An Taibhdhearc ag athrú treo agus deis ann an amharclann a ghlacadh ar láimh

Deir Cathaoirleach Bhord ‘An Taibhdhearc’, Aodh Ó Coileáin, gur ‘caibidil nua’ a bheas anseo d’Amharclann Náisiúnta na Gaeilge

An Taibhdhearc ag athrú treo agus deis ann an amharclann a ghlacadh ar láimh

Cuirfidh An Taibhdhearc tús le próiseas tairisceana go luath a thabharfaidh deis do chompántas drámaíochta Gaeilge, stiúrthóir ealaíon nó léiritheoir an amharclann a thógáil ar láimh.

Is faoin chompántas drámaíochta, an stiúrthóir ealaíon nó an léiritheoir a mbeidh an rath sa phróiseas tairisceana clár ealaíona Gaeilge na hamharclainne a leagan amach agus a chur i bhfeidhm, an amharclann a bhainistiú agus a ligean ar cíos le grúpaí drámaíochta, ceoil agus eile.

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chuirfidh maoiniú bliantúil ar fáil agus mairfidh an conradh trí bliana.

Deir Cathaoirleach Bhord na hamharclainne, Aodh Ó Coileáin, gur “caibidil nua” a bheas ann d’Amharclann Náisiúnta na Gaeilge .

“Cuirfidh an beartas nua seo tús le caibidil nua agus an amharclann ag déanamh ar chéad bliain a bunaithe in 2028.

“Tabharfaidh sé deis chomh maith do dhrámaíocht na Gaeilge sineirge nua a bhaint amach i ré seo na páirtíochta agus an chomhléirithe.”

Iarrtar ar dhaoine ar suim leo cur isteach ar an chonradh aird a thabhairt ar mhisean An Taibhdhearc, is é sin  ‘ardán a thabhairt do dhrámaíocht na Gaeilge, tacú le dul chun cinn na drámaíochta go náisiúnta agus glúin nua de dhrámadóirí Gaeilge a fhorbairt’.

Is mar chuid de mhúnla nua agus de phlean oibre ‘uaillmhianach’ do na blianta amach romhainn atá an conradh seo á thairiscint ag An Taibhdhearc.

Beidh gach eolas faoin phróiseas tairisceana á fhoilsiú ar shuíomh na hamharclainne ar an 11 Samhain.

Fág freagra ar 'An Taibhdhearc ag athrú treo agus deis ann an amharclann a ghlacadh ar láimh'