An tábhachtaí le cuid mhór de phobal na hÉireann an stair ná fadhbanna a réiteach?

Tá Sinn Féin láidir i measc daoine óga, ach is léir go bhfuil bac rompu i measc na meánaicme i gcoitinne agus i measc daoine atá níos aosta

An tábhachtaí le cuid mhór de phobal na hÉireann an stair ná fadhbanna a réiteach?

Níl ach dhá mhíniú ar an gcúis nach mbainfidh Fianna Fáil leas as scéal Denis Naughten chun olltoghchán a bhrostú.

Uimhir a haon, má thiteann an rialtas roimh an Reifreann ní fhéadfaí an reifreann a reáchtáil, agus ní theastaíonn ó aon pháirtí go dtarlódh sin.

Agus uimhir a dó, léiríonn na pobalbhreitheanna is déanaí arís eile go bhfuil Fianna Fail cúig phointe taobh thiar d’Fhine Gael agus gurb é an rud is fearr a d’fhéadfadh Fianna Fáil a bheith ag súil leis faoi láthair ná go mbeadh a dtacaíocht ag teastáil arís chun Fine Gael a choinneáil in oifig.

É sin, ar ndóigh, nó aghaidh a thabhairt go doicheallach ar iarracht a dhéanamh comhrialtas a bhunú le Sinn Féin.

Ach ní féidir toghchán a sheachaint rófhada eile, go háirithe nuair a bheas an Buiséad imithe tríd an Dáil.

I ndáiríre, is í an cheist is mó ná cén chaoi a mbíonn an dá mhórpháirtí seo an oiread sin chun tosaigh sna pobalbhreitheanna nuair nach bhfuil aon réiteach acu ar aon cheann de na mórfhadhbanna atá againn – tithíocht, cúrsaí sláinte, comhionannas pá –agus nuair is ag dul in olcas atá na fadhbanna sin i gcónaí.

Tá tacaíocht na neamhspleách agus na mionpháirtithe ag dul i laghad, rud a chabhraíonn le Fine Gael/Fianna Fáil, agus níl ann ach Sinn Féin mar fhreasúra agus mar rogha stuama.

Tá Sinn Féin láidir i measc daoine óga, ach is léir go bhfuil bac ina gcoinne i measc na meánaicme i gcoitinne agus i measc daoine atá níos aosta.

Níl aon amhras ach go bhfuil slám mór daoine ann nár aontaigh leis an gcomhrac armtha ó thuaidh is nach bhfuil sásta cuimhne na n-eachtraí sin a ligean i léig.

Mar sin féin, ní mar sin a bhí an scéal i gcónaí. Cuimhnigh gurbh iad gnáthmhuintir Bhaile Átha Cliath a dhóigh ambasáid na Breataine go talamh tar éis Dhomhnach na Fola.

Ar ndóigh, ní raibh an bhá chéanna acu i dtaobh na buamála gan aird a scrios Béal Feirste, go háirithe.

D’athraigh na heachtraí sin an scéal ar fad agus tuiscint daoine ar an scéal, fad is a bhain sé le móramh an phobail. Thug sé sin deis dóibh siúd ar theastaigh uathu dearmad a dhéanamh ar an Tuaisceart a gclár athbhreithnitheach a chur chun tosaigh.

Bhí mé féin ar na daoine nár aontaigh leis an streachailt armtha ag an am ar an údar nach raibh an tacaíocht pholaitiúil ann, ach amháin b’fhéidir i mBéal Feirste féin, a thabharfadh bua dá bharr.

Ach ní ceist mhoráltachta a bhí ansin. Bhí an ceart céanna acu siúd a d’fhulaing éagóir an Tuaiscirt troid mhíleata a dhéanamh in aghaidh chur faoi chois na Sasanach is a bhí ag Afracaigh san Afraic Theas, ag Vítneamaigh i Vítneam, ag Palaistínigh sa bPalaistín – agus ag na glúnta romhainn in Éirinn le linn chogadh na saoirse.

Ach chreidfeá ó bheith ag éisteacht leis an mbunaíocht i saol na polaitíochta agus na hiriseoireachta gurbh iad na hAontachtaigh bhochta a ionsaíodh gan chúis! Ní Poblachtánaigh, ámh, a chruthaigh leithcheal fostaíochta, a shéan cearta vótála ar dhaoine, a bhrúigh seirbhís dian póilíneachta ar an bpobal nár aontaigh leis an stát.

Bhí an ceart ann troid ina choinne sin, ach cén chaoi leis an troid a dhéanamh?

Chonaic Gerry Adams go raibh gá le bealach eile a aimsiú agus thug sé an ghluaiseacht ar fad nach mór leis. Ba chóir dúinn uilig a bheith buíoch de as sin.

Ach táthar ann nach dteastaíonn uathu go mbeadh leis an gcogadh, a bhíonn i gcónaí ag iarraidh leas polaitiúil a bhaint as, agus a bhíonn ag iarraidh díoltas a bhaint amach do dhream a bhí ar thaobh amháin den chath agus dearmad a dhéanamh ar an taobh eile.

Ó thaobh na síochána de, caithfimid an scéal seo a chur taobh thiar dínn ar fad. Ní cóir duine ar bith a chur chun príosún mar gheall ar ar tharla, cé gur chóir go mbeadh a fhios ag daoine a d’fhulaing cén eagraíocht, an tIRA nó fórsaí oifigiúla na Breataine, a bhí taobh thiar den chailliúint a ghoilleann orthusan.

Próiseas fírinne is athmhuintearais atá ag teastáil, ní próiseas díoltais a choinníonn an cogadh ag imeacht.

Maidir le Sinn Féin, is cóir iad a mheas i dtéarmaí na polaitíochta agus vótaí a thabhairt dóibh nó gan vótaí a thabhairt dóibh ar bhonn a gcuid polasaithe maidir le tithíocht, sláinte, neamhspleáchas is athaontú na tíre.

Feictear dom go dtuigeann an t-aos óg an méad sin. Ach níl aon mhíniú eile agam ar an rath atá ar Fhine Gael/Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna seachas gur tábhachtaí le cuid mhór de lucht vótála na tíre an stair ná fadhbanna a réiteach.

Fág freagra ar 'An tábhachtaí le cuid mhór de phobal na hÉireann an stair ná fadhbanna a réiteach?'

  • E. Ó Buaidh

    Alt suimiúil. Aontaím go háirithe leis an méid buíochais atá orainn le Gerry Adams, Martin McGuinness, agus aisteoirí eile i Sinn Féin ar éirigh leo an comhrac armtha a chur ar leathtaobh dúinn uilig, le cuidiú John Hume. Ceiliúríodh Comhaontas Aoine na Céasta go hoifigiuil ó thuaidh ar na mallaibh gan iad agus ábhar náire é sin do na daoine mór le rá a bhí ann. Is fírinne shearbh iad Sinn Féin do na morálaithe sna meánaicmí