fhéin.
40 dán le 8 file sa gcúrsa Bhéarla
8 amhrán/ dán atá sa gcúrsa nua TI Ardteiste don Ghaeilge.
Tá dhá gearrscéal mar aonad amháin agus bailúcháin gearrscéalta mar aonad eile.
Nach bhféadfadh aonad breise ar an gcaoi céanna a bheith ann san AT T1 don fhilíoct agus na hamhráin?
Dhéanfadh sé sin cinnte go mbeadh deis ag múinteoirí go bhfuil grá acu don fhilíocht agus dos na hamhráin an grá sin a roinnt lena ndaltaí.