An Taibhdhearc Óg – Campa drámaíochta samhraidh á reáchtáil ag amharclann náisiúnta na Gaeilge

Deir Aodh Ó Coileáin, cathaoirleach Bhord na Taibhdheirce gur maith an t-ullmhúchán a bheas sa champa drámaíochta do dhaoine óga a mbeadh spéis acu a bheith páirteach i ngeamaireacht na Taibhdheirce

An Taibhdhearc Óg – Campa drámaíochta samhraidh á reáchtáil ag amharclann náisiúnta na Gaeilge

Beidh campa samhraidh drámaíochta atá dírithe ar dhaoine óga idir 8 agus 12 bliain á reáchtáil ag an Taibhdhearc i nGaillimh ag tús na míosa seo chugainn.

Deirtear gur deis í seo d’aisteoirí óga ar mian leo cur lena scileanna aisteoireachta agus puipéadóireachta, spraoi a bheith acu trí mheán na Gaeilge, agus tuilleadh muiníne a fhorbairt ar an stáitse.

Dúirt Aodh Ó Coileáin, cathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce gur maith an t-ullmhúchán a bheas sa champa drámaíochta do dhaoine óga a mbeadh spéis acu a bheith páirteach i ngeamaireacht na Taibhdheirce.

‘Tá craic iontach ag baint leis an stáitse agus an drámaíocht, is ann a thosaigh mise! Aithnítear an drámaíocht mar bhealach éifeachtach chun cumas intleachtach agus fisiciúil an duine óig a fhorbairt.

“Cothaíonn an amharclannaíocht féinmhuinín agus teacht i láthair agus ar ndóigh, cabhraíonn sí le cumas Gaeilge na rannpháirtithe,” a dúirt Ó Coileáin.

Beidh campa samhraidh ‘An Taibhdhearc Óg’ ar siúl i nGaelscoil Dara, An Rinn Mhór, Gaillimh idir an 2 agus an 13 Iúil, 2018, agus cosnóidh sé €75.00 an páiste.

An teagascóir agus an t-aisteoir Cillian Ó Donnchadha agus James Riordan, fear a bhfuil oiliúint aige san amharclannaíocht fhisiciúil, a bheas i mbun na gceardlann.

Fág freagra ar 'An Taibhdhearc Óg – Campa drámaíochta samhraidh á reáchtáil ag amharclann náisiúnta na Gaeilge'