An t-oiliúnaí is fearr ar domhan ligthe uainn againn…

Thug ár gcolúnaí suntas do ghnéithe éasgúla den díospóireacht faoin scéal go bhfuil Billy Walsh ag tabhairt aghaidh ar na Stáit Aontaithe…

Billy Walsh Departs for America, Dublin Airport 22/10/2015 Former Ireland Boxing Head coach Billy Walsh makes his way through departures in Dublin Airport Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
Billy Walsh. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá sé ar cheann de na raiceanna is mó a tarraingíodh riamh i spórt na hÉireann, ach ainneoin go ndeir Billy Walsh féin go bhfuil sé ar bun le hocht mí (i bhfad níos faide ná sin, a deir daoine eile), is deacair a dhéanamh amach céard go hiomlán is bun leis.

An t-aon aontú atá ar fáil agus mé i mbun pinn nach bhfuil aon bhaint ag airgead leis an scéal – dá mbeadh, is é, is dócha, go mb’fhurasta é a leigheas!

It was never really about money” a dúirt Walsh féin le RTÉ. “It’s about having the dignity and respect to do your job and the autonomy to run the programme as I saw fit and that has been sort of slowly dismantled in the past year or so.”

‘Sé an ‘autonomy’ seo croí na ceiste, is cosúil. Nuair a iarann tú ar  fhoclóir Béarla é a mhíniú duit, luaitear ‘freedom’ agus ‘independece’ luath go maith sa liosta. Nuair a théann tú ar thóir aistriúcháin ‘féinriail’, is túisce a chaitheann de Bhaldraithe chugat. B’fhéidir gurb é an méid sin is mó a thugann soiléiriú ar chúis an chatha, mar gur mór atá idir an bhrí a d’fhéadfá a bhaint as na trí mhíniú éagsúla ar an bhfocal céanna.

D’fhág an doiléireacht ar fad go mba ag léamh idir na línte a chaith muid an chuid ba thúisce den tseachtain seo caite mar go raibh an beagán daoine a labhair amach thar a bheith cúramach faoin méid a dúradar. Sin nó gur thosaigh Kieran Mulvey ag bualadh an bhoird ar an gclár Prime Time agus arís ag an gCoiste Dála a dheimhnigh a phost mar chathaoirleach ar Chomhairle Spóirt na hÉireann Dé Céadaoin.

Sin fear a bhfuil ar a chumas míniú níos soiléire ná aon fhoclóir a thabhairt ar céard is brí leis an ‘autonomy’ seo, mar go bhfuil a eagraíocht i mbun idirbheartaíochta le Cumann Dornálaíochta na hÉireann faoin scéal le tamall fada anois agus, más fíor scéal, gur chuireadar tuilleadh airgid ar fáil a cheadaigh tuarastal don Bhreathnach a bhí ag dul le stádas a phoist mar Stiúrthóir Ardghníomhaíochta.

Bhí an Chomhairle Spóirt freisin lárnach sna comhráití a bhí ar bun d’fhonn an t-aighneas a réiteach agus iad thar a bheith míshásta nár cuireadh foirmle-réitigh a tháinig uathu faoi bhráid Coiste Náisiúnta an Chomhairle Dornálaíochta i mí Lúnasa seo caite.

Thuigfeá go maith cén fáth a bhfuil cuid mhaith de na daoine eile atá eolach ar an scéal thar a bheith cúramach sa méid atá siad sásta a rá – nó an méid nach bhfuil siad sásta a rá.

Ag labhairt dó ar TG4, thagair Iar-Uachtarán an Chumainn Dornálaíochta, Breandán Ó Conaire, do chnámh spairne amháin atá luaite leis an aighneas – gur ag Billy Walsh amháin a bheadh an chumhacht foirne idirnáisiúnta na tíre a roghnú. Mhínigh Ó Conaire go mba ag an bpríomhthraenálaí agus ag Coiste Náisiúnta an IABA eatarthu a bhí an chumhacht sin go tradisiúnta.

Ar an gclár Liveline, dúirt Mick Dowling, dornálaí agus oiliúnaí den scoth, gur tharla sé uaireanta gur cuireadh athraithe ar fhoirne a bhí roghnaithe ag Walsh in aghaidh a thola.

Tá glór Dowling ar cheann de na cinn is meáite san argóint seo ar fad ina bhfuil tromlach mór an phobail den tuairim gur ar Billy Walsh atá an ceart go hiomlán agus gur cúis náire don IABA an bealach a bhfuil siadsan ag láimhseáil an scéil.

Rud amháin a bhfuil mé ag déanamh iontais ina thaobh is ea go bhfuil pobal dornálaíochta na hÉireann thar a bheith ciúin ar fad faoin scéal, cé is móite díobh siúd ar nós leo a dtuairimí a roinnt ar na meáin shoisialta nó le Joe Duffy, agus níl aon chinnteacht ann go bhfuil baint dhíreach ar bith ag a mbunáite siúd le cúrsaí dornálaíochta.

Baill ghníomhacha an IABA atá i gceist agamsa – na dornálaíthe, na hoifigí, na baill de na 340 cumann atá sa tír; iad siúd atá gníomhach sna 32 Bord Contae atá san eagraíocht; oifigí na 6 Chomhairle Cúige (tá cinn dá gcuid féin ag Bleá Cliath agus ag Aontroim siocair a bhfuil de chlubanna iontu). Cén bharúil atá acu sin de a bhfuil tarlaithe nó an dtagann siad lena bhfuil socruithe ag na daoine atá tofa acu sna hoifigí is airde ina n-eagraíocht?

Is deacair a chreidiúint gur beag atá cloiste againn uathu – sin má labhair siad ar chor ar bith.

Cuirfidh mise geall leatsa dá mbeadh Brian Cody agus Coiste an Chontae i gCill Chainnigh in árach a chéile maidir le roghnú foirne nó dá dtabharfadh an bainisteoir cúpla leid go rabhthas ag seasamh ar mhéaracha air, nach ina dtost a bheadh na baill i bhfochumainn CLG an chontae sin, ná in aon chontae eile ina dtitfeadh a leithéid amach.

Is dóigh go bhféadfadh sé a bheith fíor go bhfuil cosmhuintir na dornálaíochta ar fad ar aon intinn leis an IABA, ach ar ar bhealach eicínt, ní chreidim sin.

Bhuaigh Michael Carruth bonn óir i mBarcelona i 1992 (tá sé ag obair anois mar oifigeach forbartha leis an IABA) agus rinne Philip Sutcliffe iomaíocht i gCluichí Oilimpeacha Moscó agus Los Angeles. Dúirt siadsan beirt le linn na seachtaine go raibh an-aiféala orthu gur fhág an t-aighneas go raibh Billy Walsh ag tabhairt aghaidh ar na Stáit Aontaithe anois le dul i mbun oibre le foireann ban na tíre sin. Ach, a deir siad, tá neart oiliúnaithe den chaighdeán is airde fanta in Éirinn i gconaí.

Tá an ceart acu, ach faraor, freisin, an ceart ag Mulvey, a deir go bhfuil an t-oiliúnaí is fearr ar domhan ligthe uainn againn.

Fág freagra ar 'An t-oiliúnaí is fearr ar domhan ligthe uainn againn…'